Cur síos i gcomhair trialach.

I ndiaidh an chosaint a bheith tugtha, féadann an gearánaí fógra trialach a sheirbheáil nó fógra chun dáta trialach a shocrú, faoi mar a threoraíonn an Cláraitheoir Contae.

Ba chóir fógra 10 lá ar a laghad a thabhairt i leith na trialach, murar aontaíodh a mhalairt agus ba chóir an fógra a chur faoi bhráid oifig na Cúirte.

Mura seirbheálann an gearánaí fógra trialach faoi cheann 10 lá ó tugadh an chosaint, féadann an cosantóir fógra trialach a sheirbheáil ar an ngearánaí.

De rogha air sin, féadann an cosantóir iarratas a chur faoi bhráid na cúirte an gníomh a dhíbhe ceal ionchúiseamh.