Coimeádann Príomh-Oifig na hArd-Chúirte clár breithiúnais airgeadaíochta a fuarthas san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda agus sa Chúirt Dúiche.

Coimeádann Príomh-Oifig na hArd-Chúirte clár breithiúnais airgeadaíochta a fuarthas san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda agus sa Chúirt Dúiche.  Is féidir an clár seo a chuardach ach dleacht stampála chúirte. a íoc.

Ní iontráiltear breithiúnais ar an gclár go huathoibríoch. Ní mór duit iarratas a chur faoi bhráid na Príomh-Oifige chun breithiúnas a chlárú.

Breithiúnas Ard-Chúirte a Chlárú

  • Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:
  • Meamram Clárú Breithiúnais arna stampáil le dleacht chúirte – €25.00 faoi láthair
  • Teastas Cláraithe Breithiúnais.


Breithiúnas Cúirt Chuarda nó Cúirt Dúiche a chlárú

  • Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:
  • Meamram Clárú Breithiúnais arna stampáil le dleacht chúirte agus arna shíniú ag an gcláraitheoir contae/cléireach cúirte cuí
  • Teastas Cláraithe Breithiúnais.


Bronnadh de chuid an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta a chlárú

  • Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:
  • Bronnadh de chuid an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
  • Meamram Clárú Breithiúnais arna stampáil le dleacht chúirte – €25.00 faoi láthair
  • Teastas Cláraithe Breithiúnais.