Is í 2024 céad bliain ó achtú an Achta Cúirteanna Breithiúnais,1924 a bhunaigh ár gcóras nua-aimseartha Cúirteanna.

Is í 2024 céad bliain ó achtú an Achta Cúirteanna Breithiúnais,1924 a bhunaigh ár gcóras nua-aimseartha Cúirteanna.

In Eanáir 1923 ceapadh Coiste na mBreithiúna, faoi chathaoirleacht an iar-Ard-Seansailéir, an Tiarna Glenavy, chun comhairle a thabhairt d’Ard-Chomhairle an tSaorstáit maidir le córas nua cúirte a bhunú. I litir chuig a chomhaltaí, scríobh WT Cosgrave,“níl aon rud níos mó i measc ár saoirsí nua ná an tsaoirse córas breithiúnach agus riaracháin dlí agus ceartais a thógáil de réir ár riachtanas féin agus tar éis patrún dár ndearadh féin.”

Chuir an coiste tuarascáil ar fáil i mBealtaine 1923, le moltaí mionsonraithe chun an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda, an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach a bhunú agus a oibriú. Foilsíodh Bille na gCúirteanna Breithiúnais 1923 i mí Iúil agus tar éis mórán díospóireachta, síníodh an tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1924 ina dhlí agus cuireadh tús leis i samhradh 1924.

Tháinig Cúirteanna Dúiche in áit na cúirte mionseisiún agus Ghiúistís na Síochána. Breithiúna gairmiúla a bhí i mBreithiúna na Cúirte Dúiche agus bhí dlínse acu ar mhionábhair shibhialta agus choiriúla. Bhí dlínse ag an gCúirt Chuarda in ábhair shibhialta agus choiriúla níos tromchúisí. Bhí dlínse achomhairc aici (an chumhacht atá ag cúirt níos airde athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí na gcúirteanna íochtaracha) ar chásanna na Cúirte Dúiche. Ar an taobh coiriúil, bhí na cionta ba thromchúisí, amhail dúnmharú, forchoimeádta don Ard-Chúirt. Bunaíodh Cúirt Achomhairc Choiriúil freisin chun achomhairc ón gCúirt Chuarda agus ón Ard-Chúirt a éisteacht. Rinneadh foráil do cheart eile achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí ar phointe dlí a bhfuil tábhacht phoiblí eisceachtúil ag baint leis. Bunaíodh an Chúirt Uachtarach mar an chúirt achomhairc dheiridh, a bhfuil an Príomh-Bhreitheamh i gceannas uirthi.

Bhí an t-aistriú chuig an gcóras cúirte nua casta toisc go raibh dhá chóras cúirte i bhfeidhm ó 1920: an gnáthchóras cúirte agus ‘Cúirteanna na Dála’. Sa dara ceann bhí Cúirt an Pharóiste, a dhéileáil leis na mionábhair shibhialta agus choiriúla ba mhó, an Chúirt Dúiche, a dhéileáil le hábhair shibhialta agus choiriúla níos tromchúisí, Cúirt Chuarda comhdhéanta de cheithre chuaird, agus Cúirt Uachtarach, ag feidhmiú mar chúirt chéadchéime agus mar chúirt achomhairc araon. Cé gur chuir na Briotanaigh faoi chois go rathúil i mBaile Átha Cliath iad, d’oibrigh na cúirteanna sin le roinnt ratha in áiteanna eile. Tar éis shíniú an Chonartha, chuir an Dáil deireadh leis na cúirteanna sin.

Tá an tAcht ar cheann de na píosaí reachtaíochta is suntasaí a ritheadh sa Saorstát. Bhunaigh sé struchtúr bunúsach ár gcóras cúirteanna, a tháinig chun cinn le céad bliain anuas, gan ach an Chúirt Achomhairc curtha leis in 2014.