Mura féidir leat do chuid fiacha a íoc, féadfaidh tú achainí a dhéanamh ar an gcúirt chun Féimheach a bhreithniú 

Má mheasann an chúirt gur féimheach tú, déantar úinéireacht do réadmhaoine a aistriú chuig an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht, le díol aige chun leasa na ndaoine sin a bhfuil airgead acu ort.

Cá dtosaím?

Tá eolas faoi cé acu an féimheacht an réiteach dócmhainneachta an bealach ceart duit nó nach ea ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann.

Nósanna Imeachta agus Eolas Breise

Tá nótaí mionsonraithe agus treoracha faisnéise ar an bpróiseas féimheachta ar shuíomh Gréasáin Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann.

Cad é ról Oifig an Scrúdaitheora in iarratais ar fhéimheacht?

Bíonn Oifig an Scrúdaitheora ag plé le riarachán Liosta Féimheachta na hArd-Chúirte agus bíonn sí ag plé leis an bpáipéarachas a chaithfear a chur i dtaisce d’fhonn dáta éisteachta a fháil.

Éistear an liosta féimheachta ar an Luan le linn théarma na cúirte.

Is féidir teacht ar na foirmeacha atá le comhlánú le haghaidh na cúirte anseo.

Nuair a bhíonn tú ag comhdú do dhoiciméid in Oifig an Scrúdaitheora ní mór duit bunchóip amháin agus dhá chóip de gach doiciméad a thabhairt leat.

Cuardaigh Féimheachta

Sa Chlár Féimheachta Ar Líne tá sonraí faoi fhéimheachtaí pearsanta d’Éirinn agus coinnítear iad in Oifig an Scrúdaitheora.

Tá sé ar fáil le cuardach saor in aisce ar shuíomh Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna Ar Líne (www.csol.ie).

Iarratais aturnae ar chreidiúnaithe (nuashonraithe Deireadh Fómhair 2019)