Liosta de cheisteanna coitianta faoi shíneadh ama chun achomharc a thaisceadh

Is gá duit d'fhógra achomhairc a thaisceadh le dleacht stampála chúirte (court stamp duty) – €250.00 faoi láthair.

Is gá duit dleacht stampála chúirte (court stamp duty) – €60.00 faoi láthair – a bheith stampáilte ar an bhfógra foriarratais agus €20.00 ar an mionnscríbhinn forais.

Ar dtús, ba chóir duit toil a iarraidh ar an taobh eile chun d'fhógra achomhairc a chur isteach go déanach. Mura dtoileoidh siad, beidh siad seo a leanas uait:

  • fógra foriarratais
  • mionnscríbhinn forais
  • cóip de d'fhógra achomhairc beartaithe (gan dleacht stampála chúirte)
  • bunchóip fhianaithe den ordú Ard-Chúirte atá le hachomharc.

Beidh ort leabhrán tairisceana a thaisceadh roimh an dáta a tugadh le haghaidh éisteacht na tairisceana.