Is nós imeachta í tairiscint a úsáidtear chun iarratas sa Chúirt Achomhairc a thabhairt roimh an dáta éisteachta achomhairc. Is iad na cineálacha is coitianta tairisceana ná síneadh ama chun fógra achomhairc a thaisceadh, bac ar ordú Ard-Chúirte (chun a fheidhmiú a chur ar fionraí go dtí go n-éistfear an t-achomharc) nó chun tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird.

Tairiscintí

Chun tairiscint a thabhairt, ní mór duit fógra foriarratais (a notice of motion ) agus mionnscríbhinn (ar a dtugtar ‘mionnscríbhinn forais’) a chomhlánú.  Féadann an freagróir mionnscríbhinn mar fhreagra ar do mhionnscríbhinn féin a chur isteach agus a sheirbheáil (ar a dtugtar ‘mionnscríbhinn freagartha).

Ní mór duit dleacht stampála cúirte (court stamp duty) a íoc - €60.00 faoi láthair - ar fhógra foriarratais agus €20.00 ar do mhionnscríbhinn.

Má bhaineann do thairiscint le síneadh ama chun fógra achomhairc a thaisceadh, ní mór duit cóip de d'fhógra beartaithe agus cóip fhianaithe den ordú Ard-Chúirte a thaisceadh. Ní chaithfidh tú dleacht stampála cúirte a íoc ar an bhfógra achomhairc beartaithe ag an am seo ach má éiríonn le d'iarratas íocfaidh tú an táille (€250.00) ar thaisceadh an fhógra bhunaidh achomhairc duit.