Aguisín G: An Scrúdaitheoir

Uimh. 1 Fógra chun Dul ar Aghaidh
Uimh. 2 Fógra chun Freastal os Chimhair and Scrúdaitheora
Uimh. 3 Fógrán do Chreidiúnaithe agus d'eireadóirí (agra rRaracháin) 
Uimh. 4 Fógrán d'eireadóirí (agra Morgáiste)
Uimh. 5 Fógrán d'eireadóirí (foirm Fada)
Uimh. 6 Fógrán d'éilitheoirí (foirm Ghearr)*
Uimh. 7 Fógra do Chreidiúnaí chum Doiciméid a Thabhairt ar Aird
Uimh. 8 Mionnscríbhinn Seiceadóra nó Riarthóra i dTaobh Éileamh ó Chreidiúnaithe
Uimh. 9 An Foilseán dá dtaigraíther i bhFoirm Uimh. 8.
Uimh. 10 Fógra do Chreidiúnaí gur Ceadaiodh a Éileamh
Uimh. 11 Fógra do Chreidiúnaí a Éileamh a Chruthú
Uimh. 12 Fógra go bhféadar Dréachtaí a Ghlacadh
Uimh. 13 Fógra de bhun Ordú 33. Riail 5.
Uimh. 14 Meabhrán le hAghaidh Thuairim na Cúirte.
Uimh. 15 Iarraidh ar Thuairim na Cúirte.
Uimh. 16 Deimhniú an Scrúdaitheora
Uimh. 17 Mionnscríbhinn ag Fíorú Cuntas agus ag Freagairt Gnáthfhiosrúchán i dTaobh Eastáit Réadaigh agus Phearsanta.
Uimh. 18 Cuntas ar Eastát Pearsanta, Eadhon, Cuntas A. Dá dTagraítear i bhFoirm Uimh 17 "A"
Uimh. 19 Cuntas ar Chíosanna agus Brabúis, Eadhon, Cuntas B. Dá dTagraítear i bhFoirm Uimh 17 "B"
Uimh. 20 Cuntas
Uimh. 21 Deimhniú ar Thoradh Díolacháin
Uimh. 22 Banna Glacadóra nó Leachtaitheora Oifigúil
Uimh. 23 Urrús i bhFoirm Gealltanais Ghlacadóir
Uimh. 24 Mionnscríbhinn ag Fíorú Chuntas an Ghlacadóra
Uimh.25 Mionnscríbhinn ag Fíorí Achomaireachta
Uimh. 26 Mionnscríbhinn ag Fíorí Léirscríbhinní Gníomhas
Uimh.27 Iarraidh chun Cúis a Chur Síos Lena Breithniú Tuilleadh
Uimh. 28 Fógra gur Cuireadh Cúis Síos lena Breithniú Tuilleadh
Uimh. 29 Ordú le hAghaidh Cuntas agus Fiosrúchán
Uimh. 30 Meabhrán ar Fhógra Breithiúnais
Uimh. 31 Meabhrán gur Seirbheáladh Fógra Breithiúnais

 

Uimh. 1.

O.55, r. 11

 

FÓGRA CHUN DUL AR AGHAIDH.

_______

[Teideal an agra].

Bíodh seo ina Fhógra go mbeidh an cás seo ar an liosta in Oifig an Scrúdaitheora Dé..... an......lá de....., 20....., ar a haon déag a chlog, roimh nóin, ar éisteacht iarratais i bpáirt an [ghearánaí] chun dul ar aghaidh leis na cuntais agus na fiosrúcháin a ordaíodh leis an ordú a rinneadh san agra seo agus dar dáta an.....lá de....., 20..... [nó de réir mar a bheidh].

Arna dhátú

(Arna shíniú)

_______

Uimh. 2.

O. 55, r. 5

 

FÓGRA CHUN FREASTAL OS COMHAIR AN SCRÚDAITHEORA.

_______

[Teideal an agra].

Do

Cuirtear toghairm ort leis seo freastal in Oifig an Scrúdaitheora, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, Dé ....., an ..... lá de ....., ar ..... a chlog ..... nóin, chun tú a cheistiú i bpáirt ..... chun críche imeachtaí ar ordaíodh leis an ordú a rinneadh san agra seo, agus dar dáta an ..... lá de ..... , iad a thabhairt os mo chomhairse..

Arna dhátú

Scrúdaitheoir.

Is é ..... a thóg amach an toghairm seo.

Aturnae thar ceann

_______

Uimh. 3.

O. 55, r. 26

 

FÓGRÁN DO CHREIDIÚNAITHE AGUS D’EIREADÓIRÍ (AGRA RIARACHÁIN)..

_______

[Teideal an agra].

De bhun ordaithe ón Ard-Chúirt a rinneadh san agra thuasluaite, tá ar chreidiúnaithe , ba as [seoladh iomlán agus tuairisc], a d’éag i rith, nó timpeall, mhí 20 , sonraí iomlána a n-éileamh agus cineál na n-urrús (más ann) atá acu a chur leis an bpost réamhíoctha an lá de , 20 , nó roimhe sin, chuig as [comhalta de ghnólacht] aturnae(tha) thar ceann an , seiceadóir uacht an sin, éagach [nó de réir mar a bheidh]; [Cuir leis, más gá, agus tá ar gach duine a éilíonn go bhfuil sé ina eireadóir a bhaineann le talamh ruílse cláraithe nó le heastát réadach eile an ............. sin, éagach, a éileamh a thaifeadadh in Oifig an Scrúdaitheora, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, an ... lá sin de ............. , 20 ......... , nó roimhe sin, agus an t-éileamh sin a chruthú le mionnscríbhinn an lá céanna nó roimhe sin] nó, mura ndéanfaidh sé é sin, beidh sé eisiata go dofhreagartha ó thairbhe an ordaithe sin.

Déanfaidh gach creidiúnaí [cuir leis, más gá, nó éilitheoir] ag a bhfuil aon urrús, má éilítear sin air le fógra i scríbhinn ón .............. sin, an t-urrús sin a thabhairt ar aird mar a éilítear leis an bhfógra sin.

Arna dhátú

Scrúdaitheoir.

_______

Uimh. 4.

O. 55, r. 26

 

FÓGRÁN D’EIREADÓIRÍ (AGRA MORGÁISTE).

_______

[Teideal an agra].

De bhun ordaithe ón Ard-Chúirt a rinneadh san agra thuasluaite, tá ar gach duine a éilíonn gurb eireadóir é a bhaineann le leas an chosantóra i [gearrthuairisc na maoine] a éileamh a thaifeadadh in Oifig an Scrúdaitheora, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, an........ lá.... de....... , nó roimhe sin, agus an t-éileamh sin a chruthú le mionnscríbhinn an lá céanna nó roimhe sin nó, mura ndéanfaidh sé é sin, beidh sé eisiata go dofhreagartha ó thairbhe an ordaithe sin. Gach eireadóir den sórt sin a bhfuil aon urrús aige, ceanglaítear air an t-urrús sin a thabhairt ar aird inOifig an Scrúdaitheora an......... lá.....de............ , ar a haon déag a chlog roimh nóin, is é sin, an t-am atá ceaptha chun na  héilimh a bhreithniú.

Arna dhátú

Scrúdaitheoir.

_______

Uimh. 5.

O. 55, r. 26

 

FÓGRÁN D’ÉILITHEOIRÍ (FOIRM FHADA).

_______

[Teideal an agra].

Do.............agus dá chlann (más ann) ar a bhfuarthas an tásc is déanaí i.........................timpeall na bliana 20....................

De bhun ordaithe ón Ard-Chúirt a rinneadh san agra thuasluaite, gach duine a éilíonn gur neasghaol é[nó de réir mar a bheidh] do................... , éagach, a d’éag i ............... ar, nó um, an .............. lá de 20 , agus go h´airithe, a uncail [nó de réir mar a bheidh], an ................... sin, agus a chlann (más ann), ceanglaítear orthu a n-éilimh a thaifeadadh, an...........lá de ................ 20........., nó roimhe sin, in Oifig an Scrúdaitheora, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, Éire, agus, má éilítear sin orthu le fógra i scríbhinn ó............... , cruthaídís an t-éileamh sin le mionnscríbhinn laistigh de cibé tréimhse ama a shonrófar san fhógra sin nó , mura ndéanfaidh siad é sin, eisiafar iad go dofhreagartha ó thairbhe an ordaithe sin. Tá an ......... lá de...................., 20............. , ar a haon déag a chlog roimh nó in, in Oifig an Scrúdaitheora, ceaptha chun na héilimh a éisteacht agus a bhreithniú.

Arna dhátú

Scrúdaitheoir.

_______

Uimh. 6.

O. 55, r. 26

 

FÓGRÁN D’ÉILITHEOIRÍ (FOIRM GHEARR).*

_______

[Teideal an agra].

Ceanglaítear ar X.Y..................... agus ar a chlann (más ann), ar a bhfuarthas an tásc is déanaí i ............... timpeall 20 .......... , a n-éilimh ar scair in eastát a uncail [nó de réir mar a bheidh] .............................................., éagach, a thaifeadadh in Oifig an Scrúdaitheora, Baile Átha Cliath, Éire, an....... lá de . . . . . . . . .. . . . . . . . . . , 20 .... , nó roimhe sin.

Arna dhátú

Scrúdaitheoir.

*Níl an Fhoirm seo le húsáid mura n-ordaítear sin go speisialta.

_______

Uimh. 7.

O. 55, r. 29

 

FÓGRA DO CHREIDIÚNAÍ CHUN DOICIMÉID A THABHAIRT AR AIRD..

_______

[Gearrtheideal an agra].

Ceanglaítear ort leis seo [tabhair tuairisc an doiciméid atá le tabhairt ar aird] a thabhairt ar aird mar thaca leis an éileamh a chuir tú isteach in aghaidh eastát , éagach, os comhair an Scrúdaitheora, ina Oifig, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, an.....lá de........, 20..... , ar........... a........... chlog nóin.

Arna dhátú

(Arna shíniú)

Do

_______

Uimh. 8.

O. 55, r. 31

 

MIONNSCRÍBHINN SEICEADÓRA NÓ RIARTHÓRA I DTAOBH ÉILEAMH Ó CHREIDIÚNAITHE.

_______

[Teideal an agra].

Mionnaímidne, A.B., as, etc., an gearánaí [nó an cosantóir, nó de réir mar a bheidh], is é sin, seiceadóir [nó riarthóir] Z, éagach, ba as ......... i gcontae......... , agus E.F., as etc., aturnae, agus deirimid ar leithligh mar a leanas:

Deirimse, an E.F sin, ar mo shon féin, mar a leanas:

1. Sa scríbhinn pháipéir ar a bhfuil an marc A., agus ar ar shínigh mé m’ainm sular mhionnaigh mé an mhionnscríbhinn seo, tá leagtha amach agam liosta de na héilimh go léir ar cuireadh sonraí ina dtaobh isteach chugam ó dhaoine atá ag éileamh gur creidiúnaithe iad de chuid an Z sin, éagach, de bhun an fhógráin a eisíodh chuige sin agus dar dáta an lá de..... 20...... .

Agus deirimse, an A.B. sin, ar mo shon féin, mar a leanas::

2. Scrúdaigh mé sonraí na n-éileamh leithleach atá luaite sa scríbhinn pháipéir sin ar a bhfuil an marc A., agus chuir mé an céanna i gcóimheas le leabhair, cuntais agus doiciméid an Z sin [nó de réir mar a bheidh] [agus luaigh aon fhiosrúcháin nó imscrúduithe eile a rinneadh], chun a fháil amach, go feadh mo chumais, cad iad na héilimh acu sin a bhfuil eastát an Z sin faoi dhliteanas cóir ina leith.

3. De thoradh an scrúdaithe sin [agus luaigh aon chúiseanna eile] creidim go bhfuil eastát an Z sin faoi dhliteanas cóir i leith na suimeanna atá leagtha amach sa séú colún den chéad chuid den scríbhinn pháipéir sin, ar a bhfuil an marc A., agus, de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim, tá na suimeanna leithleacha sin dlite go cóir as eastát an Z sin, agus is cuí iad a cheadú do na héilitheoirí faoi seach atá ainmnithe sa sceideal sin.

4. Creidim nach bhfuil eastát an Z sin faoi dhliteanas cóir i leith na n-éileamh atá leagtha amach sa dara cuid den scríbhinn pháipéir sin, ar a bhfuil an marc A., agus nach ceart an céanna a cheadú gan cruthúnas ó na héilitheoirí faoi seach [nó, Ní féidir liom a rá cé acu atá nó nach bhfuil eastát an Z sin faoi dhliteanas cóir i leith na n-éileamh atá leagtha amach sa dara cuid den scríbhinn pháipéir sin, ar a bhfuil an marc A., ná cé acu is cuí nó nach cuí na héilimh sin, nó aon chodanna díobh, a cheadú gan tuilleadh fianaise].

5. Ach amháin mar atá luaite anseo roimhe seo, níl aon éilimh eile ann in aghaidh eastát an Z sin, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom, agus mar a chreidim..

Arna mhionnú, etc..

_______

Uimh. 9.

O. 55, r. 31

 

AN FOILSEáN Dá DTAGRAÍTEAR I BHFOIRM Uimh. 8. 

_______

"A."

[Gearrtheideal an agra].

Liosta d’éilimh ar cuireadh sonráı ina dtaobh isteach go E.F., aturnae an ghearánaí [nó an chosantóra, nó de réir mar a bheidh], ó dhaoine atá ag éileamh gur creidiúnaithe iad de chuid Z, éagach, de bhun an fhógráin a eisíodh chuige sin agus dar dáta an... lá de....... , 20...... .

Tugadh ar aird agus taispeánadh an scríbhinn pháipéir seo, ar a bhfuil an marc A., do  ..... agus is í an ceann í dá dtagraítear sa mhionnscríbhinn uaidh a mionnáıodh os mo chomhairse an ...... lá seo de ..... , 20......
C.D., etc.

AN CHÉAD CHUID. — Éilimh is cuí a cheadú gan a thuilleadh fianaise..

Sraith Uimh.

Ainmneacha na n-éilitheoirí

Seoltaí agus tuairiscí

Sonraí an éilimh

An tsuim a éilítear

An tsuim cuí a cheadú

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

 

 

AN DARA CUID. — Éilimh ar chóir go ndéanfadh na héilitheoirí iad a chruthú.

Sraith Uimh.

Ainmneacha na n-éilitheoirí

Seoltaí agus tuairiscí

Sonraí an éilimh

An tsuim a éilítear

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

 

_______

Uimh. 10.

O. 55, r. 35 (1)

 

Fógra do chreidiúnaí gur ceadaíodh a éileamh. 

_______

[Gearrtheideal an agra.]

An t-éileamh a chuir tú isteach in aghaidh estát Z, éagrach, ceadaíodh é ar shuim € ... , maille le hús ar an tsuim sin de réir €.....     faoin gcéad sa bhlian, ón ... lá de ...., 20....., agus le € .... i leith costas.

[Murar ceadaíodh ach cuid de, cuir leis] Má tá tú ag éileamh go gceadófaí suim is mó ná sin, ceanglaitear ort leais an t-éileamh breise sin a chruthú, agus tá ort mionnscríbhinn a chomdú de réir mar a chomhairleofar duit mar thaca le d'éileamh, agus fógra ina thaobh sin a thabhairt domsa am lá de ...., 20..., seo chugainn nó roimhe sin agus freastal a dhéanamh trí d'aturnae in Oifig and Scrúdaitheora, na Cheithre Chúirt, Baile Átha Cliath, an .... lá de ....... , 20...., ar ..... a chlog ...... nóin, is é sin, an t-am atá ceaptha chun an t-éileamh a bhreithniú.

Arna dhátú

(Arna shíniú)

Do

_______

Uimh. 11.

O. 55, r. 35 (2)

 

Fógra do chreidiúnaí gur ceadaíodh a chrúthú.

_______

[Gearrtheideal an agra.]

 

Ceangláitear ort leis seo an t-éileamh a chuir tú isteach in aghaidh eastát Z, éagach, a chruthú. Tá ort mionnscríbhinn a chomhdú de réir mar a chomh-airleofar duit mar thaca le d'éileamh, agus fógra ina thaobh sin a thabhairt domsa an ...., lá de ..., 20.. , seo chugainn, no róimhe sin agus freastal a dhéanamh trí d'aturnae in Oifig and Scrúdaitheora, na Cheithre Chúirt, Baile Átha Cliath, an .... lá de ....... , 20...., ar ..... a chlog ...... nóin, is é sin, an t-am atá ceaptha chen an t-éileamh a bhreithniú.  

Arna dhátú

(Arna shíniú)

Do

_______

Uimh. 12.

O.55, r. 39

 

Fógra go bhféadfar dréachtai a ghlacadh.

_______

[Gearrtheideal an agra.]

Na dréachtaí ar na suimeanna a ordaíodh a íoc le creidiúnaithe Z, éagach, le hordú arna dhéanamh san agra soe agus dar dáta an .... lá de .... 20...., féadfar iad a ghlacadh in Oifig an Chuntasóra, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, an .... lá de ....... , 20...., agus ina dhiaidh sin.

(Arna shíniú)

Do

_______

Uimh. 13.

FÓGRA DE BHUN ORDÚ 33, RIAIL 5.

_______

[Teideal an agra].

Bíodh seo ina Fhógra go bhfuil an gearánaí á iarraidh na suimeanna leithleacha airgid atá leagtha amach i gCuid I den sceideal a ghabhann leis seo a mhuirearú ar an gcosantóir de bharr ar an tsuim a d’admhaigh an cosantóir a bheith faighte aige sa chuntas uaidh ar a bhfuil an marc ‘‘……’’ agus a fíoraíodh leis an mionnscríbhinn ón gcosantóir a comhdaíodh an…. lá de….. 20…… ;

Agus bíodh seo ina Fhógra thairis sin go bhfuil an gearánaí ag déanamh agóide in aghaidh na míreanna eisíocaíochta a cheadú a luaitear sa chuntas sin ón gcosantóir atá leagtha amach i gCuid II den sceideal a ghabhann leis seo.

Arna dhátú

(Arna shíniú)

Aturnae thar ceann an ghearánaí..

Do/

Aturnae thar ceann an chosantóra.

An sceideal dá dtagraítear thuas.

CUID I.

€ .... fáltais as díol 5 chaora a díoladh an ... lá de .... de bhreis ar an tsuim a féichiúnaíodh ag mír.....

€ ....  díbhinn don bhliain dar chríoch an ... lá de .... . As.

€ .... Stoc Iascachta Cogaidh agus nár féichiúnaíodh sa Chuntas sin.

CUID II.

Míreanna uimhreacha ... go ..., go huile, agus € .....  cuid de mhír uimhir ..... nach bhfuil eastát an éagaigh faoi  dhliteanas ina leith ná i leith aon choda den chéanna. 

_______

Uimh. 14.

O. 55, r. 48

 

MEABHRÁN LE HAGHAIDH THUAIRIM NA CÚIRTE.

_______

[Teideal an agra].

Bíodh seo ina Fhógra go ndearnadh an meabhrán atá i gceiangal leis seo a thaifeadadh lena eísteacht os comhair na Cúirte Dé ... an ... lá de ....., 20... , ar a haon déag a chlog roimh nóin nó an chéad uair a bheidh caoi ann chuige ina dhiaidh sin.

Arna dhátú

(Arna shíniú)

[Ar dhuilleog a chuirfear i gceangal leis an bhfógra sin thuas, scríobh an teideal athuair agus lean ar aghaidh]

Meabhrán..

 

[Leag amach ráiteas comair ar na fíorais agus an deacracht].

Tá treoracha na Cúirte á lorg ag an (ngearánaí) maidir le [leag amach an cineál faoisimh atá á lorg].

(Arna shíniú)

_______

Uimh. 15.

O. 55, r. 48

 

IARRAIDH AR THUAIRIM NA CÚIRTE.

_______

[Teideal an agra].

 

Bíodh seo ina Fhógra go dtiocfaidh an iarraidh atá i gceangal leis seo ón (ngearánaí) os comhair na Cúirte lena eisteacht Dé ....  an ..... lá de ...., 20...., ar a haon déag a chlog roimh nóin nó an chéad uair a bheidh caoi ann chuige ina dhiadh sin.

Arna dhátú

(Arna shíniú)

Do

[Ar dhuilleog a chuirfear i gceangal leis an bhfógra sin thuas, scríobh an teideal athuair agus lean ar aghaidh]

An Iarraidh

Iarann an (gearánaí) breith no Cúirte go ndéanfaí rialú and Scrúdaitheoira dar dáta an ... lá de ...., 20..., lenar [leag amach cinéal an rialaithe] a (fhreaschur) (athrú) trí [leag amach an cineál faoisimh atá á lorg].

(Arna shíniú)

_______

Uimh. 16.

O. 55, r. 46

 

DEIMHNIÚ AN SCRÚDAITHEORA.

_______

[Teideal an agra ].

De bhun na dtreoracha a tugadh dom ó…..deimhním leis seo gurb é seo a leanas toradh na gcuntas agus na bhfiosrúchán a tógadh agus a rinneadh de bhun an bhreithiúnais [nó an ordaithe] sa chúis seo dar dáta an…. lá de….:

Rinne an gearánaí agus an cosantóir agus G.H., ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an bhreithiúnais/an ordaithe sin, freastal trína n-aturnaetha faoi seach, nó de réir mar a bheidh.

1. Fuair na cosantóirí,….. , seiceadóirí….. , an tiomnóir, eastát pearsanta arb é a mhéid €…… , agus d’íoc siad, nó tá siad i dteideal go gceadófaí dóibh, i gcuntas an chéanna, suimeanna arb é a méid €…… , agus fágann sin go bhfuil €…… d’iarmhéid dlite uathu [nó dóibh] sa chuntas sin.

Taispeántar sonraí na bhfáltas agus na n-íocaíochtaí thuasluaite sa chuntas ar a bhfuil an marc…….atá fíoraithe leis an mionnscríbhinn ó……….. a comhdaíodh an…. lá de….. agus tá an cuntas sin le comhdú leis an deimhniú seo, ach amháin, i dteannta na suim- eanna a thaispeántar sa chuntas sin a bheith faighte, go bhfuil na suimeanna seo a leanas á muirearú ar na cosantóirí sin, [luaigh na suimeanna anseo nó i sceideal] agus fós gur dhícheadaigh mé na míreanna eisíocaíochta sa chuntas sin darb uimhir ….. , agus…..

[Nó i gcásanna ina ndearnadh athscríbhinn.]

Thug na cosantóirí,……… , isteach cuntas arna fhíorú leis an mionnscríbhinn ó……………. , a comhdaíodh an….. lá de……………… , is cuntas ar a bhfuil an marc…… , agus tá an cuntas sin le comhdú leis an deimhniú seo. Athraíodh an cuntas, agus is athscríbhinn den chuntas, mar a athraíodh agus mar a faomhadh é, an cuntas ar a bhfuil an marc……….. , agus tá sé sin freisin le comhdú leis an deimhniú seo.

2. Tá na fiacha sin de chuid an tiomnóra a ceadaíodh leagtha amach sa………… sceideal a ghabhann leis seo, agus, mar aon leis an ús orthu agus leis na costais atá luaite sa sceideal, dlitear iad do na daoine atá ainmnithe sa sceideal sin, agus is é €……… a méid iomlán.

3.Suim €……… méid chaiteachais adhlactha an tiomnóra agus cheadaigh mé é sin do na seiceadóirí sin i gcuntas sin an eastáit phearsanta.

4. Tá na leagáidí a thug an tiomnóir leagtha amach sa……… sceideal a ghabhann leis seo agus, mar aon leis an ús orthu atá luaite, dlitear fós iad do na daoine atá ainmnithe sa sceideal sin, agus is é €……… a méid iomlán.

5. Tá sonraí ar a bhfuil amuigh d’eastát pearsanta an tiomnóra leagtha amach sa…….. sceideal a ghabhann leis seo.

6. Tá sonraí an eastáit réadaigh a raibh teideal ag an tiomnóir chuige leagtha amach sa……. sceideal a ghabhann leis seo.

7. Fuair na cosantóirí cíosanna agus brabúis as eastát réadach an tiomnóra, etc., [i bhfoirm cosúil leis an gceann a soláthraíodh i dtaobh an eastáit phearsanta].

8. Tá na heirí a luíonn ar eastát réadach an tiomnóra sin sonraithe sa sceideal a ghabhain leis seo.

9. Díoladh no heastáit réadacha de chuid an tiomnóra a ordaíodh a dhíol, agus iocadh isteach sa Chúirt an t-airgead ceannaigh, suim €     san iomlán.

N.B.— Bíodh na huimhreacha sin thuas ag comhfhreagairt do na huimhreacha san ordú, agus i ndiadh gach ráitis insítear mar a leanas cad é an fhianaise a tugadh ar aird:—

Is é atá san fhianaise a thugtar ar aird sa chuntas [ san fhiosrúchán] seo probháid uacht an tiomnóra, an mhionnscríbhinn ó A.B. a comhdaíodh ..... agus mir uimhir ....... den mhionnscríbhinn ó C.D. a comhdaíodh.

_______

Uimh. 17.

O. 55, r. 54

 

MIONNSCÍBHINN AG FÍORÚ CUNTAS AGUS AG FREAGAIRT GNÁTHFHIORSCRÚCHÁN I DTAOBH EASTÁIT RÉADAIGH AGUS PHEARSANTA.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm 1].

 

Mionnaímse, C.D., as etc., an cosantóir,agus deirim mar a leanas: 

1. Tá leagtha amach agam i sceideal I, a gabhainn leis seo, de réir mar is fearr ie eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, cuntas agus fardal iomlán ar an eastát pearsanta a raibh seilbh air nó teideal chuige, tráth a bháis, as Z, an tiomnóir so bhreithiúnas [nó san odrú] dar dáta .... a rinneadh san agra seo atá ainmnithe, agus d'éag an ... lá de .... , agus nár thiomnaigh sé go sonrach.  

2. Lasmuigh dá bhfuil leagtha amach sa sceideal sin I..., agus lasmuigh dá bhfuil tiomnaithe go sonrach ag an tiomnóir sin, ní raibh an tiomnóir sin, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh I bhfios dom nó mar a chreidim, tráth a bháis, i seilbh ná i dteideal aon fhéich ná suime airgid a bhí dó uaimse i gcuntas ar bith, ná aon eastát léasaigh ná eastáit phearsanta ar bith eile.

3. Íocadh caiteachais adhlactha an tiomnóra sin. Is é a bhí sa chéanna na míreanna eisíocaíochta darb uimhir ... Agus ... sa chuntas dá dtagraítear anseo ina dhiadh seo [nó murar íocadh iad, is ceart é sin a rá, agus an méid atá dlite, agus cé dó a bhfuil sé dlithe, a lua]

4. Sa chuntas ar a bhfuil an marc A., agus ar ar shínigh mé m'ainm sular mhionnaigh mé an mhionnscríbhinn seo, ta leagtha amach againn, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, cuntas ionlán ar an eastát pearsanta de chuid an tiomnóra sin, nár thiomnaigh sé go sonrach, a tháinig faoi mo láimh, nó faoi láimh aon duine nó daoine ar ordú uaim, nó chun m'úsáide, maille leis no tráthanna a fuarthas an céanna, ainmneacha na ndaoine óna bhfuarthas é, agus an cuntas ina bhfuarthas é, agus freisin a shamhail sin de chuntas ar na heisíocaíochtaí, na lamháltais agus na híocaíochtaí a rinne mé i gcuntas chaitheachais adhlachta, fhiacha agus eastát pearsanta an tiomnóra sin, maille leis an tráthanna a rinneadh, agus no críocha chun a ndearnadh, an ceanna a eisíoc leo, a lamháil dóibh nó a íoc leo.

5. Ag labhairt dom go deimhneach ar mo shon féin, agus de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim i dtaobh daoine eile, deirim thairis sin, ach amhain mar a thaispeántar so chuntas sin ar a bhfuil an marc A., nach ndearna mé, ná nach ndearne aon duine ná daoine eile ar ordú uaim ná chun m'úsaide, aon chuid d'eastát pearsanta an tiomnóra sin, ná airgead ar bith ina leith, a shealbhú, a ghlacadh, ná a thabhairt isteach, agus nach bhfuil sa chuntas sin ar a bhfuil an marc A. aon mhír eisíocaíochta, lamháltais ná íocaíochta nach mír í a eisíocadh, a íocadh nó a lamháladh iarbhír ar an gcuntas réamhráite.

6. De réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, is é atá san eastát pearsanta de chuid an tiomnóra sin, atá amuigh nó gan diúscairt anois, an mhaoin atá leagtha amach i sceideal II. a ghabhann leis seo.

7. Lasmuigh dá bhfuil leagtha amach i sceideal II., níl aon chuid d’eastát pearsanta an tiomnóra sin amuigh ná gan diúscairt anois, de réir mar is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom nó mar a chreidim.

8. Tá leagtha amach agam i sceideal III. a ghabhann leis seo, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, sonraí an eastáit réadaigh go léir a raibh an Z sin i bhfeo-úinéireacht air nó ina theideal ar dháta a bháis.

9. Lasmuigh dá bhfuil leagtha amach sa sceideal sin, ní raibh an tiomnóir sin tráth a bháis i bhfeo-úinéireacht ná i dteideal eastáit réadaigh ar bith de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom nó mar a chreidim.

10. Tá leagtha amach agam i sceideal IV. a ghabhann leis seo, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, sonraí na n-eirí go léir a luíonn ar eastát réadach an tiomnóra sin, agus an chuid de ar a luíonn na heirí sin faoi seach.

11. Sa chuntas ar a bhfuil an marc B. agus ar ar shínigh mé m’ainm sular mhionnaigh mé an mhionnscríbhinn seo, tá leagtha amach agam, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, cuntas iomlán ar chíosanna agus brabúis uile an eastáit réadaigh de chuid an tiomnóra sin a tháinig faoi mo láimh nó faoi láimh aon duine nó daoine ar ordú uaim, nó chun m’úsáide, maille leis na tráthanna a fuarthas an céanna, ainmneacha na ndaoine óna bhfuarthas iad, an cuntas ina bhfuarthas iad, an chuid den eastát sin ar ina leith a fuarthas iad, agus na tráthanna a tháinig an céanna chun bheith dlite, agus freisin a shamhail sin de chuntas ar na heisíocaíochtaí, na lamháltais agus na híocaíochtaí a rinne mé i leith eastát réadach an tiomnóra sin, nó a chíosanna agus a bhrabús, agus na tráthanna a rinneadh an céanna, ainmneacha na ndaoine lena ndearnadh nó dá ndearnadh iad agus na críocha chun a ndearnadh iad.

12. Ag labhairt dom go deimhneach ar mo shon féin, agus de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim i dtaobh daoine eile, deirim thairis sin, ach amháin mar a thaispeántar sa chuntas sin ar a bhfuil an marc B., nach ndearna mé, ná nach ndearna aon duine eile ar ordú uaim, ná chun m’úsáide, aon chíosanna ná brabúis de chuid eastát réadach an tiomnóra sin, ná aon airgead ina leith, a shealbhú, a ghlacadh ná a thabhairt isteach, agus nach bhfuil sa chuntas sin ar a bhfuil an marc B. aon mhír eisíocaíochta, íocaíochta ná lamháltais nach mír í a eisíocadh, a íocadh nó a lamháladh iarbhír, mar atá ráite thuas.

 

SCEIDEAL I

1. €500 airgid thirim sa teach.

2. €40,000 airgid thirim sa Bhanc.

3. €5,000 Iasacht Náisiúnta 12% in ainm an tiomnóra.

4. €400 dlite ó  T. B. Ó hAnainn mar chíos leathbhliana ar teach i .... go dtí an Chaisc 1982.

5. €700 iarmhéid atá dlite fós ó E.B Mac Conchoille i gcuntas cíosa leathbliana ar fheirm I .... go dtí an Chaisc 1982.

6. €5,000 fiach atá dlite ó S.T. Ó Loingsigh ar bhanna maille le hús ó ....., de réir .... faoin gcéad.

7. Teacht ar léas I ......., atá ar teachtadh faoi léas ar feadh téarma .... bliana a rachaidh in éag ..... , ar chíos € ... sa bhliain, agus é foglighte chuid MCC Durado ar feadh téarma .... a rachaidh in éag an .... ar chíos € ..... sa bhliain. 

SCEIDAL II.

 

[Na sonraí a leagan amach mar atá thuas.]

 

SCEIDAL III.

 

[Gearrchuntas ar an eastát réadach.]

 

SCEIDAL IV.

 

[Gearrchuntas ar na heirí, ina dtaispeántar cén chuid den eastát réadach sin thuas ar a luíonn gach eire acu.]

Arna mhionnú, etc.

_______

Uimh. 18.

O. 55, r. 54

 

CUNTAS AR EASTÁT PEARSANTA, EADHON, CUNTAS A. DÁ DTAGRAÍTEAR I BHFOIRM UIMH. 17.

"A."

_______

[Teideal an agra ].

Tugadh ar aird agus taisoeánadh do CD an cuntas seo ar a bhfuil an marc A., agus is é an cuntas é dá dtagraitear sa mhionnshríbhinn uaidh a mionnaíodh an .... lá seo de... .  

Os mo chomhairse [le síniú anseo ag an gcoimisinéir nó ag an oifigeach ar mionnaíodh an mhionnscríbhinn os a chomhair].

FÁLTAIS

Uimh. of item

An dáta a 
bhfuarthas

Ainmeacha na  ndaoine óna bhfuarthas

An cuntas ina bhfuarthas

An suim
a fuarthas

...

20

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...


 

EISÍOCAÍOCHTAÍ.

 

Uimh. of item

An dáta a 
íocadh nó a
lamháladh

Ainmeacha na  ndaoine lenar iocaidh nó dár lamháladh

An chríoch chun ar íocadh nó chun ar lamháladh

An tsuim a íocadh nó a lamháladh

...

20

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

 

_______

Uimh. 19.

O. 55, r. 54

 

CUNTAS AR CHÍOSANNA AGUS BRABÚIS, EADHON, CUNTAS B. DÁ DTAGRAÍTEAR I BHFOIRM UIMH. 17.

"B."

_______

[Teideal an agra].

Tugadh ar aird agus taispeánadh do C.D. an cuntas seo ar a bhfuil an marc B., agus is é an cuntas é dá dtagraítear sa mhionnscríbhinn uaidh a mionnaíodh an lá seo de .......

Os mo chomhairse [le síniú anseo ag an gcoimisinéir nó ag an oifigeach ar mionnaíodh an mhionnscríbhinn os a chomhair].

FÁLTAIS.

Uimh. na míre

An dáta a 
bhfuarthas

Ainmneacha na
ndaoine óna
bhfuarthas

An cuntas ina
bhfuarthas agus
an chuid den
eastát a
bhfuarthas iad
ina leith, agus an
tráth a bhí dlite

An tsuim
a fuarthas
 

...

20

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

 

 

EISCÍOCAÍOCHTAÍ

 

Uimh. of item

An dáta ar
íocadh nó ar
lamháladh

Ainmneacha na
ndaoine lenar
íocadh nó dár
lamháladh

An chríoch chun
ar íocadh nó
chun ar
lamháladh

An tsuim
a íocadh
nó a
lamháladh

...

20 .

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

 

_______

Uimh. 20.

CUNTAS.

O. 50, r. 19

[Teideal an agra ].

 

Tugadh ar aird agus taispeánadh do...... an cuntas seo ‘‘A’’ agus is é an cuntas é dá dtagraítear sa mhionnscríbhinn uaidh a mionnaíodh an.....lá seo de.....

Os mo chomhairse [Le síniú ag an gcoimisinéir nó ag an oifigeach ar mionnaíodh an mhionnscríbhinn os a chomhair].

Fáltais

Eisíocaíochtaí

Uimh. na 
míre

An dáta a 
bhfuarthas

Ainmneacha 
na ndaoine 
óna 
bhfuarthas

An cuntas 
ina 
bhfuarthas

An tsuim a 
fuarthas

Nótaí Eolais

Uimh. na míre

An dáta ar 
íocadh nó
ar lamháladh

Ainmneacha 
na ndaoine 
lenar íocadh 
nó dár 
lamháladh

An chríoch 
chun ar íocadh nó chun ar 
lamháladh

An tsuim a 
íocadh nó
a lamháladh

Nótaí
Eolais

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

 

 

NÓTA.—Má tá ligin leithleacha déanta ar thailte nó ar áitribh, is ceart cíosrolla san fhoirm seo a leanas a chur isteach mar bhrollach leis an gcuntas, agus na suimeanna a fuarthas iarbhír a thaispeáint ar thaobh an dochair den chuntas mar ‘‘cíosanna a fuarthas mar a luaitear sa chíosrolla.’’

 

CÍOSROLLA

 

Uimh. na 
míre

Ainmniúcháin,
agus 
ainmneacha
tionóntaí

Laethanta 
gála 

Ráta dealúis
a lamháladh
do thionóntaí

Cáin Ioncaim
a lamháladh
do thionóntaí

Cíosanna 
bliantúla
tionóntaí

Riaráistí a
fuarthas 
anuas go
dtí

Cíosanna eile
a d’fhabhraigh 
agus atá dlite 
go dtí

Cíos iomlán 
agus riaráistí

Suimeanna 
a fuarthas 
as na 
suimeanna 
sin

Riaráistí atá
dlite fós

Nótaí
Eolais

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

 

_______

Uimh. 21.

O. 51, r. 8

 

DEIMHNIÚ AR THORADH DÍOLACHÁIN.

____________________

[Teideal an agra].

Deimhnímse, L.M.,........, as......, ceantálaí, an duine a ceapadh chun an teastát a chuimsítear sna sonraí dá dtagraítear anseo ina dhiaidh seo a dhíol, leis seo mar a leanas:—

1. Rinne mé san am agus san áit, sna míreanna agus faoi réir na gcoinníollacha, a shonraítear sna sonraí sin agus sna coinníollacha díolacháin atá i gceangal leis seo agus ar a bhfuil an marc A., na heastáit a thuairiscítear sna sonraí sin a chur suas lena ndíol ar ceant.

2. Tá toradh an díolacháin leagtha amach go fírinneach sa pháipéar imthairisceana atá i gceangal leis seo agus ar a bhfuil an marc B.

3. Fuair mé na suimeanna atá leagtha amach sa cheathrú colún den sceid-eal a ghabhann leis seo mar éarlaisí ó na ceannaitheoirí faoi seach a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach sa dara colún den sceideal sin os coinne na suimeanna sin i leith a n-airgid cheannaigh agus dá réir sin tá na suimeanna atá leagtha amach sa chúigiú colún den sceideal sin dlite fós ina leith.

AN SCEIDEAL DÁ DTAGRAÍTEAR THUAS..

 

Uimhir na míre

Ainm an cheannaitheora

Méid an airgid cheannaigh

Méid na héarlaise a fuarthas

An méid atá dlite fós

...

...

...

...

...

 

(Arna shíniú) L.M

Ceantálaí.

De réir mar is fearr a chreidim, tá an deimhniú sin thuas ceart.

(Arna shíniú) E.F

[An t-aturnae thar ceann an pháirtí ag a raibh seoladh an díolacháin thuasluaite.]

_______

Uimh. 22.

O. 50, r. 16(2)

O. 74, r. 19

BANNA GLACADÓRA NÓ LEACHTAITHEORA OIFIGIÚIL.

Banna Uimh. ...................................................................

Bíodh a fhios ag cách ón nGníomhas seo go bhFuilimse ........................ ............................................................... as ............................................................... agus go bhfuilimidne...............................................................................................
.................................................................................................................................... (i gcomhpháirt agus go leithleach) faoi chuing agus faoi cheangal docht ag an Onórach.............................................................................................................., Uachtarán na hArd-Chúirte, agus ag a chomharbaí oifige, i suim.................. .................................................................................................................................... atá le híoc leis an Uachtarán sin nó lena chomharba oifige de thuras na huaire, agus i ngeall lena híoc go hionraic agus go hiomlán cuirimse, an.............. ....................... sin, ar mo shon féin, agus ar son m’oidhrí, mo sheiceadóirí agus mo riarthó irí agus gach n-aon díobh, agus cuirimidne, an .............................. ........ sin, ar ár son féin agus ar son ár gcomharbaí, ceangal agus oibleagáid dhocht orainn féin leis an ngníomhas seo i leith an iomláin. 

Arna shéalú, etc..

Arna dhátú an...........lá de................................ 20....... .

DE BHRÍ, le hordú ón Ard-Chúirt a rinneadh i [leag amach teideal na n-imeachtaí, lena n-áirítear uimhir an taifid] ....................................................... agus dar dáta an....lá de.........................................................................................,
gur ceapadh.................................................... , atá faoi cheangal mar a luaitear thuas, ina ghlacadó ir os cionn na dtailte agus na n-á itreabh atá luaite san ordú sin (nó ina Leachtaitheoir Oifigiú il ar an gCuideachta .................................... Teoranta sin) ar é a dhul faoi urrús a raibh coinníoll ann cuntas a thabhairt mar is gnách sna cásanna sin.

AGUS DE BHRÍ gur fhormheas an Chúirt ....................................................... ..................................................................................................................................., atá faoi cheangal mar a luaitear thuas, a bheith ina n-urraí ag an ................................................... sin, agus gur fhormheas an Chúirt freisin an banna thuas-scríofa maille leis an gcoinníoll thíos-scríofa a bheith ina urrús cuí faoina rachadh an ............................................................... sin, agus de bhun an ordaithe sin, agus mar fhianaise ar an bhformheas sin, gur shínigh oifigeach cuí na Cúirte ceadú ar a imeall seo.

ANOIS IS É COINNÍOLL an bhanna nó na hoibleagáide sin roimhe seo: Más rud é go ndéanfaidh ...................................................................................... thuasainmnithe, laistigh de dhá mhí dhéag féilire ón ........... lá de ............................., agus cibé tráthanna eile a gceanglóidh an Chúirt air é, cuntas a thabhairt go cuí faoi mhionn san airgead go léir a gheobhaidh sé nó, gan mainneachtain thoiliúil aige, a d’fhéadfadh sé a fháil mar ghlacadóir (nó Leachtaitheoir Oifigiúil) den sórt sin agus go ndéanfaidh sé na hiarmhéideanna a dheimhneofar ó am go ham a bheith dlite uaidh a chur chun feidhme go cuí de réir mar a d’ordaigh nó mar a ordóidh an Chúirt, ansin, ar an gcoinníoll sin a chomhlíonadh, beidh an banna sin roimhe seo ar neamhní agus gan éifeacht, ach MURA gCOMHLÍONFAIDH beidh an céanna i lánfheidhm agus i lánbhrí.

Más cuideachta árachais an t-urra, féadfar na coinníollacha seo a leanas a áireamh:

AR CHOINNÍOLL I GCÓNAÍ má dhéanann an..................................... sin mainneachtain i bpréimh nó suim bhliantúil €............. a íoc leis an gCuideachta......................
Teoranta sin an...........lá de................................................., nó roimhe sin, in aon bhliain, go mbeidh de chead ag an gCuideachta ........................... Teoranta sin, tráth ar bith tar éis na mainneachtana sin, a iarraidh ar an gCúirt í a shaoradh ón uile dhliteanas feasta mar urra den sórt réamhráite i gceann cibé tréimhse ama, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha, a ordóidh an Chúirt chuige sin.

Ar choinníoll i gcónaí, de réir Alt 93 den Acht Árachais, 1936, go dtuigtear agus go gcomhaontaítear gur in Éirinn is iníoctha agus gurb ann a íocfar an t-airgead uile a thiocfaidh nó a fhéadfaidh teacht chun bheith dlite ón urra agus iníoctha aige faoin mbanna seo.

DÁ FHIANÚ SIN, etc.

_______

Uimh. 23.

O. 50, r. 16 (3)

 

URRÚS I BHDFOIRM GEALLTANAIS Ó GHLACADÓIR.

_______

[Teideal an agra].

Geallaimse,....., an glacadóir (agus an bainisteoir) a ceapadh le hordú dar dáta.....(nó a bheartaítear a cheapadh) san agra seo, leis seo go dtabharfaidh mé cuntas go cuí san airgead agus sa mhaoin uile a gheobhaidh mé mar an.....sin, nó a mbeidh mé faoi dhliteanas ina leith, agus go n-íocfaidh mé an t-iarmhéid a bheidh ó am go ham dlite uaim, agus go seachadfaidh mé aon mhaoin a gheobhaidh mé mar an sin, cibé tráth agus ar cibé modh, ar gach slí, a ordóidh an Chúirt.

Agus geallaimidne,....., leis seo (i gcomhpháirt agus go leithleach) go mbeimid freagrach in aon mhainneachtain ag an......sin mar an glacadóir sin agus i gcás an mhainneachtain sin a tharlú go n-íocfaimid le haon duine nó daoine nó ar cibé dóigh eile a ordóidh an Chúirt aon suim nó suimeanna, nach mó san iomlán ná €......., a dheimhneoidh oifigeach cuí na Cúirte ó am go ham a bheith dlite ón nglacadóir sin, agus géillimid do dhlínse na Cúirte san agra seo chun aon éileamh a chinneadh a dhéanfar faoin ngealltanas seo.

Arna dhátú

[Síniú an ghlacadóra agus a urra nó a urraí. Más cuideachta ráthaíochta nó cuideachta eile an t-urra, ní foláir é a shéalú nó é a fhorghníomhú go cuí ar dhóigh eile.]

_______

Uimh. 24.

O. 50, r. 20

 

MIONNSCRÍBHINN AG FÍORÚ CHUNTAS AN GHLACADÓRA.

_______

[Teideal an agra]

Mionnaímse, ...... as ..... an glacadóir a ceapadh san agra seo leis an ordú dar dáta an ...   .. lá de ....., agus deirim mar a leanas:—

1. Léigh mé agus scrúdaigh mé go cúramach an cuntas (agus an cíos-rolla) ar a bhfuil an marc ‘‘A’’ agus ar ar shínigh mé m’ainm sular mhionn-aigh mé an mhionnscríbhinn seo agus rinne mé féin na ríomhaireachtaí éagsúla sa chuntas (agus sa chíosrolla) sin agus tá an céanna fíor agus cruinn i ngach sonra, de réir mar is fearr is eol dom, mar atá ríofa agam agus mar a chreidim.

2. Ón* ..... lá de ..... anuas go dtí an ..... lá de ....., ní bhfuair mé féin, ná ní bhfuair aon duine thar mo cheann, go bhfios dom ná de réir mar a chreidim, ná níl inmhuirir orm mar an glacadóir sin, aon suim thar, ná de bhreis ar, shuim €..... atá leagtha amach ar thaobh an dochair den chuntas sin atá leagtha amach [cuir leis más gá — ar a n-áirítear iarmhéid €..... a deimhníodh a bheith dlite dom ar an gcuntas deireanach uaim].

3. Na suimeanna leithleacha ar éiligh mé creidiúnas ina leith sa chuntas sin, arb é suim €.... a n-iomlán, mar íocaíochtaí agus lamháltais [cuir leis, más gá — ar a n-áirítear iarmhéid €..... a deimhníodh a bheith dlite dom ar an gcuntas deireanach uaim], íocadh iad go leithleach, agus lamháladh iad go fírinneach agus go cóir, na tráthanna a shonraítear sa chuntas sin, agus creidim go fírinneach go bhfuil teideal cóir agam chun creidiúnais sa chéanna mar an glacadóir sin.

4. Na dearbháin a bheartaítear a thabhairt ar aird thar mo cheann ar an gcuntas sin a cheadú, is dearbháin fhíora dhílse iad.

[5. Deirim thairis sin gur chaith mé gach dúthracht ba réasúnach agus ba chuí chun na cíosanna agus na riaráistí a thabhairt isteach a bhí dlite ó na tionóntaí uile agus faoi seach atá leagtha amach sa chíosrolla sin agus nárbh fhéidir liom thar shuim €....., mar atá leagtha amach sa chíosrolla sin, a bhailiú i gcuntas an chéanna.]]

6. Is beo fós do ..... agus do .... , na hurraí .... atá ainmithe sa bhanna dar dáta an ... lá de ..... agus nior tharla do atá ainmithe sa bhanna dar dáta an ... lá de ....., agus níor tharla do cheachrtar acu bheith ina fhéimheach ná bheith dócmhainneach nó Tá Cuideachta Árachais Teo., an t-urra atá ainmnithe sa bahnna dar dáta an .... lá de ..... , ag seoladh gnó i bPoblacht na héireann, agus de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim níor tíoclacadh aon achainí don Chúirt chun an chuideachta sin a fhoirceannadh.

Arna mhionnú etc.

*NÓTA. - Más é seo an chéad chuntas, cuir isteach dáta an ordaithe lenar ceapadh an glacadóir. Murab é seo an chead chuntas, cuir isteach an dáta ar anuas do dtí é atá a chuntas deireanach tugtha ag an nglacadóir.

_______

Uimh. 25.

O. 55, r. 54

 

MIONNSCRÍBHINN AG FÍORÚ ACHMAIREACHTA.

_______

[Teideal an agra].

Mionnaímse, X.Y., as

aturnae thar ceann

agus deirim go ndearna mé an achomaireacht atá scríofa ar dhuilleoga páipéir, agus iad ceangailte le chéile agus an marc ‘‘A’’ orthu, ar ar shínigh mé m’ainm sular mhionnaigh mé an mhionnscríbhinn seo, a scrúdú go cúramach agus gur chuir mé i gcomparáid go cúramach í leis na gníomhais agus na doiciméid leithleacha a n-airbheartáıtear lé i gurb astu a baineadh sleachta inti; agus gurb achomaireacht cheart chruinn í ar na gníomhais agus na doiciméid sin, sa mhéid go mbaineann na gníomhais agus na doiciméid sin leis na hoidhreachtáin dá dtagraítear in ordú a rinneadh san agra seo dar dáta an ..... lá de .....

Arna mhionnú, etc.

_______

Uimh. 26.

O. 55, r. 54

 

MIONNSCRÍBHINN AG FÍORÚ LÉIRSCRÍBHINNÍ GNÍOMHAS.

_______

[Teideal an agra].

Mionnaímse, A.B., as ..... , agus deirim mar a leanas:—

1.Rinne mé an scríbhinn pháipéir ar a bhfuil an marc ‘‘A’’, agus ar ar shínigh mé m’ainm sular mhionnaigh mé an mhionnscríbhinn seo, a scrúdú go cúramach agus a chur i gcomparáid go cúramach leis an dréacht nó an scríbhinn pháipéir ar a bhfuil an marc ‘‘B’’ agus ar ar shínigh mé m’ainm sular mhionnaigh mé an mhionnscríbhinn seo, is é sin, dréacht an tíolacais [nó na socraíochta] a shocraigh an Chúirt de bhun an ordaithe a rinnneadh san agra seo dar dáta

2. Is athscríbhinn agus léirscríbhinn cheart chruinn den dréacht sin an scríbhinn pháipéir sin ar a bhfuil an marc ‘‘A’’.

Arna mhionnú, etc.

_______

Uimh. 27.

O. 36, r. 23

 

IARRAIDH CHUN CÚIS A CHUR SÍOS LENA BREITHNIÚ TUILLEADH.

_______

[Teideal an agra].

Iarraim go ndéanfaí an chúis seo, ar cuireadh breithniú breise uirthi ar atráth le hordú an ..... lá de ......., a chur síos chun í a bhreithniú tuilleadh os comhair an Bhreithimh Onóraigh...........  Uasal.

(Arna shíniú)
X.Y.,
Aturnae an ghearánaí [nó an chosantóra].

_______

Uimh. 28.

O. 36, r. 23

 

FÓGRA GUR CUIREADH CÚIS SÍOS LENA BREITHNIÚ TUILLEADH.

_______

[Teideal an agra].

Bíodh seo ina fhógra go ndearnadh, an .... lá de..... , an chúis seo, ar cuireadh breithniú breise uirthi ar atráth le hordú an ....... lá de...... , a chur síos chun í a bhreithniú tuilleadh os comhair an Bhreithimh Onóraigh Uasal don ......... lá de ......... .

Arna dhátú
(Arna shíniú)
Do
Aturnae thar ceann
Aturnae thar ceann

_______

Uimh. 29.

O. 33, r. 9

 

ORDÚ LE HAGHAIDH CUNTAS AGUS FIOSRÚCHÁN.

__________

ORDAÍONN AN CHÚIRT SEO na cuntais agus an fiosrúchán seo a leanas a thógáil agus a dhéanamh, is é sin le rá:—

1. Cuntas ar an eastát pearsanta [nár tiomnaíodh go sonrach] de chuid Z., éagach, an tiomnóir thuasainmnithe, a tháinig ar láimh

2. Cuntas ar fhiacha an tiomnóra.

3. Cuntas ar chaiteachais adhlactha an tiomnóra.

4. Cuntas ar na leagáidí agus na blianachtaí (más ann) a fágadh le huacht an tiomnóra.

5. Fiosrúchán i dtaobh cad iad na codanna (más ann) d’eastát pearsanta sin an tiomnóra atá amuigh nó gan diúscairt.

AGUS ORDAÍTEAR an t-eastát pearsanta de chuid an tiomnóra [nár tiomnaíodh go sonrach] a chur chun feidhme chun a fhiacha agus caiteachais a adhlactha a íoc i gcúrsa cuí riaracháin, agus ansin chun na leagáidí agus na blianachtaí (más ann) a fágadh lena uacht a íoc..

(Má ordaítear).

 

AGUS ORDAÍTEAR na fiosrúcháin agus na cuntais bhreise seo a leanas a dhéanamh agus a thógáil, is é sin le rá:—

6. Fiosrúchán i dtaobh cén t-eastát réadach a raibh an tiomnóir i bhfeo-úinéireacht air, nó ina theideal, tráth a bháis.

7. Cuntas ar na cíosanna agus na brabúis a fuair.......................................... as eastát réadach an tiomnóra.

8. Fiosrúchán i dtaobh cad iad na heirí (más ann) a luíonn ar eastát réadach an tiomnóra nó ar aon chodanna de agus cad iad na codanna iad.

(Má ordaítear díolachán).

 

9. Cuntas ar a bhfuil dlite do na heireadóirí i leith a n-eirí.

10. Fiosrúchán i dtaobh cad iad tosaíochtaí na n-eirí sin is déanaí atá luaite.

AGUS ORDAÍTEAR eastát réadach an tiomnóra a dhíol faoi fhormheas na Cúirte.

AGUS ORDAÍTEAR breithniú breise na cúise seo a chur ar atráth, agus é a bheith de chead ag aon pháirtí inti iarratas a dhéanamh mar a chomhair-leofar dó.

_______

Uimh. 30.

O. 15, r. 33

 

MEABHRÁN AR FHÓGRA BREITHIÚNAIS.

_______

Bíodh seo ina fhógra go mbeidh tusa [nó, de réir mar a bheidh, an naíon nó an duine mímheabhrach], ón uair a sheirbheálfar an fógra seo, faoi cheangal ag na himeachtaí sa chúis sin thuas sa tslí chéanna amhail is dá mba rud é go ndearnadh páirtí díot [nó den naíon sin nó den duine mímheabhrach sin] ó thús, agus go bhféadfaidh tú [nó an naíon sin nó an duine mímheabhrach sin], ar láithreas a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, freastal ar na himeachtaí faoin mbreithiúnas [nó faoin ordú] atá luaite anseo istigh agus go bhféadfaidh tú [nó an naíon sin nó an duine mímheabhrach sin], laistigh de mhí tar éis an fógra seo a sheirbheáil, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun an breithiúnas [nó an t-ordú] sin a urscaoileadh nó a athrú nó cur leis.

_______

Uimh. 31.

O. 15, r. 34

 

MEABHRÁN GUR SEIRBHEÁLADH FÓGRA BREITHIÚNAIS

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1.]

Déantar meabhrán a thaifeadadh gur seirbheáladh fógra breithiúnais [nó fógra faoi ordú] dar dáta an ....... lá de ........., 20....... , ar an duine thíosluaite, eadhon:—

 

Ainm an pháirtí a seirbheáladh

Dáta na seirbheála

...

 

 

 

...


(Arna shíniú)