Is é d’ainm an t-ainm a thugann daoine ort, nó a bhíonn in úsáid agat go coitianta.

Níl sé riachtanach aon fhianaise dhoiciméadach a bheith ann ag tacú leis an ainm sin cé go mbíonn fianaise den chineál sin ag teastáil go minic le haghaidh réimse leathan ábhar riaracháin agus dlí. I gcás bunús daoine is iondúil go soláthraítear agus go nglactar leis an bhfianaise mar theastas breithe agus d’fhéadfaí teastas pósta a bheith leis sa chás ina n-athraítear ainm ar phósadh.

Níl foirmiúlacht ar bith forordaithe de réir an dlí chun ainm duine a athrú nó chun ainm eile a ghlacadh. Is féidir leat an t-ainm a bhíonn in úsáid agat go coitianta a athrú ach ainm nua a ghlacadh. Is dócha, áfach, go mbeidh deacracht áirithe agat an t-athrú a léiriú do chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha mura bhfuil doiciméad ann ina ndéantar tagairt don athrú. Má bhíonn fianaise ag teastáil uait i bhfoirm dearbhaithe doiciméadaigh ar athrú ainm, seachas ar phósadh, b’fhéidir go mbeidh ort doiciméad ar a dtugtar gníomhas aonpháirtí a fhorghníomhú.

Ainm a athrú trí ghníomhas aonpháirtí

Is doiciméad oifigiúil é gníomhas aonpháirtí dréachtaithe agus comhlánaithe ag páirtí amháin. Is minic a bhaintear úsáid as chun rún duine a (h)ainm a athrú a dhearbhú.

Nós imeachta chun gníomhas aonpháirtí a fhorghníomhú

Níl aon cheangal ort treoir a thabhairt d’aturnae nó freastal ar an Ard-Chúirt chun gníomhas aonpháirtí a fhorghníomhú agus ní cheanglaítear ort an doiciméad a chur i dtaisce (nó ‘clárú’) i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.

Is próiseas réasúnta simplí é gníomhas aonpháirtí a fhorghníomhú. Dearbhaíonn an duine gur éirigh sé as an iar-ainm a úsáid agus gur ghlac sé ainm nua chun gach críche.  Is gá an gníomhas a phriontáil ar Pháipéar Gníomhais (ar féidir iad a fháil ó stáiseanóirí dlí), sínithe leis an iar-ainm agus leis an ainm nua agus i láthair finné.

Ní mór don fhinné a bheith 18 mbliana nó níos sine, ní mór dó an gníomhas aonpháirtí a shíniú mar fhinné agus mionnscríbhinn (ar a dtugtar ‘mionnscríbhinn finné fianaithe’) a mhionnú os comhair aturnae nó coimisinéara faoi mhionn ag rá go bhfaca siad síniú an ghníomhais aonpháirtí.

Is féidir leat ár ndoiciméid teimpléid a úsáid gníomhas aonpháirtí agus  Mionnscríbhinn Finné Fianaithe chun do ghníomhas aonpháirtí a fhorghníomhú.

Ní mór cóip den ghníomhas aonpháirtí agus mionnscríbhinn an fhinné fianaithe a sholáthar don oifig leis na doiciméid bhunaidh. Ní mór na cóipeanna a bheith ar Pháipéar Gníomhais freisin.

Is féidir na cáipéisí seo a úsáid ansin le do theastas breithe mar fhianaise gur athraíodh d’ainm.

Seachas táille íosta chun an mhionnscríbhinn a mhionnú os comhair an aturnae nó an choimisinéara faoi mhionn, níl aon táille bhreise i gceist.

NÓTA: más náisiúnach neamh-AE tú, beidh cead an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag teastáil uait de réir alt 9 d’Acht na nEachtrannach 1935 chun d’ainm a athrú.

Nós imeachta breise chun an gníomhas a chlárú

Níl aon riachtanas ann gníomhas aonpháirtí a chlárú d’fhonn d’ainm a athrú. Níl éifeacht níos mó ag gníomhas aonpháirtí atá cláraithe in Oifig Lárnach na hArd-Chúirte ná gníomhas aonpháirtí nach bhfuil cláraithe. Is áis é gníomhas aonpháirtí a chlárú sa Phríomh-Oifig atá á soláthar ag Cláraitheoir Chúirt na Príomh-Oifige de réir nósmhaireachta agus cleachtais toisc gur féidir leat d’athrú ainm a chur ar thaifead atá inrochtana go poiblí. Is féidir cuardach poiblí a dhéanamh ar Chlár na nGníomhas.

 

Is é an toradh a bhíonn air seo go gcuirtear in iúl don domhan mór go bhfuil cinneadh déanta agat d’ainm a athrú.

Ina theannta sin, má chláraítear an gníomhas aonpháirtí, coimeádtar taifead den athrú ainm le go n-aithneofar é sa todhchaí agus is féidir cóip dheimhnithe den bhunghníomhas cláraithe a fháil más gá.

Chun gníomhas aonpháirtí a chlárú san Ard-Chúirt, i dteannta le gníomhas aonpháirtí a forghníomhaíodh i gceart ar an mbealach a leagtar amach thuas, tá na critéir seo a leanas i bhfeidhm:

  • (i) Ní mór duit fianaise a sholáthar ar d’ainm roimhe seo (e.g. teastas breithe, deimhniú pósta, athrú ainm roimhe seo trí ghníomhas aonpháirtí, Deimhniú Eadóirsithe).
  • (ii) Más náisiúnach neamh-AE tú, ní mór duit ceadúnas a chur ar fáil chun d’ainm a athrú trí ghníomhas aonpháirtí, eisithe ag an Aire Dlí agus Cirt & Comhionannais de bhun alt 9 d’Acht na nEachtrannach 1935.
  • (iii) Ní mór duit cruthúnas aitheantais grianghrafadóireachta a sholáthar
  • (iv) Ní mór duit dleacht stampála € 60.00 a íoc ar an ngníomhas aonpháirtí
  • (v) Ní mór duit foirm iarratais a chomhlánú chun gníomhas aonpháirtí a chlárú lena n-áirítear admháil go bhfuil sé ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal agus á fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

 

Naisc chuig Doiciméid
Teimpléad Gníomhais Aonpháirtí do Dhaoine Fásta
Mionnscríbhinn Finné Fianaithe
Iarratas chun Gníomhas Aonpháirtí a Chlárú