Nuair  a shásaítear nó a chealaítear breithiúnas Ard-Chúirte (trí íocaíocht an fhiachais dhlite de ghnáth), is féidir a iarraidh ar an bPríomh-Oifig an 'sásamh' ar an mbreithiúnas a nótáil.

Nuair a shásaítear nó a chealaítear breithiúnas Ard-Chúirte (trí íocaíocht an fhiachais dhlite de ghnáth) is féidir a iarraidh ar an bPríomh-Oifig an 'sásamh' ar an mbreithiúnas a nótáil. Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:

  • Mír Shásaimh – doiciméad arna dhréachtú agus a fhorghníomhú ag an gcreidiúnaí gearánach  – ba chóir é a bheith stampáilte le dleacht stampáilte chúirte – €25.00 faoi láthair - a dheimhníonn gur íocadh an fiach
  • Teastas Sásaimh


Má tá an breithiúnas cláraithe, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar an gclárú a bheith marcáilte mar shásaithe freisin. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:

  • Meamram Sásaimh ar Chlárú Breithiúnais arna stampáil le dleacht chúirte -   €25.00 faoi láthair
  • Teastas Iontráil Meamram Sásaimh ar Chlárú Breithiúnais.


 

Má bhaineann an clárú le breithiúnas de chuid na Cúirte Cuarda nó Cúirt Dúiche, ní mór don chláraitheoir contae/cléireach cúirte cuí an meamram sásaimh a shíniú sula dtaisctear é sa Phríomh-Oifig.