Is é is forghníomhú an breithiúnas cúirte a chomhlánú nó a chur i bhfeidhm. D'fhéadfaí forghníomhú a eisiúint am ar bith faoi cheann sé bliana de dháta an bhreithiúnais. Chun forghníomhú i ndiaidh sé bliana, ní mór duit iarratas a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte.  Tá gníomh ar bhreithiúnas faoi urchosc reachta i ndiaidh 12 bhliain ó dháta an bhreithiúnais.

Baineann an fhaisnéis ar fhorghníomhú sa rannán seo le breithiúnas a mharcáiltear as loiceadh láithris de bhun ordú an Mháistir, breithiúnas loiceadh cosanta, breithiúnas de bhun ordú na Cúirte, costais ar gearradh cáin orthu, breithiúnais eachtracha, orduithe sealbhaithe agus measúnaithe de chuid an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta.

Forghníomhú de bhun: Breithiúnas a fhaightear sa chúirt

Má fuair tú ordú cúirte ina sainítear méid áirithe damáiste atá le híoc, is féidir an t-ordú a fhorghníomhú sa Phríomh-Oifig. Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:


 

Má shainítear san ordú sceideal íocaíochta /bac ar fhorghníomhú, ag fanacht le híocaíocht srl., ní mór duit mionnscríbhinn fiachais a thaisceadh chun aon suim a íocadh a dhearbhú. Má tá achar ama mar chuid den ordú inar féidir achomharc a thaisceadh, ní mór duit litir a chur isteach ina ndeirtear nach bhfuil aon achomharc taiscthe.

Forghníomhú de bhun: Breithiúnas a fhaightear sa Phríomh-Oifig

Is féidir na doiciméid seo a leanas a chuimsiú i do shraith bhreithiúnais:  

 

Forghníomhú de bhun: Costais ar gearradh cáin orthu

Má tá ordú cúirte faighte agat a gceadaítear cáin a ghearradh ar chostais agus iad a fhionnadh (ag an Máistir Cánach), is féidir an t-ordú a fhorghníomhú nuair a fhaigheann tú teastas cánach ó Oifig an Mháistir Cánach. Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:

 

Forghníomhú de bhun: Breithiúnais eachtracha

Is féidir breithiúnais a fhorfheidhmiú a fhaightear aon áit san Aontas Eorpach (breithiúnais eachtracha) in Éirinn. Braitheann an modh forfheidhmithe ar nádúr an bhreithiúnais.

Ba chóir na nithe a leanas a thabhairt do d'aire:

  • Ba chóir an breithiúnas a bheith deimhnithe ag cúirteanna thír chuí de chuid an AE
  • Is faoi chúirt na tíre sin atá sé a shocrú cén cineál teastais a fheileann
  • Más Teastas na Bruiséile I (44/2001), é ní mór duit iarratas ex-parte a dhéanamh le Máistir na hArd-Chúirte sular féidir aon fhorghníomhú a dhéanamh in Éirinn (Ordú 42A, RSC).
  • Más teastas EEO (805/2004) nó Teastas na Bruiséile I 'athmhúnlaithe' é, féadann an Phríomh-Oifig forghníomhú a eisiúint láithreach a luaithe a thaisctear na páipéir a theastaíonn.

 

Breithiúnais eachtracha conspóidte

Is féidir iad seo a fhorfheidhmiú le hiarratas ex-parte leis an Máistir. Tar éis ordú a fháil ón Máistir, ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:

  • Cóip d'ordú an Mháistir
  • Mionnscríbhinn seirbhíse a dheimhníonn gur seirbheáladh ordú agus fógra forfheidhmithe an Mháistir ar an/na (g)cosantóir(í) - tabhair ceithre seachtaine ón dáta seirbhíse roimh thaisceadh na ndoiciméad
  • Litir aturnae a dheimhníonn nach bhfuil aon achomharc taiscthe - ní mór dáta nach lú ná ceithre seachtaine i ndiaidh sheirbheáil ordú agus fhógra forfheidhmithe an Mháistir a bheith leis seo
  • Má rinneadh an breithiúnas taobh amuigh de limistéar an euro - teastas bainc a mhalartaíonn an tsuim go Euro amhail dáta an bhreithiúnais sa dlínse eachtrach
  • Cóip den fhógra forfheidhmithe
  • Ordú of Fieri Facias 
  • Praecipe Fieri Facias (sínithe) 

 

Breithiúnais eachtracha neamhchonspóidte: Rialacháin Orduithe Forfheidhmithe Chomhairle na hEorpa (EC) Uimh. 805/2004

Trí rialachán (EC) Uimh. 805/2004 a rialaítear deimhniú agus forfheidhmiú orduithe forfheidhmithe na hEorpa. Cruthaítear leis seo Ordú Forfheidhmithe Eorpach d'Éilimh neamhchonspóidte - tá an nós imeachta leagtha amach i gCuid 74, alt V den rialachán. Féach freisin Caibidil II, Airteagal 5 agus Caibidil IV, Airteagal 20 den rialachán.

Chun breithiúnas a fhorghníomhú de bhun an rialacháin, ní mór na doiciméid a leanas a thaisceadh:

  • Teastas Ordú Forfheidhmithe Eorpach (Teastas EEO)
  • Ordú Fieri Facias
  • Praecipe Fieri Facias (sínithe)

 

Is féidir éileamh nach gcomhlíonann ceanglais an rialacháin a fhorfheidhmiú trí iarratas a chur faoi bhráid an Mháistir ar an gcaoi chéanna faoi mar atá leagtha amach i mbreithiúnais eachtracha conspóidte.

Breithiúnais eachtracha conspóidte/neamhchonspóidte: Orduithe Forfheidhmithe Eorpacha Rialachán Comhairle (AE) Uimh. 1215/2012

Trí rialachán (EC) Uimh. 805/2004 a rialaítear deimhniú agus forfheidhmiú orduithe forfheidhmithe na hEorpa. Cruthaítear leis seo Ordú Forfheidhmithe Eorpach ar dhlínse agus aithint agus forfheidhmiú breithiúnas i ngnóthaí sibhialta agus tráchtála (athmhúnlaithe).

 

 

Féach Caibidil III, Airteagal 26 agus Caibidil III, Airteagal 37.1 den rialachán.

Caibidil III, mír 2  a phléann le forfheidhmiú. Tá riachtanais nós imeachta na hÉireann leagtha amach in Ordú 42A, riail 23 RSC

Chun breithiúnas a fhorghníomhú de bhun an rialacháin, ní mór na doiciméid a leanas a thaisceadh:

  • Breithiúnas (nó cóip dheimhnithe móide aistriúchán más cuí)
  • Ordú Forfheidhmithe na hEorpa (cóip bhunaidh nó dheimhnithe móide aistriúchán de dhíth)
  • Mionnscríbhinn seirbhíse d'Ordú Forfheidhmithe na hEorpa le dleacht stampála chúirte chuí  – €20.00 faoi láthair
  • Ordú Fieri Facias
  • Praecipe Fieri Facias (sínithe)

 

Breithiúnas eachtrach neamhchonspóidte –Ordú Íocaíochta Eorpach (Rialachán EC 1896/2006)

Tá cruthú nós imeachta Orduithe Íocaíochta Eorpacha agus forfheidhmitheacht a leithéid d'orduithe á rialú ag Rialachán Comhairle (EC) uimh. 1896/2006. Tá an nós imeachta forfheidhmithe leagtha amach in Aireagal 18 (Forfheidhmitheacht)  agus Airteagal 21 (Forfheidhmiú) den rialachán.

Chun Ordú Eorpach ar Íocaíocht a fhorfheidhmiú de bhun an rialacháin, ní mór na doiciméid a leanas a thaisceadh:

 

 

Forghníomhú de bhun: Ordú Seilbhe

Nuair a ordaíonn cúirt nach mór tailte nó maoin a thabhairt ar láimh nó a ghéilleadh, is féidir iarratas ar fhorfheidhmiú a dhéanamh sa Phríomh-Oifig. Ní mór duit na doiciméid a leanas a thaisceadh:

  • Cóip d'ord cúirte ina maítear nach mór tailte/maoin a thabhairt ar láimh i gcomhair seilbhe
  • Mionnscríbhinn seirbhíse**insert form** d'ordú cúirte agus litir údaraithe **form** ó ghearánaí an cháis
  • Mionnscríbhinn ar neamh-chomhlíonadh ina maítear nár thairg an/na cosantóir(í) seilbh na dtailte/maoine ar aon dul leis an ordú cúirte
  • Litir údaraithe ón ngearánaí a thugann cead do dhuine seilbh a ghlacadh ar a s(h)on
  • Ordú Seilbhe
  • Ordú Praecipe ar Sheilbh (sínithe)

 

Mionnscríbhinn seirbhíse agus mionnscríbhinn ar neamh-chomhlíonadh: D'fhéadfadh doiciméid ar leith a bheith i gceist nó iad a chumascadh in aon doiciméad amháin. Ba chóir gurbh é an té atá údaraithe chun seilbh a ghlacadh ar an maoin a mhionnódh an mhionnscríbhinn ar neamh-chomhlíonadh.

Litir údaraithe: Ba chóir dhá litir bhunaidh a bheith ann - litir amháin le seirbheáil ar an/na (g)cosantóir(í) agus litir le taisceadh le hoifig na cúirte maille leis an gcáipéisíocht eile. Ba chóir mionsonraí na dtailte/maoine agus uimhir/uimhreacha fóilió a lua ar aon dul leis an ordú cúirte.

Forghníomhú de bhun: Measúnú de chuid Bhord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB)

Comhlacht neamhspleách reachtúil é an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta a bhunaigh an rialtas chun an t-am agus costas a bhaineann le héilimh díobhálacha pearsanta a laghdú. Féadann an PIAB leibhéil chúitimh a a bhronnadh ar ionann iad agus leibhéil na gcúirteanna. Ní mór do dhuine atá ar lorg cúitimh as díobháil phearsanta (seachas roinnt eisceachtaí) iarratas a chur faoi bhráid an PIAB.

Tá 21 lá ag freagróir (an té a ndéantar an t-éileamh ina choinne) i ndiaidh go gcuireann an PIAB in iúl dó faoina mheasúnú ar an mbronnadh airgid atá dlite don éilitheoir (an té a dhéanann an t-éileamh) chun an tsuim a bhronntar a ghlacadh nó a dhiúltú. Mura n-admhaíonn freagróir an measúnú, meastar go nglacann sé/sí leis.

Má ghlacann an t-éilitheoir agus an freagróir araon leis an measúnú a dhéanann an PIAB nó mura n-admhaíonn an freagróir an measúnú, eiseoidh PIAB Ordú Íocaíochta. Tá an stádas céanna ag an ordú íocaíochta agus atá ag ordú a dhéantar sa chúirt agus tá ceanglas dlí ar an bhfreagróir an méid a bhronntar a íoc. Mura n-íocann an freagróir, tá an t-ordú íocaíochta in-fhorfheidhmithe trí na cúirteanna d'Ordú Fieri Facias.

Chun Measúnú PIAB a fhorfheidhmiú ní mór na doiciméid seo a leanas a thaisceadh:

  • Measúnú bunaidh an PIAB
  • Ordú Íocaíochta bunaidh an PIAB
  • Mionnscríbhinn fiachais ina ndeimhnítear nach bhfuarthas aon airgead ó rinneadh an tOrdú Íocaíochta
  • Ordú Fieri Facias  (PIAB FIFA)
  • Praecipe Fieri Facias  (PIAB) (sínithe)

 

Féach an doiciméad seo i gcomhair tuilleadh eolais ar Fieri Facias agus Sraitheanna Breithiúnais.