Cad is urghaire morgáiste ann?

Is éard atá in urghaire morgáiste ná imeacht ina dtógann sealbhóir urrús ar mhaoin (morgáiste breithiúnais nó morgáiste cothromais go hiondúil) chun fiach a aisghabháil trí dhíol na maoine sin a bhrú tríd.  Mar thoradh ar urghaire morgáiste is féidir le cúirt Ordú Muirir a dhéanamh.

Ordú Muirir

Tagann athrú ar shonraí ordú muirir ó chás go cás, ach tá 3 ghné sa chuid is mó díobh.

  1. Dearbhú go bhfuil an fiach atá dlite don ghearánaí, móide ús, móide costais an ghearánaí “Muirearaithe” ar leas an chosantóra sa mhaoin.
  2. Treoir go ndíolfar an mhaoin (de ghnáth tugtar sa chúirt am don chosantóir an méid atá dlite don ghearánaí a íoc sula dtagann an t-ordú díola i bhfeidhm).
  3. Treoir go dtugann an Scrúdaitheoir aird ar gach sealbhóir agus go ndéanann sé fiosrúchán faoina dtosaíochtaí faoi seach. Is éard tá in eire muirear, morgáiste, lian nó fiach eile atá urraithe ar mhaoin.
     

Nuair a dhéanann an Ard-Chúirt ordú muirir agus mura n-íocann an cosantóir an méid iomlán atá dlite taobh istigh den tréimhse ama a dtugtar cead dó, ní mór don ghearánaí an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig Oifig an Scrúdaitheora.

An dóigh a gcuirtear tús le himeachtaí in Oifig an Scrúdaitheora

Cuireann an gearánaí tús le himeachtaí trí dhoiciméid áirithe a chur i dtaisce, lena n-áirítear cóip den ordú muirir. Ina dhiaidh sin eisíonn sé / sí doiciméad ar a dtugtar Fógra le Dul ar Aghaidh agus seirbheálann sé ar an gcosantóir é. Bíonn suí ansin os comhair an Scrúdaitheora ar an dáta a leagtar amach san Fhógra le Dul ar Aghaidh.

Tugtar faoi ghnó foirmiúil na hOifige i Suíonna os comhair an Scrúdaitheora mar a leagtar amach in Ordú 55 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Na príomhchéimeanna sna himeachtaí in Oifig an Scrúdaitheora

Tá dhá ghné ag baint leis an bpróiseas.

  1. Na heireadóirí agus a gcuid tosaíochtaí faoi seach a fháil amach.
    »  Cuireann an gearánaí fógra le haghaidh eireadóirí i dtreo an Scrúdaitheora
    »  Déanann na heireadóirí éilimh a chur i dtaisce de bhun an fhógra.
    »  Déanann an Scrúdaitheoir breithniú ar na héilimh.
    »  Eisíonn an gearánaí rún chuig an Scrúdaitheoir chun deimhniú na n-eireadóirí a shocrú. Déantar é seo go déanach sna himeachtaí, i ndiaidh dhíol na maoine a chur i gcrích (féach thíos).
     
  2. Díol na maoine a shocrú.
    »  Iarrann an gearánaí, de réir threoir an Scrúdaitheora, Abhcóide Tíolactha Cúirte (abhcóide atá ceaptha ag an gCúirt chun na críche sin) coinníollacha díolacháin a ullmhú.
    »  Eisíonn an gearánaí rún, chuig an Scrúdaitheoir, chun sonraí agus coinníollacha díolacháin a réiteach agus sin bunaithe ar dhréacht-choinníollacha agus ar thuairim abhcóide.
    »   Ainmníonn an gearánaí ceantálaí chun an díolachán a dhéanamh. Déantar Luachálaí neamhspleách a cheapadh freisin.

Cuirtear an díolachán i gcrích, mura n-ordaíonn an chúirt a mhalairt, trí cheant poiblí. Tar éis an cheant, síníonn an Scrúdaitheoir deimhniú faoi thoradh an díolacháin. Déanann an gearánaí fáltais an díolacháin a chur i dtaisce sa chúirt.

Nuair a bhíonn an díolachán curtha i gcrích, tagann an dá ghné de na himeachtaí le chéile:

»  Síníonn an Scrúdaitheoir deimhniú na n-eireadóirí. Ina dhiaidh sin bíonn an deimhniú seo mar bhunús le dréacht-sceideal íocaíochta agus cuirtear é seo faoi bhráid na cúirte mar chuid den iarratas chun cistí a íoc lasmuigh den chúirt. Tá dleacht chúirte de 2.5% ar an bpraghas díolacháin le íoc. Is féidir go mbeidh dleacht breise cúirte de 2.5% ar luach na n-éileamh a cheadaítear a bheith i bhfeidhm.

An dóigh a gcuirtear na himeachtaí i gcrích

Bíonn dhá dhóigh ann go hiondúil ann chun urghaire morgáiste a thabhairt chun críche.

  1. An t-éileamh a shocrú idir na páirtithe, as a dtiocfaidh ordú cúirte ag urscaoileadh an ordaithe muirir. Is féidir go socróidh na páirtithe ag pointe ar bith sna himeachtaí. Cé go bhféadfaí go socródh an gearánaí agus an cosantóir éileamh, b’fhéidir go gcaithfeadh eireadóirí eile a bheith ar fhógra faoin tairiscint an t-ordú muirir a urscaoileadh.
  2. Ordú cúirte trína n-ordaítear go n-íocfar fáltais an díolacháin lasmuigh den chúirt.
     

Na doiciméid a éilítear ag céim an Fhógra chun Dul ar Aghaidh

Cuirtear nótaí míniúcháin san áireamh i gcló trom nuair a bhíonn gá leis. Moltar go ndéanfaí na doiciméid uile atá ag teastáil agus a bhaineann le himeachtaí Toghairm Speisialta na hArd-Chúirte a chur le chéile, agus go bhfágfaí Uimh. 5 - 9 leo féin agus go ndéanfar iad a chur i ngrúpa le chéile.

  1. Cóip Ghlan den Toghairm Speisialta.
  2. Cóip ghlan de mhionnscríbhinn comhdaithe seirbheála Toghairme Speisialta ar an gCosantóir / na Cosantóirí.
  3. Cóip ghlan de gach doiciméad a dtagraítear dó sa Sceideal / sna Sceidil a ghabhann leis an ordú muirir. Áirítear leis seo gach foilseán ar aon Mhionnscríbhinní dá dtagraítear sa sceideal/ sna sceidil.
  4. Cóip shoiléir den Mhionnscríbhinn comhdaithe Ordú Muirir ar Chosantóir (í) má tá sé comhdaithe cheana sa Phríomh-Oifig. Mura comhdaíodh an AOS go fóill, is féidir é a chomhdú in Oifig an Scrúdaitheora nuair a bheidh na páipéir á gcur i dtaisce don Fhógra le Dul ar Aghaidh
  5. Cóip fhianaithe den ordú muirir ar a bhfuil formhuiniú seirbhíse. Is í seo an chóip fhianaithe den ordú muirir ba chóir a bheith eisithe ó Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte tar éis an tOrdú a dhéanamh. Ba cheart don fhreastalaí an chóip fhianaithe féin a fhormhuiniú. Is í an chóip fhormhuinithe atá le tabhairt don Oifig seo.
  6. Cóip (le trí mhí anuas) shéalaithe agus dheimhnithe fóilío reatha lena n-áirítear léarscáil ón Údarás Clárúcháin Maoine nó cuardach ó Chlárlann na nGníomhas.  Níl fótachóip den fhóilió S&C inghlactha.
  7. Cuardach le déanaí ó Oifig na gCuideachtaí (má tá an Cosantóir mar chuideachta).
  8. Fógra le Dul ar Aghaidh in éineacht le líon na gcóipeanna atá ag teastáil le haghaidh seirbhíse - tá sonraí faoin dleacht stampála atá ag teastáil ar fáil sa chuid faoi Tháillí Cúirte. Amhail Samhain 2020, €60 is ea an dleacht ar an bhFógra Dul ar Aghaidh. Tugtar faoi deara nach féidir an Fógra a eisiúint go dtí go bhfaighfear an dleacht stampála. Má tá aon amhras ann cé acu atá ionadaíocht ag an gCosantóir nó nach bhfuil, ba cheart an Fógra le Dul ar Aghaidh a sheirbheáil ar bhonn pearsanta, nó de réir aon Orduithe le haghaidh Seirbhíse Ionadaíochta a dhéantar sna hImeachtaí Muirir más infheidhme.
  9. Litir seolta chuig an Scrúdaitheoir ag rá:
     

(a) nár tháinig an Cosantóir os comhair na cúirte gur easaontaigh faoin méid a fuarthas a bhí dlite san am a sonraíodh. Ní bhaineann sé seo le hábhar ach sa chás go bhfuil Ordú san Ordú Muirir a thugann am don Chosantóir teacht isteach sa chúirt agus easaontú faoin méid atá dlite. Mura bhfuil foráil den chineál sin san Ordú Muirir níl an t-ábhar seo infheidhmithe.

(b) cé acu atá íocaíochtaí ar bith déanta ón dáta ar cuireadh an t-ordú muirir i bhfeidhm. Má rinneadh íocaíochtaí ar bith, tabhair sonraí faoin méid/ faoi na méideanna a íocadh agus dáta/ dátaí na n-íocaíochtaí.

(c) nár cuireadh aon Fhógra Achomhairc chuig aturnae an ghearánaí.

(d) cibé acu a taifeadadh Láithreas nó nár taifeadadh. Má taifeadadh Láithreas, ba chóir Meamram Láithris a thaifeadadh.

(e) cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh aon orduithe eile sna himeachtaí ó dháta ar cuireadh an t-ordú muirir i bhfeidhm agus, má rinneadh ordú eile, ba cheart cóipeanna de na horduithe céanna a chur i dtaisce.

(f) cé acu teach teaghlaigh é an mhaoin nó nach ea.