Liosta de cheisteanna coitianta faoi thairiscint.

Ní mór duit d'fhógra foriarratais (notice of motion) agus mionnscríbhinn forais a ullmhú ar dtús.

Leagtar amach i bhfógra foriarratais cineál d'iarratais chun na cúirte (.i. an méid ba mhaith leat an chúirt a dhéanamh). De ghnáth, bíonn sé bunaithe (nó an 'foras' a bhíonn leis) ar ráiteas mionnaithe fíricí a thacaíonn leis an iarratas ('mionnscríbhinn'). An páirtí atá ag déanamh an iarratais (nó aturnae) a shíníonn. Ní mór é a eisiúint in Oifig na Cúirte Achomhairc sula seirbheáiltear é ar an taobh eile sa chás, laistigh de theorainneacha áirithe ama sula n-éisteann an chúirt é.

Tá dleacht stampála chúirte (court stamp duty) ann – €60.00 faoi láthair – ar an bhfógra foriarratais agus dleacht stampála – €20.00 faoi láthair – ar an mionnscríbhinn forais.

Tabharfar dáta san fhógra i gcomhair éisteachta os comhair breitheamh amháin Dé hAoine. Féadann an breitheamh a chinneadh gur chóir do thriúr breithiúna an fógra a éisteacht. Sa chás seo, cuirfidh sé/sí ar atráth í le go n-éistfear Dé Luain í.