Tá iallach ort freastal ar an gcúirt ag céimeanna éagsúla den phróiseas achomhairc, ag tosú leis an liosta treoracha.

Sa Chúirt

Sa Chúirt

1. Liosta Treoracha

Eagraítear an Liosta Treoracha gach Aoine i gCúirt 1, an Chúirt Achomhairc. Is éisteacht ghearr í os comhair breithimh a shuíonn leis/léi féin chun dáta éisteachta an achomhairc a shocrú agus treoracha a thabhairt maidir le gnóthaí eile lena n-áirítear aighneachtaí de chuid na bpáirtithe. Féadann an chúirt fosta iarratais ar thras-scríbhinní breithiúnas a éisteacht ó Thaifeadadh Digiteach Fuaime ag an éisteacht seo i gcásanna nuair nach raibh aon bhreithiúnas scríofa san Ard-Chúirt.

2. Tairiscintí

Éistear tairiscintí gach Aoine i ndiaidh an Liosta Treoracha ag breitheamh amháin agus is iondúil go dtugtar cinneadh ar an lá. D'fhéadfadh an breitheamh a chinneadh tairiscint a atreorú le go n-éistfeadh triúr breithiúna í ('iomlán cúirte') Dé Luain. Is é seo an cás i gcónaí nuair a bhaineann an tairiscint atá i gceist le síneadh ama chun achomharc nuair atá an freagróir ag cur i gcoinne an iarratais.

3. Glaoch

Eagraítear an Glaoch, i leith cásanna atá le héisteacht sna 2-3 seachtain atá le teacht, gach Aoine os comhair an bhreithimh atá ag glacadh an Liosta Treoracha. Ag an nglaoch, seiceálfaidh an breitheamh gur comhlíonadh treoracha na cúirte, gur taisceadh na leabhair achomhairc agus go bhfuil an cás réidh le dul ar aghaidh mar atá sa sceideal.

4. Éisteacht an Achomhairc

Éisteann an chúirt achomhairc gach lá le linn théarma na cúirte. Triúr breithiúna a éisteann gach achomharc. Léann siad na páipéir agus na haighneachtaí roimh an éisteacht. Ansin, déanann na páirtithe aighneachtaí ó bhéal leis an gcúirt trí thagairt do na páipéir agus do na haighneachtaí seo.

Ag deireadh na héisteachta, tabharfaidh na breithiúna breithiúnas ar an lá céanna (ar a dtugtar breithiúnas ‘ex tempore’) nó tabharfar breithiúnas ar dháta níos faide anonn ar a dtugtar 'breithiúnas forchoimeádta'). Cuirfidh  Oifig na Cúirte Achomhairc in iúl do na páirtithe in am is i dtráth cén dáta a dtabharfaidh na breithiúna breithiúnas, más breithiúnas forchoimeádta é.