Faigh amach cad is gá duit a bheith ar eolas agat faoina bheith sa Chúirt.

Sa Chúirt

Sa Chúirt

1. Liosta Bainistíocht Cásanna.
Tionóltar an Liosta Bainistíocht Cásanna le linn an téarma i gCúirt 16, Na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla (CCJ). Is éisteacht ghearr í chun tairiscintí agus iarratais leis an gcúirt a éisteacht.

2. Cúnamh Dlí i nDlísheomraí.
Tarlaíonn Cúnamh Dlí i nDlísheomraí ó am go chéile Dé hAoine roimh bhainistíocht Cásanna i gCúirt 16, Na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla (CCJ). Liostaítear iarratais ar Chúnamh Dlí i ndlísheomraí mar ar deonaíodh Cúnamh Dlí sa chúirt Trialach agus is ionann na haturnaetha ar taifead agus iad sin sa triail. Uachtarán na Cúirte i nDlísheomraí a mheasann iarratais agus ní gá a bheith i láthair. Oifig na Cúirte a chuireann an toradh in iúl do na páirtithe.

3. Liosta Socraithe Dátaí.
Tionóltar an Liosta Socraithe Dátaí uair amháin in aghaidh an Téarma Dlí. Liostaítear gnóthaí sa Liosta Socraithe Dátaí a luaithe a bhíonn siad réidh le liostú i gcomhair éisteachta. Iontráiltear achomhairc ar an Liosta Socraithe Dátaí nuair a fhaightear aighneachtaí an pháirtí tionscanta. Foilseofar Liosta na gcásanna seo ar an Dialann Dlí in am is i dtráth agus cuirfear cásanna leis an Liosta de réir mar a chuirfear isteach aighneachtaí an pháirtí tionscanta. Ar chúiseanna riaracháin, dúntar an Liosta an Chéadaoin roimhe ar 1pm.

4. Glaoch.
Ach amháin go sainítear a mhalairt ar an Dialann Dlí, is ar 10:30am a bhíonn glaoch cásanna a liostaítear i gcomhair éisteachta ar aon lá ar leith.

5. Éisteacht an achomhairc.
Éisteann an chúirt achomhairc gach lá le linn théarma na cúirte. Triúr breithiúna a éisteann gach achomharc. Léann siad na páipéir agus aighneachtaí roimh an éisteacht. Ansin, déanann na páirtithe aighneachtaí ó bhéal leis an gcúirt trí thagairt do na páipéir agus na haighneachtaí sin. Ag deireadh na héisteachta, tabharfaidh na breithiúna breithiúnas ag an tráth sin (ar a dtugtar breithiúnas ‘ex tempore’) nó tráth níos déanaí (ar a dtugtar breithiúnas ‘forchoimeádta'). Nuair a fhorchoimeádtar breithiúnas, cuirfidh Oifig na Cúirte Achomhairc in iúl do na páirtithe in am is i dtráth cén dáta ar a dtabharfaidh na breithiúna breithiúnas.