Saoráil Faisnéise- rochtain ar thaifid cúirteanna

Taifid Chúirteanna

Taifid Chúirteanna

Meastar gur ‘taifid chúirteanna’ iad na taifid cruthaithe go léir a bhaineann le himeachtaí cúirteanna. Cé go mbaineann na taifid seo le gnó na cúirte, tá siad laistigh de smacht an bhreithimh atá bainteach leis an chás.

Tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara, faoin Acht um SF, go bhféadfadh taifid na gCúirteanna bheith faoi shrian a cuireadh ar fáil faoin Roinn 42(a)(i). Mar sin, níl taifid chúirteanna inrochtana faoin Acht um SF.

Lasmuigh den Acht SF, tá an ceart rochtana ar thaifid cúirteanna ar leith  coimeádta de ghnáth do na páirtithe a bhaineann sé leo  nó a gcuid ionadaithe dlí.

Má tá tú ag lorg rochtain  ar thaifid chúirteanna, déan teagmháil leis an oifigeach cúirte ábhartha díreach lasmuigh den SF.

Tá liosta cuimsitheach de na hoifigí cúirteanna ar fud  na tíre ar fáil anseo.

SF agus Taifid Chúirteanna

Deirtear i Roinn 42(a)(i) den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 gur cuireadh cosc ar an scaoileadh de thaifid chúirteanna seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na gcúirteanna.

Luann Roinn 43(a)(i)  den Acht um SF go háirithe go:-

'42. Ní bhaineann an tAcht seo le 
(a) taifead atá faoi choinneáil ag

  1.  Na cúirteanna, (...) agus a bhaineann le, nó imeachtaí atá, sa chúirt (...) seachas- 
    ....
  2. Taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na gcúirteanna nó oifigí na gcúirteanna.’

Ní bhaineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise le taifid chúirteanna agus mar sin níl aon chinnteacht ann go bhfuil rochtain ar na taifid ar fáil faoin Acht.

Tá taifid chúirteanna faoi smacht na gcúirteanna agus ní leis an tSeirbhís Cúirteanna, i gcomhréir le Roinn 65 den Acht um Oifigigh Cúirteanna 1926 a luann:-

‘Beidh gach profa agus cáipéisí eile a  cuireadh i dtaisce nó a fágadh isteach i gcúirt ar bith a bhaineann le nó i rith na héisteachta de chás ar bith faoi choinneáil ag nó faoi ordú agus dhiúscairt an bhreithimh nó an bhreithimh  shinsirigh thar éisteacht an cháis.’

 Déan teagmháil linn le do thoil le haghaidh sonraí teagmhála má tá aon fhiosrúcháin agat a bhaineann le haon rud thuas..

 

Rochtain ar Thaifid Chúirteanna

Tá taifid chúirteanna faoi smacht   na mbreithiúna agus níl siad inrochtana faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Lasmuigh den Acht SF tá an ceart rochtana ar thaifid chúirteann ar leith in áirithe de ghnáth do pháirtí a bhaineann sé leis nó a gcuid ionadaithe dlíthe. Ba cheart d’aon duine atá ag iarraidh rochtain a fháil ar thaifead cúirte in imeacht cúirte atá siad mar pháirtí fhiosrúcháin a dhéanamh go dtí an Oifig Chúirte ina raibh an cás cloiste.

Caithfidh iarratas le haghaidh rochtain ar thaifid chúirteanna a bhí faoi choinneáil ar an chomhad cúirte agus a bhí déanta ag duine nach bhfuil mar pháirtí don chás a dhéanamh díreach chuig an chúirt ina raibh an cás cloiste agus é a chur os comhair an bhreithimh le haghaidh cinneadh lasmuigh den Acht um Shaoráil Faisnéise. Moltar  d’iarrthóirí teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Cúirte atá bainteach leis agus eolas breise a lorg ar na gnásanna infheidhme.

 Moltar duit, áfach, nach bhfuil foireann na Seirbhíse Cúirteanna ceadaithe comhairle   dhlí a thabhairt amach.

Faigh sonraí teagmhála  na n-oifigí cúirteanna go léir anseo.

 

Taifid chúirteanna agus tras-scríbhinní

Tá gnásanna speisialta i bhfeidhm  do pháirtí ar bith atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh le haghaidh rochtain ar thaifid chúirte ar imeachtaí cúirteanna (taifeadadh “DAR” a thugtar ar chomh maith). I Is iad Rialacha na gCúirteanna atá ag rialú an gnáis  atá le leanúint nuair atá tú ag lorg rochtain ar thaifead ar bith d’imeachtaí cúirteanna agus na téarmaí  ina bhfuil rochtain ceadaithe leagtha  síos sna hIonstraimí Reachtúla seo a leanas:

Caithfeariarratas ar bith maidir le rochtain ar thaifead cúirte d’imeachtaí cúirteanna a dhéanamh trí iarratas foirmiúil go dtí an breitheamh sna himeachtaí, agus foláireamh a thabhairt  don pháirtí eile nó páirtithe  a bhaineann leis na himeachtaí.

Is  faoin bhreitheamh  atá sé cinneadh a dhéanamh má tá rochtain ar thaifead ar imeachtaí cúirteanna ceadaithe agus cén struchtúr a bheith ar fáil. Má tá iarratas le haghaidh taifid chúirteanna ceadaithe ag an bhreitheamh, b’fhéidir go mbeadh ar an iarrthóir íoc as na costais scríbhinní (mura n-ordaíonn an breitheamh a mhalairt). Tá costas thart ar €200 ar scríbhinn de thaifeadadh le haghaidh gach uair a chaitear leis an taifeadadh fuaime.

Déan teagmháil linn le do thoil le haghaidh eolas breise má tá aon fhiosrúcháin agat a bhaineann le haon rud thuas.