Oifig Breithneoirí Costas Dlíthiúil na hArd-Chúirte a chionníonn Clár Cinntí Breithneoirí Costais Dlíthiúla ar líne. Tá sonraí ann faoi Iarratais ar Bhreithniú Costais Dlí agus na cúiseanna le Cinntí.

Tá Clár Cinntí Breithneoirí Costas Dlíthiúil ar fáil saor in aisce don phobal i gcoitinne agus d’úsáideoirí cláraithe CSOL.

>>  Cliceáil Anseo <<

Chun cuardach a dhéanamh ar Chlár Cinntí Breithneoirí Costais Dlíthiúla

De réir fheidhm chuardaigh an Chláir is féidir cuardach a dhéanamh trí na paraiméadair seo a leanas a úsáid:

  •   Dáta Iarratais
  •   Ainmneacha Páirtithe
  •   Uimhir Taifid na nImeachtaí Gaolmhara
  •   Teideal na nImeachtaí Gaolmhara
  •   Dáta an Chinnidh

Is féidir leat cuardach a dhéanamh trí cheann de na paraiméadair thuas a úsáid nó trí mheascán de na paraiméadair seo a úsáid.

Dá mhéad paraiméadar cuardaigh a úsáidtear i gcuardach is ea is cúinge fócas an chuardaigh. Ní thaispeánfar ach taifid Cinntí a oireann do na critéir bheachta seo.

Cliceáil ar an gCnaipe Search Now ar thaobh na láimhe deise den scáileán ionchur paraiméadar cuardaigh. Taispeánfar aon Chinneadh/ Chinntí a oireann do na paraiméadair ionchuir.

Cliceáil ar an deilbhín fairsingithe green plus disc chun sonraí breise a bhaineann leis an gcás a fheiceáil. Déanfaidh sé seo an taispeáint a leathnú. Chun é seo a dhúnadh cliceáil ar an deilbhín red minus disc

Cliceáil ar an deilbhín PDF chun Fáthanna le Cinneadh faoin iarratas ar Bhreithiúnas ar Chostais Dhlíthiúla a íoslódáil agus a fheiceáil.

Cliceáil ar Received faoi fhearann Stádas na nDoiciméad Réamhriachtanach ar an gclár chun liosta doiciméad a comhdaíodh i ndáil leis an iarratas agus a ndáta a fuarthas a fheiceáil.

Cliceáil ar an gCnaipe Clear Filters ar thaobh na láimhe deise den scáileán sula ndéantar cuardach ina dhiaidh sin.