Roimh an éisteacht achomhairc

Roimh an éisteacht achomhairc

Ní mór duit leabhair achomhairc a thaisceadh tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine roimh an dáta éisteachta de réir Treoir Chleachtais CA 06.

Féach freisin Fógra an 13 Meán Fómhair 2021: Court of Appeal - Civil - Note for Parties in Court Of Appeal Proceedings regarding the lodging of Books of Appeal

[Amhail Feabhra 2020, tá an Treoir Chleachtais seo á hathbhreithniú agus d'fhéadfadh sé go gcuirfí in iúl do pháirtithe achomhairc faoi riachtanas de chuid na Cúirte go dtaiscfí doiciméid bhreise roimh an éisteacht achomhairc. Baineann an t-athrú seo ar chleachtas le déanaí le taisceadh leabhair údarás - féach an Fógra sa Dialann ina n-iarrtar ar na páirtithe in achomharc atá liostaithe ar feadh lae nó níos mó na leabhair údarás a thaisceadh tráth nach déanaí ná 7 lá roimh an éisteacht agus d'fhéadfadh an chúirt a threorú go dtaiscfí na leabhair údarás in achomhairc eile (beag beann ar an bhfad) roimh an éisteacht achomhairc. Foráiltear i gCleachtas CA06 mar a sheasann sé faoi láthair go gcuirfí isteach na leabhair údarás ag tús na héisteachta achomhairc.]

Eagraíonn an Chúirt 'Glaoch' dhá sheachtain roimh éisteacht achomhairc chun a chinntiú

  • Go gcomhlíontar treoracha a bhaineann le haighneachtaí agus le haon treoir eile
  • Go dtaisctear leabhair achomhairc
  • Go bhfuil an t-achomharc réidh le dul ar aghaidh ar an dáta éisteachta.