Foscríbhinn S: Gníomhas Comhshocraíochta

Uimh. 1

Mionnscríbhinn Forghníomhaithe 

Uimh. 2

Mionnscríbhinn féichiúnaí le haghaidh clárú

Uimh. 3 

Foirm chlár na ngníomhas comhshocraíochta

Uimh. 4

Mionnscríbhinn féichiúnaí de bhun Ordú 82, riail 6

Uimh. 5

Foirm an chláir faoin Deeds of Arrangement Amendment Act 1890

 

Uimh. 1.

O. 82, r. 1

 

MIONNSCRÍBHINN FORGHNÍOMHAITHE.

_______

AN ARD-CHÚIRT

 

Maidir le gníomhas comhshocraíochta dar dáta.... , a rinneadh idir agus

Mionnaímse, as... , agus deirim mar a leanas:-

  1. An doiciméad thuas-scríofa [ atá scríofa anseo istigh] is cóip dhílis é den ghníomhas ag sannadh maoine [nó de réir mar a bheidh], agus de gach sceideal nó fardal atá i gceangal leis an ngníomhas sin nó a bhfuil tagairt dó ann, agus de gach fianú ar a fhorghníomhú.
     
  2. [I gcás fhorghníomhú an ghníomhais ag an bhféichiúnaí] D’fhor- ghníomhaigh an féichiúnaí an gníomhas an ..... lá de ..... 20........ar,........a chlog,........nóin. Bhí mé i láthair nuair a d’fhorghníomhaigh an féichiúnaí an gníomhas sin, agus chonaic mé á fhor- ghníomhú aige é.
     
  3. [I gcás fhorghníomhú an ghníomhais ag creidiúnaí:] D’fhorghníomhaigh........, a chónaíonn i ........ agus ar é, an gníomhas an ........lá de....... ,ar a chlog,...... nóin, agus is eisean an chéad [an t-aon] chreidiúnaí a d’fhorghníomhaigh an gníomhas sin. Bhí mé i láthair nuair a d’fhorghníomhaigh an....... sin an gníomhas sin, agus chonaic mé á fhorghníomhú aige é.
     
  4. Tá cónaí ar an bhféichiúnaí,........ , i ........ agus is é.........
     
  5. Is é [Is iad] seo a leanas an áit [na háiteanna] a bhfuil gnó an fhéichiúnaí sin á sheoladh:—

Arna mhionnú, etc

_______

Uimh. 2.

O. 82, r. 1

 

MIONNSCRÍBHINN FÉICHIÚNAÍ LE HAGHAIDH CLÁRÚ

_______

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

Mionnaímse,....... agus deirim mar a leanas:—

  1. Ar an ..... lá de..... , d’fhorghníomhaigh mé gníomhas ag sannadh maoine [nó de réir mar a bheidh]
     
  2. De réir mar a mheastar is é €............. méid iomlán na maoine de mo chuid a áirítear faoin ngníomhas, agus is é €............. glanmhéid na maoine  de mo chuid a áirítear faoin ngníomhas, tar éis €......... a asbhaint, is é sin, luach* na n-urrús atá ar teachtadh ag creidiúnaithe agus is gá chun fiacha atá dlite dóibh a chumhdach.
     
  3. De réir mar a mheastar is é €....... méid iomlán na ndliteanas orm a áir ítear faoin ngníomhas agus is é €....... glanmhéid na ndliteanas orm a áirítear faoin ngníomhas, tar éis €....... a asbhaint, is é sin, an méid† faoi chumhdach urrús atá ar teachtadh ag creidiúnaithe.
     
  4. [I gcás imshocraíocht a bheith iníoctha:] Is é €....... méid iomlán na himshocraíochta is iníoctha faoin ngníomhas
     
  5. Is iad seo a leanas ainmneacha agus seoltaí mo chreidiúnaithe, mar aon leis na suimeanna atá dlite do gach creidiúnaí nó á n-éileamh acu:

Ainm an chreidiúnaí

Seoladh

Méid an fhéich atá dlite nó á éileamh, tar éis luach an urrúis atá ar teachtadh a asbhaint

...

...

...

 

Arna mhionnú, etc.

*Ní ceart an barrachas (más ann) a mheastar ó urrúis atá ar teachtadh ag creidiúnaithe a bhaint as méid comhlán na maoine.

†Is ceart an tsuim seo a bheith ag freagairt do mhéid na n-urrús a asbhaintear thuas. ceart aon asbhaint a dhéanamh i leith iarmhéideanna neamhurraithe d’fhiacha atá faoi pháirturrús.

_______

Uimh. 3.

O. 82, r. 2

 

FOIRM CHLÁR NA NGNÍOMHAS COMHSHOCRAÍOCHTA 

_______

Uimh.

Ainm, seoladh agus tuairisc an fhéichiúnaí

Áit(eanna) ina bhfuil gnó á sheoladh

Teideal gnólachtaí faoina bhfuil gnó á sheoladh ag an bhféich- iúnaí

Ainm agus seoladh an iontaobhaí (más ann)

An cineál gníomhais agus a éifeacht agus méid na himshoc- raíochta sa €

Méid na maoine de réir mheastachán an fhéichiúnaí

Méid na ndliteanas de réir mheastachán an fhéichiúnaí

Dáta an ghníomhais

Dáta an chláraithe

Méid comhlán na maoine

Luach na n-urrús a tugadh (gan aon bharr- achas measta a chur san áireamh)

Luach glan na maoine

Méid comhlán na ndliteanas

Méid na bhfiach a cumhdaíodh le hurrúis

Glanmhéid na ndliteanas

...

...

...

...

...

...

...

 

 

 

_______

Uimh. 4.

MIONNSCRÍBHINN FÉICHIÚNAÍ DE BHUN ORDÚ 82, RIAIL 6.

_______

AN ARD-CHÚIRT

Maidir le hachainí ó de bhun an Irish Bankruptcy and Insolvent Act, 1857, alt 343..

Mionnaímse, ........ as.......... , agus deirim mar a leanas:-

  1. Is é [Is iad] an áit [na háiteanna] a bhfuil mo ghnó á sheoladh: ........
     
  2. Is é [Is iad] teideal [teidil] an ghnólachta [na ngnólachtaí] faoina bhfuil gnó á sheoladh agam: ........
     
  3. De réir mar a mheastar is é €........méid iomlán mo mhaoine agus is é €........glanmhéid mo mhaoine, tar éis €.................................... a asbhaint, is é sin, luach na n-urrús atá ar teachtadh ag creidiúnaithe agus is gá chun fiacha atá dlite dóibh a chumhdach.
     
  4. De  réir  mar  a  mheastar  is  é €.   méid iomlán na ndliteanas atá orm agus is é €........glanmhéid na ndliteanas atá orm, tar éis €........a asbhaint, is é sin, an méid a chumhdaítear le hurrúis atá ar teachtadh ag creidiúnaithe.
     
  5. Is iad seo a leanas ainmneacha agus seoltaí mo chreid- iúnaithe, mar aon leis na suimeanna atá dlite dóibh nó á n- éileamh acu:—

Ainmneacha na gcreidiu´naithe

Seoltaí

Méid an fhéich atá dlite nó á éileamh, tar éis luach an urrúis atá ar teachtadh a asbhaint.

...

...

 

Arna mhionnú, etc

__________

Uimh. 5.

O. 82, r. 7

 

FOIRM AN CHLÁIR FAOIN DEEDS OF ARRANGEMENT AMENDMENT ACT, 1890

_______

Uimh.

Ainm, seoladh agus tuairisc an fhéichiúnaí

Áit(eanna) ina bhfuil gnó á sheoladh

Teideal gnólachta(í) faoina raibh gnó á sheoladh ag an bhfeíchiúnaí

Amount of property as estimated by debtor

Amount of liabilities as estimated by debtor

Dáta comhdaithe na hachainí agus na mionnscríbhinne socmhainní agus dliteanas

Dáta an chláraithe

An cineál ordaithe agus a éifeacht

Méid comhlán na maoine

Méid na n-urrús a tugadh (gan aon bharrachas measta a chur san áireamh)

Luach glan na maoine

Méid comhlán na ndliteanas

Méid na bhfiach a cumhdaíodh le hurrúis

Méid glan na ndliteanas

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

...

 
_______