I ndiaidh cur isteach aighneachtaí, is féidir an t-achomharc a iontráil sa chéad Liosta Socraithe Dátaí eile chun go sannfar dáta éisteachta ina leith.

Aighneachtaí

Aighneachtaí

Ní mór cúig chóip chrua a chur faoi bhráid Oifig na Cúirte Achomhairc.

Ní mór na hAighneachtaí:

  1. a bheith roinnte ina leathanaigh,
  2. teideal ceart an cháis a aithris,
  3. an Uimhir Bhille cheart agus Tagairt Achomhairc a aithris,
  4. an teideal 'Aighneachtaí' a bheith orthu,
  5. más abhcóide a dhréachtaigh, a (h)ainm a bheith ag an deireadh.

Ní mór cóip a sheirbheáil ar an DPP.

Ní mór fosta cóip bhog de na haighneachtaí, i bhformáid Word a sheoladh de r-phost chuig oifig na cúirte ag: 
courtofappealcriminal@courts.ie 

Ní mór gur ionann an Foras a bhfuiltear ag brath air sna hAighneachtaí agus iad siúd dá dtagraítear san Fhógra Achomhairc, ach amháin má tá foras breise/leasaithe ceadaithe ag an gCúirt.

Nuair a bhaineann achomharc le pianbhreith chomh maith le ciontú, iarrtar ar chleachtóirí a chinntiú go bpléitear sna haighneachtaí leis an dá ghné den achomharc. Le héifeacht ó théarma na Cásca 2018, rinne an chúirt a dícheall, chomh fada agus is praiticiúil, an t-achomharc pianbhreithe a éisteacht ar an lá céanna leis an achomharc ciontaithe.

Cuirtear achomhairc ar an Liosta Socraithe Dátaí nuair a fhaightear aighneachtaí an pháirtí tionscanta. Tionóltar an Liosta Socraithe Dátaí Dé Luain, uair amháin gach téarma dlí. Ar chúiseanna riaracháin, dúntar an Liosta an Chéadaoin roimhe ar 1pm.

Aighneachtaí Freagartha:
Is den chleachtas go n-éilíonn an chúirt go gcuirtear aighneacht fhreagartha an fhreagróra ar achomharc faoina bráid agus go seirbheáiltear í tráth nach déanaí ná 2 sheachtain roimh an dáta éisteachta a shanntar.