Is é is tairiscint ann an nós imeachta a úsáidtear chun iarratas a thabhairt os comhair na Cúirte Achomhairc roimh an dáta éisteachta achomhairc.

Tairiscintí

Tairiscintí

Is é is tairiscint ann an nós imeachta a úsáidtear chun iarratas a thabhairt chun na Cúirte Achomhairc roimh dháta éisteachta an achomhairc.

Foras Breise:
Ní mór iarratas d'Fhógra Tairisceana, faoi Mhionnscríbhinn tacaíochta, a chur isteach agus a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 4 lá oibre roimh an dáta éisteachta a shocraíonn an oifig. Ní mór an bundoiciméad agus ceithre chóip a chur isteach. Cóip le seirbheáil ar an DPP.

Fianaise Bhreise:
Déanfar iarratas ar chead fhianaise bhreise a thabhairt isteach ar éisteacht achomhairc d'Fhógra Tairisceana, faoi Mhionnscríbhinn tacaíochta arna mionnú ag an Achomharcóir nó ar a s(h)on, ina leagfar amach agus ina ndeimhneofar an foras ar a bhfuil cead á iarraidh agus Mionnscríbhinn an fhinné atá á m(h)oladh, ina leagfar amach an fhianaise a bhfuil rún aige/aici a thabhairt agus an fáth nár thug sé/sí a leithéid d'fhianaise ag an triail (ach amháin nach mbacann an Chúirt Achomhairc leis an riachtanas i leith a leithéid de Mhionnscríbhinn). Ní mór an bundoiciméad agus ceithre chóip a chur isteach. Cóip le seirbheáil ar an DPP.

Bannaí:
Ní mór iarratas d'Fhógra Tairisceana, faoi Mhionnscríbhinn tacaíochta, a chur isteach agus a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 10 lá oibre roimh an dáta éisteachta a shocraíonn an oifig. Ní mór an bundoiciméad agus ceithre chóip a chur isteach. Cóip le seirbheáil ar an DPP.