Cineálacha cásanna

Dúshláin ar phróisis cinnteoireachta forais riaracháin agus cúirteanna íochtaracha

Nósanna imeachta liostaithe

Iarratas ar chead athbhreithniú breithiúnach is ea an chéad chéim san athbhreithniú breithiúnach agus déantar é ex parte Dé Luain (ar aon dul leis an bhFógra Ginearálta de 2 Nollaig 2019). Nuair a dhéantar ordú ag tabhairt cead don iarratasóir cur isteach ar athbhreithniú breithiúnach, ní mór Fógra Foriarratais bunaidh a chur faoi bhráid na Príomh-Oifige. I ndiaidh an chéad dáta fillte sa liosta Athbhreithniú Breithiúnach, d'fhéadfaí an Foriarratas a liostú ó am go chéile i gcomhair treoracha go dtí go mbeidh sé ullamh chun éisteachta. Ansin, dáilfear dáta éisteachta.

Glao seachtainiúil

Gach cás a liostaítear i gcomhair éisteachta ó Mháirt go hAoine gach seachtain, glaoitear iad ar 10.00 r.n. Déardaoin na seachtaine roimhe chun a dheimhniú go bhfuil an cás le leanúint ar aghaidh. Folmhaítear an dáta éisteachta mura mbíonn aon duine i láthair ag liosta glao Dhéardaoin.

 

Tá na rialacha a bhaineann le hAthbhreithniú Breithiúnach in Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna