Coimeádann Príomh-Oifig na hArd-Chúirte clár breithiúnais airgeadaíochta a fuarthas san Ard-Chúirt, sa Chúirt Chuarda agus sa Chúirt Dúiche. Is féidir an clár seo a chuardach ach dleacht stampála chúirte. a íoc.
Ní iontráiltear breithiúnais ar an gclár go huathoibríoch. Ní mór duit iarratas a chur faoi bhráid na Príomh-Oifige chun breithiúnas a chlárú.
Breithiúnas Ard-Chúirte a Chlárú
- Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:
- Meamram Clárú Breithiúnais arna stampáil le dleacht chúirte – €25.00 faoi láthair
- Teastas Cláraithe Breithiúnais.
Breithiúnas Cúirt Chuarda nó Cúirt Dúiche a chlárú
- Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:
- Meamram Clárú Breithiúnais arna stampáil le dleacht chúirte agus arna shíniú ag an gcláraitheoir contae/cléireach cúirte cuí
- Teastas Cláraithe Breithiúnais.
Bronnadh de chuid an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta a chlárú
- Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:
- Bronnadh de chuid an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
- Meamram Clárú Breithiúnais arna stampáil le dleacht chúirte – €25.00 faoi láthair
- Teastas Cláraithe Breithiúnais.