Liosta de cheisteanna coitianta faoi leabhráin treoracha.

Is iondúil gur leabhrán gairid é agus ba chóir é a bheith innéacsaithe, roinnte ina leathanaigh agus in-sainaitheanta i leith an cháis. Ba chóir an breithiúnas agus/nó an t-ordú atáthar a achomharc a bheith san áireamh ann; fógra an achomhairc dheifrithe nó fógra achomhairc (de réir mar is cuí); agus gach fógra de chuid an fhreagróra.

Ní gá duit ach cóip amháin a thaisceadh don éisteacht treoracha. Ní mór leabhair treoracha a thaisceadh faoin Aoine roimh an éisteacht treoracha. Ní ghlacfar le leabhair i ndiaidh an dáta seo - ina áit sin, ní mór iad a thabhairt chun na cúirte ar an lá.