Is fianaise scríofa mhionnaithe í mionnscríbhinn. Is ráiteas fíorais é chun gur féidir fianaise a chur os comhair na cúirte.

Is fianaise scríofa mhionnaithe í mionnscríbhinn a rialaítear le hOrdú 40 de Rialacha na nUaschúirteanna. Is ráiteas fíorais é chun gur féidir fianaise a chur os comhair na cúirte. An 'teisteoir'  a thugtar ar an té a dhéanann an mhionnscríbhinn. Deimhneascann sé/sí do ghnóthaí áirithe agus mionnaíonn nó dearbhaíonn gur fíor iad.

Ní mór don té atá ag mionnú/dearbhú na mionnscríbhinne go bhfuil na fíorais sa mhionnscríbhinn ar eolas aige/aici.,. Ní féidir leis an mionnscríbhinn argóint dlí ná clostrácht ná toimhdiú a leagan amach ach amháin ar fhoriarratais idirbhreitheacha ar a bhféadfaí ráitis maidir lena gcreideann sé/sí, lena bhforas a thógáil isteach.

Ba chóir mionnscríbhinní a mhionnú ar théacs sácráilte. Mura féidir le duine mionnú ar théacs sácráilte ar chúiseanna eiticiúil nó reiligiúin, is féidir leis an teisteoir dearbhú seachas mionn a thabhairt.

Coimisinéir mionn, aturnae nó oifigeach a bhfuil de chumhacht aige/aici mionna a riar a mhionnaíonn nó a dhearbhaíonn mionnscríbhinní.

Tosaítear mionnscríbhinn le paragraf ina ndeir an teisteoir a (h)ainm, go bhfuil sé/sí os cionn 18 mbliana, a s(h)lí bheatha agus seoladh. Ina dhiaidh sin, deirtear go bhfuil sé/sí "ag mionnú agus an méid a leanas le rá aige/aici..."

Clárófar sa ghiúrád, ag deireadh na mionnscríbhinne, ainm an teisteora, an áit agus an uair a mhionnaítear nó a dhearbhaítear an mhionnscríbhinn.

Ní mór don té atá ag glacadh na mionnscríbhinne a dheimhniú sa ghiúrád (a) go bhfuil aithne phearsanta aige/aici ar an teisteoir nó (b) gur shainaithin duine ar a bhfuil aithne phearsanta aige/aici agus atá ainmnithe sa ghiúrád an teisteoir a dheimhníonn a (h)aithne phearsanta ar an teisteoir nó (c) go bhfuil aitheantas an teisteora cinntithe aige/aici trí thagairt do dhoiciméad ábhartha ina bhfuil grianghraf den teisteoir sular glacadh an mhionnscríbhinn.

Ní mór don teisteoir agus do choimisinéir na mionn a ghlacann an mhionnscríbhinn inisealacha a chur ar aon leasuithe ar an mionnscríbhinn. Ní mór don teisteoir agus do choimisinéir na mionn inisealacha a chur ar aon leasú a dhéantar i ndiaidh na mionn agus is gá giúrád nua.

De phost nó go pearsanta a chuirtear mionnscríbhinní chuig Príomh-Oifig na hArd-Chúirte. Chun mionnscríbhinn a chur isteach, ba chóir duit na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • An bhfuil an doiciméad stampáilte leis an táille cúirte chuí?
  • An bhfuil an mhionnscríbhinn san fhormáid cheart?
  • Ar chuir tú isteach clúdach ar a bhfuil stampa agus do sheoladh, más ag cur sa phost?
  • Ar chuir tú isteach dhá chóip den mhionnscríbhinn, a chuirfear ar ais chugat?
  • Ar chuimsigh tú uimhir thaifid do cháis sa chúinne uachtair ar dheis? - mar shampla, 2014/0000 P?
  • An bhfuil teideal an cháis leagtha amach mar is ceart?
  • Ar chuimsigh tú an clásal comhdaithe seo ag bun na mionnscríbhinne? 'Arna chur isteach thar ceann an ghearánaí/chosantóra, iarratasóra/fhreagróra ag ...'
  • An bhfuil an giúrád comhlánaithe mar is ceart?

 

Níor chóir foilseáin (doiciméid/nithe dá dtagraítear sa mhionnscríbhinn) a chuimsiú leis an mionnscríbhinn agus í á cur faoi bhráid na Príomh-Oifige.