Ceisteanna coitianta faoi Nós Imeachta sa Chúirt Uachtarach.

An féidir liom cur isteach ar thaithí oibre idirbhliana sa Chúirt Uachtarach?

Ba chóir gach iarratas ar thaithí oibre idirbhliana a chur de r-phost chuig  workexperience@courts.ie

Cé na táillí atá i gceist maidir le ceapadh coimisinéir mionn?

Féach ar rannán  Nótairí Poiblí agus Coimisinéir Mionn maidir le táillí a bhaineann lena leithéid d'iarratais.

Conas a cheaptar coimisinéir mionn?

Is d'achainí leis an bPríomh-Bhreitheamh, ag suí i gcúirt oscailte a dhéantar iarratais le bheith ceaptha mar choimisinéir mionn. Féach ar rannán  Nótairí Poiblí agus Coimisinéir Mionn

Cé na táillí atá i gceist maidir le ceapadh nótaire poiblí?

Féach ar rannán  Nótairí Poiblí agus Coimisinéir Mionn maidir le táillí a bhaineann lena leithéid d'iarratais.

Cá bhfuil teacht ar na foirmeacha i gcomhair ceapadh nótaire poiblí?

Tá na  foirmeacha bainteacha ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirte.

Conas a cheaptar nótaire poiblí?

An Príomh-Bhreitheamh, ag suí i gcúirt oscailte a cheapann nótairí poiblí.  Féach ar rannán  Nótairí Poiblí agus Coimisinéir Mionn

An bhfuil eisceacht ann don scála ama chun iarratas ar chead achomhairc a chur isteach?

Faoi Ordú 118 de Rialacha na nUas-Chúirteanna, tá Oifig na Cúirte Uachtaraí dúnta ar na laethanta seo a leanas: Satharn, Domhnach, Lá Nollag agus na 7 lá seo a leanas, Lá Fhéile Pádraig, Aoine an Chéasta, Luan agus Máirt Sheachtain na Cásca agus na laethanta a shocraítear mar laethanta saoire poiblí in oifigí poiblí.

Nuair a bhíonn an t-am i gcomhair iarratas a chur isteach caite ar lá a mbíonn an Oifig dúnta, ní mór an t-iarratas a chur isteach ar an gcéad lá eile a bhíonn an Oifig ar oscailt.

Má thugtar cead achomhairc dom, cé na chéad chéimeanna eile?

Ní mór duit, faoi cheann 7 lá den Chúirt cead achomhairc a thabhairt, fógra a chur isteach ar Fhoirm Uimh. 3 go bhfuil beartaithe agat dul ar aghaidh leis an achomharc agus an fógra sin a sheirbheáil ar gach freagróir achomhairc. De rogha air sin, ní mór duit fógra scríofa a chur isteach go bhfuil beartaithe agat an t-achomharc a tharraingt siar nó a chealú.

Cá huair a chuirfear in iúl dom faoi chinneadh m'iarratais?

Cuirfear in iúl duit faoin gcinneadh de r-phost nó sa phost go gearr i ndiaidh an chruinnithe den phainéal. Foilsítear gach cinneadh de chuid na Cúirte ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna. Tá teacht ar chinntí anseo.

Conas a phléitear le hiarratais ar chead achomhairc sa Chúirt?

Nuair a fhaigheann siad an leabhar breise doiciméad, tionóltar painéal de thriúr breithiúna de chuid na Cúirte Uachtaraí chun a shocrú an gcomhlíontar an tairseach bhunreachtúil chun cead achomhairc a thabhairt. I ndiaidh an t-iarratas a mheas, eisíonn an painéal cinneadh scríofa ag maíomh cé acu a tugadh nó nár tugadh cead achomhairc. Cé gur ó bhéal agus go poiblí a dhéantar éisteachtaí achomhairc, is iondúil go ndéantar iarratais ar chead achomhairc go príobháideach, mar a fhoráiltear go sainiúil ina leith san Acht um an gCúirt Achomhairc 2014. Féadann an Chúirt éisteacht ó bhéal a ordú i leith an iarratais nuair a mheasann sí gur cuí.

Cé na doiciméid atá le cuimsiú sa leabhrán iarratais ar chead?

Tá na doiciméid seo a leanas le cuimsiú:

  • an t-iarratas ar chead
  • aon fhógra a chuir freagróir isteach
  • an t-ordú a n-achomharctar uaidh
  • an t-ordú faofa a ndearnadh an t-ordú sin dá bhun
  • aon ordú deiridh nó breithiúna(i)s f(h)aofa de chuid gach cúirt eile thíos
  • deimhniú seirbhíse.

Féach paragraf 8 de Treoir Chleachtais SC 19.

Conas a dhéanaim crosiarratas ar chead achomhairc?

Is féidir crosiarratas a dhéanamh tríd an rannán cuí a chomhlánú ar an bhFógra Freagróra.

An bhfuil táille i gceist as Fógra Freagróra a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí?

Níl aon táille i gceist.

Conas a fhreagraím d'iarratas ar chead achomhairc?

Trí chomhlánú agus cur isteach an Fhógra Freagróra.  Féach fosta paragraf 5 de Threoir Chleachtais SC 19.

Cén áit ar an suíomh seo a bhfuil teacht ar an bhfoirm iarratais Cead Achomhairc?

Tá gach foirm a bhaineann leis an gCúirt Uachtarach ar an suíomh gréasáin anseo.

An bhfuil aon treoirlínte ann ina leagtar amach an nós imeachta chun iarratas ar chead achomhairc a dhéanamh sa Chúirt Uachtarach?

Tá - Treoir Chleachtais SC 19  ina leagtar amach an nós imeachta atá i gceist.

Cén cháipéisíocht atá uaim chun iarratas ar chead achomhairc a chur faoi bhráid Oifig na Cúirte Uachtaraí?

  • Foirm 1 chomhlánaithe
  • cóip fhianaithe den ordú óna bhfuiltear ag iarraidh cead achomhairc
  • sa chás inar tugadh breithiúnas scríofa:
    • cóip fhianaithe atá faofa ag an gcúirt (más ar fáil)
    • mura bhfuil sí ar fáil láithreach, a luaithe a bheidh

Féach fosta Conas a chuirim isteach iarratas ar chead achomhairc?