Is cúirt dlínse áitiúil agus theoranta í an Chúirt Dúiche. Faigheann sí a cumhachtaí ón mBunreacht agus ón dlí Reachtúil.

Cad a tharlaíonn sa Chúirt Dúiche?

Cad a tharlaíonn sa Chúirt Dúiche?

Conradh agus tort

Féadann an Chúirt Dúiche plé le gníomhartha a bhaineann le conradh, sárú conartha, tort agus éilimh ar dhamáistí nach mbaineann le tort, nuair is lú ná €15,000 an t-éileamh.

Faoi Alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, is  féidir speansais ar leith chun bóthar a dheisiú agus údarás bóthair a aisghabháil mar fhiach simplí conartha. Is féidir fosta riaráiste cothabhála faoi Alt 20 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 a aisghabháil sa Chúirt Dúiche.


Eisiachtain

Féadann an Chúirt déileáil le hiarratais chun tionóntaí a chaitheamh amach as gan cíos a íoc nuair nach mó ná €15,000 sa bhliain an cíos atá i gceist.


An tAcht um Chreidmheas do Tomhaltóirí 1995

Féadann an Chúirt déileáil le héilimh faoin Acht seo lena gcumhdaítear cíoscheannach, comhaontuithe díolachán creidmheasa agus comhaontuithe cíos tomhaltóirí.


Díobhálacha pearsanta

Ní mór éilimh ar dhamáistí as díobhálacha pearsanta a dhéanamh ar dtús leis an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB). Tá de chumhacht ag an mBord eisiúint imeachtaí sibhialta a údarú sa Chúirt Dúiche. Ní mór faomhadh cuí an Bhoird a bheith ag gabháil le haon éileamh den chineál seo chun go rachadh an cás chun na Cúirte.

Is féidir gníomh a thionscnamh chun damáistí a aisghabháil, maidir le héagóir a bhaineann le (i) díobhálacha pearsanta, (ii) díobhálacha pearsanta agus damáiste do mhaoin (más í an éagóir chéanna is cúis leo araon), nó (iii) faoi alt 48 den Acht um Dhliteanas Sibhialta 1961.

Mionaoisigh

Ní mór do dhuine faoi bhonn 18 mbliana imeachtaí a thionscnamh trína 'neaschara' (tuismitheoir nó caomhnóir de ghnáth). Ní mór don neaschara údarú ar a dtugtar 'toiliú neaschara' a shíniú.

Is féidir mionaoiseach a agairt trína neaschara nó caomhnóir ad litem má cheapann an chúirt é/í.

Féadann an Chúirt fosta déileáil le hiarratas chun socrú de chuid an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB) a fhaomhadh. 


Dlínse Airgeadúil na Cúirte Dúiche

Ní fhéadann an Chúirt déileáil le héilimh dar suim níos mó ná €15,000. Féadann an Chúirt, áfach, cásanna dar suim níos mó ná €15,000 a éisteacht má shíníonn an dá pháirtí foirm fhorordaithe tola roimh nó le linn na héisteachta. Ní féidir éileamh a roinnt ina dhá éileamh nó níos mó. Más mó an t-éileamh ná dlínse na Cúirte, féadann an t-éilitheoir barrachas na teorann a tharscaoileadh ach é sin a lua san éileamh.
 

Orduithe bainteacha ó Rialacha na Cúirte Dúiche

Ordú 40 (imeachtaí sibhialta a thionscnamh sa Chúirt Dúiche)

Ordú 47 (breithiúnas d'éagmais in éilimh fiachais)

Ordú 47A (breithiúnas d'éagmais in éilimh neamhfhiachais)