Oifig um Aistriú na gCoimircithe Cúirte go dtí an tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta

Oifig um Aistriú na gCoimircithe Cúirte go dtí an tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta

Réamhrá

Tá Coimircithe na hOifige Chúirte ag pleanáil do thús an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Inniúlacht) 2015 (An tAcht). Níor thosaigh príomhfhorálacha an Achta go fóill ach ceaptar go dtosóidh sé i lár 2022.

Cuirfidh an tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Inniúlacht) 2015 athruithe tábhachtacha i bhfeidhm do dhaoine atá ina gCoimircithe Cúirte.

 

An tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Inniúlacht) 2015

Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CCDM) sa bhliain 2018.

Is conradh idirnáisiúnta um chearta an duine é an CCDM. Is chun an ceart iomlán  céanna de chearta daonna agus saoirsí bunúsacha ag gach duine atá faoi mhíchumas agus chun meas ar á gcuid dínit dúchasaí a chur chun cinn an aidhm atá leis. Is píosa tábhachtach reachtaíochta é atá riachtanach le comhlíonadh leis an CCDM é an tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Inniúlacht) 2015. Bunaíodh an tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta de bharr an Achta.

 

Cad é an tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta?

Is seirbhís nua do dhaoine fásta a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu ag déanamh cinntí é an tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta (STC). D’fhéadfaí daoine atá faoi mhíchumas intleachta, tinneas síciatrach, a fuair gortú inchinne agus na daoine a bhfuil riocht acu a bhaineann le  seanaois cosúil le néaltrú, a bheith san áireamh.

Ceaptar go dtósóidh an STC ag clárú socruithe tacaíochta cinnteoireachta nua i lár 2022.

Scaoilfear gach coimircí cúirte ó choimircíocht, i ndiaidh athbhreithniú inniúlachta, thar thréimhse trí bliana. Tosóidh an tréimhse trí bliana athbhreithnithe seo nuair a thosaíonn an tAcht.

 

Cad a Chiallóidh seo do Choimircithe Cúirte

Bogann an tAcht seo ar aghaidh ó phrionsabail ‘ar mhaithe’ agus tagann cinnteoireacht ionaid ina áit do dhaoine a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu chun cinntí a dhéanamh. Is céim atá ann chuig cur chuige ‘bunaithe ar chearta’, le meas ar an  toil agus rogha an duine agus uasmhéadóidh sé neamhspleáchas do dhaoine atá ag lorg tacaíochta agus chun cinntí a dhéanamh ar a gcuid leas pearsanta, réadmhaoin agus gnóthaí airgeadais.

Glactar leis go mbeidh gach duine ábalta cinntí a dhéanamh leo féin mura léirítear a mhalairt.

Scaoilfear gach coimircí cúirte ó choimircíocht agus más cuí, aistreoidh an duine ábhartha go dtí ceann amháin de na tacaíochtaí nua atá ar fáil faoin Acht 2015:

 

Cúntóir Cinnteoireachta

Roghnófar an cúntóir cinnteoireachta ag an duine ábhartha (iarchoimircí cúirte) chun cuidiú le cinntí a dhéanamh faoi leas pearsanta, cúrsaí airgid agus réadmhaoin. Is chun cuidiú leis an duine cinntí a dhéanamh dóibh féin  ról an chúntóir cinnteoireachta.

Baileoidh siad eolas ábhartha agus míneoidh siad é don duine. Mar shampla, ag déanamh teagmhála le banc, comhlacht árachais nó soláthraí fóntais. Is féidir leo tacaíocht a thabhairt don duine chun daoine eile a chur ar an eolas faoin chinneadh atá déanta.

 

Comhchinnteoir

Ceapfar comhchinnteoir faoi chomhaontú comhchinnteoireachta. Déanann an comhaontú seo taifead ar na cinntí lena  bhfuil cuidiú de dhíth ar an duine agus tugann sé cead go dleathach ar na cinntí a dhéanamh i gcomhpháirt. Moltar an comhchinnteoir ag an duine ábhartha.  Is chun cinntí ar leith a dhéanamh le chéile leis an duine féin an príomhról atá ag an chomhchinnteoir.

 

Ionadaí Cinnteoireachta

Ceapfar an Tacaí Cinnteoireachta faoi iarratas a dhéanamh chuig an Chúirt.

I gcás coimircí cúirte, ceapfar é ag an Ard-Chúirt. I gcás iarratas nua, ceapfar é ag an Chúirt Chuarda.

Mura bhfuil duine éigin ábalta cinneadh a dhéanamh leis féin ceapfaidh an chúirt an t-ionadaí cinnteoireachta. Déanann an t-ionadaí cinnteoireachta cinntí thar ceann an duine agus glacann siad a mianta san áireamh.

Más féidir ceapfaidh an chúirt duine éigin a bhfuil aithne ag an duine air agus a bhfui muinín aige as sa ról seo. Mura bhfuil aon duine ann atá oiriúnach don ról, ceapfaidh an chúirt ionadaí cinnteoireachta ó phainéal de shaineolaithe a choinnitear ag an tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta.

 

Socruithe Tacaíochta Cinnteoireachta

Beag beann ar an leibhéal de thacaíocht chinnteoireachta atá de dhíth ar an duine ábhartha, caithfear Socrú Tacaíochta Cinnteoireachta a chlárú leis an tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta.

Beidh gach socrú tacaíochta cinnteoireachta cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta. Caithfidh an socrú a bheith i scríbhinn agus caithfidh sonraí de na cinntí a gcuideoidh an cúntóir cinnteoireachta a bheith san áireamh. 

 

Measúnuithe Inniúlachta

Aistreoidh na coimircithe cúirte reatha  as dlínse na hArd-Chúirte laistigh de trí bliana ó thús an Achta. Beidh an Chúirt Chuarda mar an t-aon dlínse d’iarratais faoin Acht.

Beidh measúnú inniúlachta feidhmiúla críochnaithe ag gach duine. Beidh an Chúirt ag brath air seo chun cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal de thacaíocht atá de dhíth ar an duine  i ndiaidh dó a bheith scaoilte ó choimircíocht.

Is ag amharc ar chumas an duine chun cinntí ar leith a dhéanamh ag an bhomaite sin atá i gceist le measúnú inniúlachta feidhmiúla. Gheobhaidh sé amach má tá na rudaí seo a leanas ag an duine:

  • An cumas tuisceana ar eolas faoin chinneadh atá siad ag déanamh.
  • An cumas chun an t-eolas a choinneáil fada go leor chun an cinneadh a dhéanamh
  • An cumas ‘machnamh a dhéanamh’ ar an eolas mar pháirt den phróiseas cinnteoireachta
  • An cumas a  chinneadh a chur in iúl trí bhealach ar bith

 

Cad a Chiallóidh seo do Choistí

Faoi choimircíocht, is é duine atá ceaptha ag an chúirt choimircíochta  an coiste, chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine le cead na cúirte. Tiocfaidh deireadh le ról an choiste nuair a scaoiltear an duine ábhartha ó choimircíocht.

Is é ceann de na daoine atá ábalta iarratas a dhéanamh chun an duine a scaoileadh ó choimircíocht é an coiste.

D’fhéadfaí an iarchoimircí an iarchoiste a cheapadh le bheith ina cúntóir cinnteoireachta nó comhchinnteoir. Is féidir leis an chúirt choimircíochta iarchoiste a cheapadh mar ionadaí cinnteoireachta.

 

Cad a Chiallóidh seo do Chiste sa Chúirt

Íocfar  as an gciste atá á choinneáil faoi choimircíocht sa chúirt faoi láthair don iarchoimircí. Beidh bainistíocht na gcistí amach anseo ag brath ar na socruithe nua (má tá ceann ann) agus déanfaidh an choimircíocht chúirte an cinneadh seo de réir an cháis.

  • Má fhógraíonn an chúirt choimircíochta nach bhfuil easpa inniúlachta ag an choimircí, scaoilfidh an chúirt an choimircí ó choimircíocht agus ordóidh sé an  réadmhaoin a thabhairt ar ais dó. D’fhéadfadh an chúirt choimircíochta treoir bhreise a thabhairt faoi scaoileadh an iarchoimircí ó choimircíocht agus cúinsí.

 

Má scaoiltear leis an iarchoimircí le:

  • Comhaontú comhchinnteoireachta- gheobhaidh sé a chiste féin nuair a chláraítear an comhaontú comhchinnteoireachta leis an STC. D’fhéadfadh an chomhaontú comhchinnteoireachta a rinne an iarchoimircí agus a chomhchinnteoir páirt de na cistí seo nó na cistí go léir a chur ar fáil chun á bhainistiú i gcomhpháirt. D’fhéadfadh an Chúirt treoir bhreise a thabhairt faoi scaoileadh an iarchoimircí ó choimircíocht agus cúinsí. 
  • Ord ionadaíochta cinnteoireachta- gheobhaidh an iarchoimircí a chiste nuair atá ionadaí cinnteoireachta ceaptha ag an chúirt choimircíochta. Tabharfaidh an t-ord ionadaíochta cinnteoireachta cur síos ar cad atá ceadaithe ag an ionadaí cinnteoireachta a dhéanamh.

Ba cheart do choimircithe reatha do dhaoine fásta smaoineamh ar chuntas bainc a oscailt agus an ciste a lóisteáil isteach ann, mura bhfuil ceann acu cheana. 

Tá an oifig ag pleanáil don dífheistiú de chistí atá sa Chúirt thar ceann choimircithe cúirte agus ag obair leis an oifig um Chuntasóir de na Cúirteanna Breithiúnais, Mercer Éireann, comhairleoirí infheistíochta na Seirbhíse Chúirte agus Comhairleoirí Domhanda na Sráide Staide agus bainisteoirí ciste reatha chun an riosca a bhaineann leis na cistí atá infheistithe sa Chúirt i rith na tréimhse roimh scaoileadh ó choimircíocht a íoslaghdú.

 

Idirthréimhse

Leanfaidh Coimircithe na hOifige Chúirte ar aghaidh ag obair mar is gnách i rith na hidirthréimhse seo. Seolfaidh an oifig teachtaireachtaí díreach chuig coistí de choimircithe chúirte chun iad a chur ar an eolas faoi athruithe atá le teacht.

Tuigeann an oifig agus an fhoireann gur tréimhse d’athrú mór é seo do go leor coimircithe agus coistí. Má tá eolas breise ag teastáil uait nó má tá fiosrúcháin ar bith agat déan teagmháil linn le do thoil trí ríomhphost ag wardsdischargeapplication@courts.ie nó féach ar an eolas atá ar fáil ar suíomh gréasáin na Sei