Cad é is cuspóir le Cumhacht Mharthanach Aturnae?

Is é is cuspóir le Cumhacht Mharthanach Aturnae (CMA), duine (Aturnae) a cheapadh, chun aire a thabhairt do do ghnóthaí airgeadais agus / nó pearsanta, sa chás nach bhfuil an cumas meabhrach agat é a dhéanamh tú féin.

Cad is Cumhacht Mharthanach Aturnae ann?

Is duine (an Deontóir) a chruthaíonn Cumhacht Mharthanach Aturnae, a fhad is go bhfuil cumas meabhrach aige. Is é An tAcht um Chumhachtaí Aturnae 1996 agus Cumhachtaí Marthanacha Aturnae Rialacháin (S.I. 196/1996) atá mar reachtaíocht chuí dó seo. Ní thiocfaidh an chumhacht i bhfeidhm ach nuair nach mbíonn an Deontóir in ann go meabhrach a g(h)nóthaí a bhainistiú, agus ag an am sin, is gá don Aturnae / do na hiarrthóirí iarratas a dhéanamh ar an CMA a chlárú.

Is féidir leis an CMA údarás ginearálta a thabhairt don Aturnae, maidir le maoin agus gnóthaí uile an Deontóra, nó féadfaidh sé údarás a thabhairt chun gníomhartha sonracha a dhéanamh thar ceann an Deontóra. Is féidir údarás a thabhairt freisin maidir le cinntí Cúraim Phearsanta.

Cumhacht Mharthanach Aturnae a chruthú

Doiciméad dlíthiúil is ea Cumhacht Mharthanach Aturnae agus dá bhrí sin is fearr treoir a fháil ó aturnae sula gcruthaítear é. Tá deimhniú ó dhochtúir, ina ndearbhaítear cumas meabhrach an Deontóra tráth a chruthaithe ag teastáil. Ní mór d’aturnae an éifeacht a bhaineann leis an gcumhacht a chruthú don Deontóir agus ráiteas a shíniú, ina ndeimhnítear gur thuig an Deontóir an éifeacht a bhaineann leis an gcumhacht a chruthú.

Ní mór don Deontóir, agus an chumhacht á cruthú, sainmhíniú a thabhairt ar na cumhachtaí atá le bheith ag an Aturnae.

Ní mór é a chur in iúl do bheirt (Páirtithe Fógra) ar a laghad go bhfuil an chumhacht cruthaithe. Ní mór do dhuine de na Páirtithe Fógra ar a laghad a bheith ina ghaol fola leis an Deontóir. Mura bhfuil céile an Deontóra mar aturnae caithfear an céile a ainmniú mar Pháirtí Fógra.

An gá don Aturnae a bheith ina b(h)all teaghlaigh?

Níl aon riachtanas don Aturnae a bheith ina g(h)aol leis an Deontóir. Is féidir leis an Deontóir duine ar bith a cheapadh chun gníomhú agus is féidir go ndéanfaidh siad níos mó ná Aturnae amháin a cheapadh más mian leo.

Cé nach féidir leis gníomhú mar Aturnae?

  • Daoine atá faoi bhun 18 bliana d'aois
  • Féimhigh
  • Daoine a ciontaíodh i gcalaois
  • Daoine dícháilithe de réir Acht na gCuideachtaí
  • Corparáid aonair nó corparáid iontaobhais ar leis Teach Altranais ina bhfuil an Deontóir ina chónaí

Cumhacht Mharthanach Aturnae a chlárú

Ní bhíonn an Chumhacht Mharthanach Aturnae in éifeacht go dtí mbíonn sé cláraithe. Ní mór don Aturnae/ na hAturnaetha iarratas a dhéanamh chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte chun clárú, a luaithe a fhaightear fianaise leighis, trína ndeimhnítear nach bhfuil an Deontóir in inmhe ó thaobh meabhrach de, nó ag dul sa treo seo, a c(h)uid gnóthaí a bhainistiú. Go hiondúil is é an t-aturnae a dhréachtaigh an Chumhacht Mharthanach Aturnae a ghlacann freagracht as an doiciméad a chlárú.

Is gá  fógra a thabhairt do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, don Deontóir agus do na Páirtithe Fógra, go bhfuil sé beartaithe acu iarratas a dhéanamh chun an chumhacht a chlárú, agus tar a éis sin, tá tréimhse cúig seachtaine ann, inar féidir le haon duine de na páirtithe achomharc a dhéanamh i gcoinne an chláraithe más mian leo. Tá na forais ar ar féidir achomharc a dhéanamh liostaithe ar an bhFógra Rúin chun Iarratas a Dhéanamh ar Chlárú. Ba chóir aon achomharc a sheoladh i scríbhinn chuig  Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.

Cumhacht Mharthanach Aturnae a Aisghairm

Is féidir leis an Deontóir CMA a aisghairm ag pointe ar bith, sula ndéantar iarratas ar chlárúchán. A luaithe agus a bhíonn an CMA cláraithe, ní féidir é a aisghairm ach amháin trí iarratas chuig an Ard-Chúirt.

Ról na hArd-Chúirte

Tá ról maoirseachta ag an Ard-Chúirt i leith CMA, lena n-áirítear an chumhacht treoracha a thabhairt maidir le bainistíocht agus diúscairt mhaoin an Deontóra. Ní féidir CMA a chur ar ceal, nuair a bhíonn sé cláraithe, ach amháin trí chead ón Ard-Chúirt.

I ndiaidh clárúcháin, ní bhíonn aon ról ag Oifig na gCoimircithe Cúirte maidir le Deontóir, nó Aturnae/Aturnaetha ceaptha faoi Chumhacht Mharthanach.

Naisc Úsáideacha

An tAcht um Chumhachtaí Aturnae, 1996

I.R.Uimh. 196/1996 (Údarás Ginearálta maidir le Maoin & Gnóthaí)

I.R. Uimh. 287/1996 (Cinntí Cúraim Phearsanta amháin)

I.R. Uimh. 66/2000

Dlí-Chumann

Faisnéis do Shaoránaigh