Más ag déanamh ionadaíochta ort féin san Ard-Chúirt atá tú, ní mór duit do chomhairle agus eolas dlíthiúil féin a aimsiú.

Ní feidhm de chuid fhoireann na Seirbhíse Cúirte é comhairle nó treoir dhlíthiúil a thabhairt nuair a bhítear ag roghnú na n-imeachtaí cuí a bhíonn le húsáid sa chúirt.

Féadann siad foirmeacha a shainaithint duit agus eolas a thabhairt faoi chleachtas agus nósanna imeachta na gcúirteanna, ní féidir leo a rá leat cad atá le rá sa chúirt, cad atá le cur ar do chuid foirmeacha, iad a dhréachtú ná a chomhlánú ná aturnaetha a mholadh.

Príomh-Oifig na hArd-Chúirte

Tugtar an Phríomh-Oifig ar oifig phoiblí na hArd-Chúirte. Tá sí i bpríomhfhoirgneamh na gCeithre Cúirteanna ar Ché na nÓstaí. Bíonn sí ar oscailt óna 10.00 a.m. go 4.30 p.m Luan go hAoine agus ní dhúntar í ag am lóin.

Nósanna Imeachta san Ard-Chúirt

Chun do chás a ullmhú le go n-éistfear é os comhair breithimh ba chóir roinnt doiciméad a chur isteach. Tá eolas ar fáil inár dtreoirlínte ar chuid de na doiciméid is coitianta atá le cur isteach chuig Príomh-Oifig na hArd-Chúirte. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar na nósanna imeachta nach mór cloí leo i Rialacha na nUaschúirteanna. Is ionstraimí reachtúla iad na Rialacha seo agus aon leasú nó nuashonrú orthu. Ba chóir duit tú féin a chur ar an eolas faoi na rialacha seo agus a chinntiú go gcloíonn tú leo

Pléitear le nósanna imeachta cúirte fosta i dTreoracha Chleachtais na gcúirteanna.

Suíomh Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna

Tá réimse leathan faisnéise ar fáil ar an suíomh gréasáin seo lena n-áirítear roinnt de na foirmeacha cúirte a úsáidtear san Ard-Chúirt agus roinnt bileoga eolais. Tá rannóg ar leith dlí teaghlaigh ann.

Faisnéis faoi do chás a aimsiú

Taispeántar sa Chuardach Ard-Chúirte ainmneacha gach cás Ard-Chúirte, seachas iad sin ar gá iad a éisteacht go príobháideach, mar shampla, dlí teaghlaigh agus cásanna tearmainn. Taispeántar ann fosta doiciméid a chuirtear isteach i ngach cás Ard-Chúirte, na dátaí ar a bhfuil na cásanna sna liostaí cúirte, agus na horduithe a tugadh. Ní féidir ábhair aon doiciméid a rochtain leis.

Dátaí éisteachta

Tá faisnéis sa Dialann Dlí faoi dhátaí éisteachta (trialacha, glaonna giúiré, liostaí chun dátaí agus foriarratais a shocrú). Déantar í a nuashonrú gach lá le linn na dtéarmaí dlí.

Athruithe ar dhátaí éisteachta

D'fhéadfadh sé go n-athrófaí dátaí éisteachta ar roinnt fáthanna, mar shampla, na páirtithe nó páirtí amháin acu atráth a fhail, b'fhéidir nach mbeadh breitheamh ar fáil má théann cás roimhe sin thar a am nó mar gheall ar chúinsí eile gan choinne, amhail drochaimsir.

Ní de chúram Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus na gcláraitheoirí é teagmháil a dhéanamh le haon dlíthí, lena n-áirítear iad sin a dhéanann ionadaíocht orthu féin faoi dhátaí éisteachta cúirte ná faoi athruithe ar liostaí cúirte nó atráth cásanna.

Foilsítear faisnéis maidir le hathruithe ar liostaí cúirte ar an suíomh gréasáin seo. Faoi chúinsí ar leith, mar shampla, le linn dálaí foircneacha aimsire, déantar leathanach baile an tsuímh a nuashonrú ar bhonn rialta le faisnéis faoi aon chás a chuirtear ar ceal. Ba chóir duit breathnú ar an suíomh gréasáin go rialta.

 

Doiciméid i gcásanna sibhialta Ard-Chúirte

Sular féidir cás a thriail san Ard-Chúirt, ní mór do na páirtithe doiciméid éagsúla a chur isteach / a thaisceadh ina bhfuil mionsonraí a n-éilimh i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte. Ansin, ní mór dóibh cóipeanna díobh a sheirbheáil ar a chéile.

Leagtha amach i Rialacha na nUaschúirteanna tá na doiciméid nach mór do pháirtithe a thaisceadh agus a sheirbheáil do gach cineál cáis.

Doiciméid a chur isteach / a thaisceadh san Ard-Chúirt

Is féidir teacht i láthair go pearsanta sa Phríomh-Oifig chun doiciméid do cháis a chur isteach / a thaisceadh nó is féidir doiciméid is mian leat a eisiúint / a chur isteach / a thaisceadh a chur sa phost chuig an bPríomh-Oifig.

Is e an seoladh poist:  Príomh-Oifig na hArd-Chúirte, na Ceithre Cúirteanna, Cé na nÓstaí, Baile Átha Cliath 7.

Má thagann tú i láthair ag an oifig agus mura féidir leat fanacht le seirbhís ag cuntar sa Phríomh-Oifig, is féidir do chuid doiciméad a chur i gclúdach séalaithe sa taisceadán atá sa Phríomh-Oifig chuige seo. Má chuireann tú doiciméid sa phost nó sa taisceadán, ní mór duit ar dtús an táille cúirte chuí a íoc astu agus ní mór dóibh a bheith comhlánaithe, sínithe agus dáta orthu. Ní mór duit clúdach ar a bhfuil do sheoladh féin agus stampaí dar luach cuí a chur isteach le do chuid doiciméad.

Mura n-íocfar an táille chuí as na doiciméid, seolfar ar ais chugat iad gan seiceáil agus seolfar ar ais doiciméid nach bhfuil comhlánaithe ná ceart le bileog fiosraithe ghearr ar a léirítear an fabht/na fabhtanna atá orthu.

Ní mór táillí a íoc ar a lán de na doiciméid a chuireann tú isteach (féach thíos). Cuirtear stampa dáta na Príomh-Oifige ar dhoiciméid a nglacann an Phríomh-Oifig leo. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil do dhoiciméad ceart agus iomlán. Ní hionann doiciméad a chur isteach sa Phríomh-Oifig agus glacadh leis go bhfuil sé ceart agus/nó iomlán.

Má iarrann tú cóip d'aon doiciméad atá i gcomhad do cháis, ní mór duit teacht chun é a bhailiú (i mBéarla tugtar ‘bespeaking’ ar chóip a iarraidh).

Táillí as doiciméid a chur isteach / a thaisceadh i gcúirteanna sibhialta na hArd-Chúirte

Ní mór duit táillí cúirte a íoc (ar a dtugtar 'dleacht stampála') ar dhoiciméid a thaisctear i mbunús gach cineál cás sibhialta, ach ní i mbunús gach cineál cás dlí teaghlaigh.

Tá mionsonraí na dtáillí seo leagtha amach in ionstraim reachtúil ar a dtugtar Ordú Táillí. Tá táillí na hArd-Chúirte in Ordú na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-Chúirte (Táillí)  Supreme Court, Court of Appeal and High Court (Fees) Order. Tá táillí socraithe sa dlí agus forordaithe de reacht agus ní féidir iad a tharscaoileadh in aon chúinsí.

Má tá sé beartaithe agat tú féin a chosaint in imeachtaí Ard-Chúirte

Má sheirbheáiltear toghairm Ard-Chúirte ort agus rún agat tú féin a chosaint in áit a iarraidh ar aturnae gníomhú ar do shon, ní mór duit doiciméad a thaisceadh ar a dtugtar meamram iontrála láithris i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte (ar a dtugtar 'láithreas a iontráil').

Tá an nós imeachta chuige seo leagtha amach in Ordú 12 Riail 4 (a) (b) agus (c) de Rialacha na nUaschúirteanna. Ní mór duit an fhoirm a úsáid atá forordaithe in Aguisín A Cuid II de Rialacha na nUaschúirteanna.

Ní mór duit do láithreas a sheirbheáil ar aturnae an ghearánaí ionas go mbeidh a fhios aige / aici gur tusa a bheidh ag cosaint an cháis. Beidh ainm agus seoladh an aturnae ar lch. 3 den toghairm. Nuair a bheidh sé seo déanta agat, déanfaidh an t-aturnae aon doiciméad breise de chuid an cháis a sheirbheáil ort.

Toghairm Ard-Chúirte a Sheirbheáil

Féadann aon duine atá os cionn 16 bliana toghairm Ard-Chúirte a sheirbheáil.

Doiciméid le húsáid sa chúirt

Leagtar amach i Rialacha na nUaschúirteanna cé na doiciméid nach mór a chur faoi bhráid Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte. Ní foláir duit cóipeanna de na doiciméid seo agus cóipeanna de na foilseáin a sheirbheáil ar an bpáirtí/na páirtithe eile i do chás. Caithfear fosta cóipeanna de na doiciméid uile a mbeidh tú ag brath orthu a thabhairt isteach sa chúirt lá na héisteachta lena dtabhairt don bhreitheamh. Ní feidhm de chuid na Seirbhíse Cúirte é cóipeanna d'aon doiciméad a thabhairt isteach sa chúirt chuige sin agus is fútsa amháin atá sé.

Cairde McKenzie

Féadann dlíthithe cúnamh réasúnach a fháil ó thuata ar a dtugtar in amanna cara McKenzie (MF). Is dlíthithe go fóill iad dlíthithe a gcuidíonn MFanna leo. Níl aon cheart as féin ag MFanna cúnamh a thabhairt. Léigh Treoracha Cleachtas Ard-Chúirte 72 agus 77 ina leith seo.

Rochtain ar chomhaid chúirte san Ard-Chúirt

D'fhonn sláine comhaid chúirte a choinnítear i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte, ní chuirfear comhaid ar fáil d'aon duine eile a thagann i láthair na hoifige. D'fhonn aon amhras a sheachaint, áirítear leis seo páirtithe na n-imeachtaí agus na haturnaetha ar taifead, féach Treoir Cleachtas Ard-Chúirte 86.  Is féidir cóip de dhoiciméad ar chomhad a thabhairt d'aturnae ar taifead nó do pháirtí de chuid na n-imeachtaí nuair nach bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil acu ar íoc na táille cuí a fhoráiltear ina leith san Ordú Táillí.

Costais a thabhaítear nuair a bhítear ag freastal ar chúirteanna  agus ar oifigí cúirte

Ní thógann an tSeirbhís Cúirteanna aon fhreagracht as costais a thabhaíonn aon duine agus iad ag taisteal chuig aon chúirt nó oifig chúirte maidir le cás a bhfuil siad páirteach ann, bíodh sé mar pháirtí, mar fhinné nó in aon ról eile.

Breithiúna

Tá breithiúna neamhchlaonta i leith riar an cheartais. Is ar an ábhar seo nach ndéanann siad comhfhreagras le páirtithe cásanna atá os comhair na gcúirteanna agus ní cuí scríobh chucu. Aon doiciméad ar mhian leat go mbreithneodh an breitheamh é, ba chóir é a thabhairt don bhreitheamh sin i gcúirt oscailte.

 

Tá breithiúna, faoi réir an Bhunreachta agus an dlí amháin, neamhspleách agus iad i mbun a bhfeidhmeanna breithiúnacha. Is faoin mbreitheamh amháin atá iompar agus cinneadh a dhéantar in aon chás cúirte. Is sna cúirteanna amháin is féidir tabhairt faoi aon chinneadh, breith nó rialú breithimh agus is faoin té lena mbaineann atá sé comhairle a ghlacadh faoi achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh sin i gcúirt is airde.

Glao Fóin ar Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte

Gach lá tagann suas le 100 duine ar cuairt chuig an bPríomh-Oifig. Is é tosaíocht fhoireann na Príomh-Oifige an tseirbhís atá de dhíth orthu a thabhairt dóibh agus fágann sé sin go mb'fhéidir nach bhfreagraítear fóin le linn buaicuaireanta. Más féidir, ba chóir cumarsáid a dhéanamh leis an bPríomh-Oifig de r-phost ag highcourtcentraloffice@courts.ie

Liostú cásanna

Má tá eolas uait faoin dáta a liostaítear cás, is féidir seiceáil ar líne trí úsáid Chuardach Ard-Chúirte nó r-phost a sheoladh chuig highcourtcentraloffice@courts.ie

 

Más mian leat dul i dteagmháil leis an gcláraitheoir a bhí sa chúirt le linn do cháis;

1.  Cuardaigh do chás ar Chuardach Ard-Chúirte. San amharc 'Mionsonraí Oird' feicfear inisealacha an chláraitheora faoin gceannteideal 'Clár'.

2. Cuir r-phost chuig an gcláritheoir: registrars@courts.ie  le hinisealacha an chláraitheora chuí sa líne ábhair. Ná cuir aon téacs eile sa líne ábhair.

3.  Is féidir do cheist nó iarratas ar leith féin a chur i gcorp an r-phoist.

Foinsí úsáideacha eolais

Eolas do Shaoránaigh
Bord Cúnamh Dlí
Seirbhís Comhairle Airgid agus Buiséid (arna mhaoiniú ag an mBord Eolais do Shaoránaigh)
Reachtanna agus Ionstraimí Reachtúla na hÉireann

Chuireamar an t-eolas seo i dtoll a chéile chun freagra a thabhairt ar chuid de na ceisteanna a chuirtear go minc i gcúirteanna agus in oifigí cúirte

Ní comhairle dhlí é, agus ní treoir é ar ionadaíocht a dhéanamh ort féin san Ard-Chúirt. Is é a fheidhm tú a chur ar an eolas faoi chuid de na nithe ar gá iad a bheith ar eolas agat má tá tú le hionadaíocht a  dhéanamh ort féin.