Tugann Oifig na Cúirte Uachtaraí tacaíocht riaracháin agus clárúcháin don Chúirt.

Cad a dhéanann Oifig na Cúirte Uachtaraí?

Cad a dhéanann Oifig na Cúirte Uachtaraí?

Tugann Oifig na Cúirte Uachtaraí tacaíocht riaracháin agus clárúcháin don Chúirt. Tá oifig phoiblí aici mar a gcuirtear isteach iarratais ar chead achomhairc agus cáipéisíocht achomhairc. Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí a bhainistíonn an Oifig.

Tá an Oifig agus a foireann freagrach as na feidhmeanna seo a leanas:

  • comhdú agus cáipéisíocht a athbhreithniú ó thaobh chomhlíonadh rialacha agus cleachtais na Cúirte de
  • iarratais ar chead achomhairc agus achomhairc a bhainistiú chun a chinntiú go dtugtar chun cinn iad go cothrom agus go héifeachtach
  • iarratais agus achomhairc a liostú
  • cinntí agus breithiúnais na Cúirte a eisiúint agus a fhoilsiú
  • orduithe na Cúirte a dhréachtú agus a thabhairt chun críche
  • téacs an Bhunreachta ina bhfuil leasuithe a rollú de réir Airteagal 25 5 2 den Bhunreacht agus Achtanna an Oireachtais a rollú de réir Airteagal 25 4 5 den Bhunreacht
  • iarratais ar cheapacháin mar nótaire poiblí nó coimisinéir mionn a phróiseáil
  • fíordheimhniú sínithe nótairí poiblí nó coimisinéirí ar dhoiciméid dhleathacha lena n-úsáid in Éirinn nó i ndlínsí eile.
  • tacú le feidhmeanna prótacail lena n-áirítear breithiúna nua a mhionnú ag an bPríomh-Bhreitheamh agus glaonna chun Bharraí na hÉireann.
     

Aimsigh Oifig Chúirte.