Nuair a dhéanann an Chúirt Achomhairc ordú i do chás, ullmhaíonn agus síníonn ('comhlánaíonn') cláraitheoir cúirte an t-ordú. Ní tharraingítear aon ordú  maidir le treoracha a thugtar ag an Liosta Treoracha agus mura bhfuil tú cinnte de na treoracha a tugadh, beidh an oifig chúirte in ann cuidiú ón nóta ar an gcomhad cúirte.

I ndiaidh na Cúirte

I ndiaidh na Cúirte

1. Cóip den ordú a fháil

Tá orduithe Cúirt Achomhairc ar fáil do pháirtithe (mura bhfuil ionadaíocht dlí acu) nó d'aturnaetha ar taifead san achomharc. Cuirfear gnáthchóipeanna de r-phost ach iad a iarraidh. Ó thaobh bunús gach cúise, tá gnáthchóipeanna inghlactha. Is gá cóip fhianaithe, áfach, (deimhnithe ag an oifig chúirte gur cóip fhíor den bhunchóip í) ar roinnt cúiseanna (amhail achomharc ordú Cúirt Achomhairc). Ní mór duit dleacht stampála cúirte  - €15.00 faoi láthair - a íoc as cóip fhianaithe d'ordú ach amháin go bhfuil na himeachtaí díolmhaithe ar tháillí.

Is féidir cóip d'ordú a iarraidh má tá tú ag déanamh ionadaíochta ar do shon féin. Má tá aturnae ag déanamh ionadaíochta ar do shon, is é d'aturnae a dhéanfaidh an t-iarratas.

R-phost: courtofappealcivilorders@courts.ie

Is gá go gcuimseofar sa r-phost uimhir thaifid na Cúirte Achomhairc, teideal an cháis, dáta an ordaithe agus (i gcás aturnaetha) an páirtí a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta ar a s(h)on. Cuirfear gnáthchóipeanna ar ais de r-phost gan aon táille. Ní mór cóipeanna fianaithe d'orduithe a bhailiú go pearsanta ó Oifig na Cúirte Achomhairc - má tá tú ag déanamh ionadaíochta ar do shon féin, iarrfar aitheantas grianghraif.

Féadann tú Cuardach Ard-Chúirte a sheiceáil go bhfeice tú ar comhlánaíodh d'ordú.

2. Teagmháil le cláraitheoir

Seol r-phost chuig courtofappealcivil@courts.ie le dul i dteagmháil le cláraitheoir. Cuir in iúl cé acu cláraitheoir atá i gceist sa líne ábhair. Ba chóir duit uimhir thaifid na Cúirte Achomhairc a chuimsiú agus teideal an cháis, dáta an ordaithe agus an páirtí dá bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta.

3. Cóip de dhoiciméad a iarraidh ón gcomhad cúirte

Dála cóipeanna d'orduithe, is féidir cóip de dhoiciméad a iarraidh ó chomhad na cúirte. Is féidir cóip a iarraidh más ag déanamh ionadaíochta ar do shon féin atá tú. Más aturnae atá ag déanamh ionadaíochta ar do shon, is é an t-aturnae a chaithfidh an t-iarratas a dhéanamh. R-phost: courtofappealcivil@courts.ie

Ní mór duit dleacht stampála cúirte a íoc - €15.00 faoi láthair – ar gach cóip de dhoiciméad. Ní mór duit teacht i láthair Oifig na Cúirte Achomhairc le do dhoiciméid a bhailiú agus an dleacht stampála a íoc. Glacann sé suas le trí lá oibre cóipeanna de dhoiciméid a chur ar fáil.

4.  Breithiúnais scríofa

I mbreithiúnas scríofa, ar iondúil go gcuireann sé críoch le cás, leagtar amach na fáthanna atá le cinneadh a thugann an chúirt. Níos iondúla arís, tugtar breithiúnas ex-tempore neamhscríofa.

Bíonn breithiúnais scríofa na Cúirte Achomhairc  ar fáil ar an suíomh gréasáin seo agus le híoslódáil saor in aisce.

Is féidir cóipeanna fianaithe de bhreithiúnais scríofa a iarraidh de r-phost agus a bhailiú in Oifig na Cúirte Achomhairc ach an dleacht stampála cúirte  chuí a íoc. R-phost  courtofappealcivil@courts.ie. Ba chóir duit uimhir thaifid na Cúirte Achomhairc a chuimsiú agus teideal an cháis agus dáta an bhreithiúnais.

€14.00 móide €1.00 ar gach ceithre leathanach an dleacht stampála chúirte as cóip fhianaithe de bhreithiúnas. Déarfaidh an oifig leat cá mhéad atá le híoc nuair a gheobhaidh siad d'iarratas.

5. Achomharc Ordú de chuid na Cúirte Achomhairc

Is féidir iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Uachtarach (faoi cheann 21 lá de chomhlánú an ordaithe) ar chead achomhairc i leith ordú de chuid na Cúirte Achomhairc.