Cineálacha cásanna

Gach Gníomh Dlí Teaghlaigh. Áirítear leis seo Achomhairc Chuarda ó Chúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath agus achomhairc ón gCúirt Chuarda lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Nósanna imeachta liostaithe

Bíonn liosta Foriarratas ann gach Luan. Aistrítear toghairmeacha speisialta i ngnóthaí dlí teaghlaigh go dtí liosta an Bhreithimh ó liosta an Mháistir. Cuirtear síos Achainíocha Neamhnithe chun go n-éistear iad nuair is ullamh. Sanntar dátaí éisteachta do thoghairmeacha speisialta agus d'achainíocha Dé Luain le linn gach téarma a ainmnítear mar Liosta chun Dátaí a Shocrú  don chéad téarma dlí eile. Gach cás a liostaítear i gcomhair éisteachta ó Mháirt go hAoine liostaítear iad Dé Luain na seachtaine sin chun a dheimhniú go bhfuil an cás le leanúint ar aghaidh.