Liosta de cheisteanna coitianta faoi leabhair achomhairc/éisteachtaí

Ba chóir duit na haighneachtaí sna leabhair achomhairc a chuimsiú agus cóip chrua amháin le comhdú san oifig. Ní mór líon focal a chuimsiú i ngach aighneacht agus cloí le Treoir Chleachtais CA06.  Ní mór duit fosta aighneachtaí a chur de r-phost chun na hoifige faoi cheann trí lá oibre i bhformáid MS Word. R-phost: courtofappealcivilsubs@courts.ie.

Ba chóir duit sraith iomlán amháin de thras-scríbhinní a thaisceadh (de réir Treoir Chleachtais CA06). Má tá níos lú ná ceithre lá de thras-scríbhinní ann, caithfear iad uile a chuimsiú sna leabhair fianaise. Má tá níos mó na ceithre lá ann, ní mór sleachta comhaontaithe de thras-scríbhinní a chuimsiú.

Mura bhfuil aon bhreithiúnas sínithe ar fáil, taisc an tras-scríbhinn ina bhfuil an breithiúnas faoi cheann go leor ama chun go mbeidh an breitheamh trialach in ann é a fhaomhadh roimh an dáta éisteachta.

Ní gá leabhair údarás a thaisceadh ach amháin go ndeirtear leat é a dhéanamh ag an éisteacht treoracha.

Ba chóir duit ceathrar chóip a thaisceadh (cóip do gach breitheamh agus cóip don oifig).

Ba chóir duit leabhair achomhairc a thaisceadh tráth nach déanaí ná 4 seachtaine roimh an dáta éisteachta. Ba chóir duit cóip shínithe, fhaofa den bhreithiúnas Ard-Chúirte a chuimsiú nó cóip shínithe, fhaofa den tras-scríbhinn.

Mura bhfuil an chóip faofa, ba chóir í a thaisceadh in Oifig na Cúirte Achomhairc sula dtaiscfeá na leabhair achomhairc ionas gur féidir leis an mbreitheamh cuí Ard-Chúirte í a fhaomhadh.

Féach Treoir Chleachtais CA06.

Practice Direction CA06.