Forfheidhmiú breithiúnais fiachais.

Nuair a fhaightear breithiúnas, ciallaíonn sé go bhfuil an creidiúnaí anois i dteideal meicníochtaí éagsúla a úsáid chun an t-airgead a fháil ar ais. Breithiúnas a fhorfheidhmiú a thugtar air seo - forghníomhú breithiúnais an téarma dlí. Is iomaí sin slí chun breithiúnas a fhorfheidhmiú. An creidiúnaí a roghnaíonn an tslí agus is féidir an iomad slí a úsáid san am céanna.

Tá 12 bhliain ag creidiúnaithe ó dháta an bhreithiúnais chun orduithe forfheidhmiúcháin a lorg. Má eisíodh an t-ordú breithiúnais 6 bliana nó níos mó roimhe sin, b'fhéidir go mbeadh ar an gcreidiúnaí iarratas a dhéanamh sa chúirt i gcomhair cead forghníomhú a eisiúint. Nuair a eisítear, is iondúil go mbíonn orduithe breithiúnais bailí ar feadh bliana agus is féidir iad a athnuachan ina dhiaidh sin.

 

Clárú an bhreithiúnais

Féadann creidiúnaí breithiúnas a chlárú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte. Is féidir breithiúnais ón gCúirt Dúiche, Chúirt Chuarda agus ón Ard-Chúirt araon a chlárú. Ní hionann an breithiúnas a chlárú agus an breithiúnas a fhorfheidhmiú. Cuirtear in iúl leis, áfach, gur ann do bhreithiúnas i do choinne agus, dá thoradh, gur éadócha tú a bheith in ann iasachtaí a fháil amach anseo.

Foilsíonn gníomhaireachtaí tagartha creidmheasa liostaí de bhreithiúnais (mar shampla, in Stubbs Gazette agus i roinnt nuachtán).

Roimh bhreithiúnas a chlárú, ní mór don chreidiúnaí a chur in iúl don fhéichiúnaí go bhfuil sé beartaithe clárú agus seans a thabhairt dóibh an fiach a íoc.

Forghníomhú i leith earraí

Ar phríomhbhealaí forghníomhú breithiúnas tá forghníomhú i leith earraí. In amanna, tugtar tochsal i leith earraí air. Ciallaíonn sé go bhfaigheann creidiúnaí ordú ón gcúirt a threoraíonn do Shirriam nó don Chláraitheoir Contae earraí a urghabháil agus iad a dhíol chun an tsuim airgid atá san fhiach a thiomsú móide costais.

I gcás breithiúnas Ard-Chúirte, tugtar ordú fieri facias nó fifa ar an ordú ina dtreoraítear urghabháil earraí. I gcás breithiúnas Cúirte Cuarda, tugtar ordú forghníomhaithe i leith earraí ar an ordú. I gcás fhorghníomhú breithiúnas Cúirte Dúiche, cuirtear breithiúnas nó foraithne na cúirte féin chuig an Sirriam nó Cláraitheoir Contae le go bhforghníomhaítear é.

 

Orduithe tráthchoda

Tá orduithe tráthchoda faoi rialú Achtanna um Fhorfheidhmiú Orduithe Cúirte 1926 - 2009 agus Ordú 53 de Rialacha na Cúirte Dúiche.

Féadann creidiúnaí iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn an féichiúnaí le tabhairt ar an bhféichiúnaí teacht os comhair na cúirte lena fháil amach cén mhaoin atá aige/aici. Ansin, féadann an breitheamh íocaíocht iomlán nó ina tráthchodanna a ordú agus an mhaoin curtha san áireamh.

Mura gcomhlíontar ordú tráthchoda

Mura n-íocann an féichiúnaí an t-ordú tráthchoda, féadann an creidiúnaí ordú cimithe a iarraidh lena gcimeofaí an féichiúnaí chun an phríosúin.

Baineann an próiseas le toghairm chun teacht i láthair na Cúirte Dúiche.  Cléireach na Cúirte Dúiche a eisíonn í ar iarratas ón gcreidiúnaí.

Tá iallach ar an gcreidiúnaí a chruthú, thar amhras réasúnach, go bhfuil maoin ag an bhféichiúnaí ach go bhfuil an féichiúnaí ag diúltú íoc d'aon ghnó.

Tá de chumhacht ag an gcúirt cunamh dlí a thabhairt duit de réir rialacha na scéime cúnamh dlí coiriúil.
 

Astú tuillimh

Faoi láthair, ní úsáidtear astú tuillimh ach amháin i gcomhair orduithe cothabháil céilí agus páistí.

Morgáiste breithiúnais

Féadann an creidiúnaí muirear a chlárú i leith réadmhaoine ar leis an bhféichiúnaí í. Beidh ar an bhféichiúnaí an morgáiste breithiúnais a íoc nuair a dhíolfar an réadmhaoin.

Astú fiachais/Gairnisí

Má tá airgead ag creidiúnaí ar fhéichiúnaí agus tá airgead ag féichiúnaí ar dhuine eile, féadann an creidiúnaí ordú a fháil a astaíonn an fiachas atá ag an bhféichiúnaí ar an duine eile. Ordú gairnisí a thugtar air seo. Is iondúil nach n-úsáidtear é ach amháin i gcásanna nuair nach bhfuil earraí ar bith le hurghabháil chun an breithiúnas a shásamh.

Ceapadh glacadóra

Is féidir glacadóir a cheapadh ar chuid de do shócmhainní nó ar theacht isteach a bheidh agat feasta amhail cíosanna, ioncam ciste iontaobhais nó pinsean. Tá an dlí sa réimse seo casta ach is cosúil nach féidir glacadóir a cheapadh i leith teacht isteach an ama atá le teacht.

Féimheacht

Mura féidir le féichiúnaithe a gcuid fiach a íoc, féadann siad achainí a chur chuig an Ard-Chúirt chun a fhógairt go bhfuil sé/sí féimhithe. De rogha air sin, féadann an creidiúnaí iarratas a dhéanamh go bhfógrófar an féichiúnaí féimhithe má chomhlíontar coinníollacha áirithe.