Foscríbhinn E: Breithiúnas

Uimh.1

De mhainneachtain láithriú nó cosaint i gcás éilimh leachtaithe

Uimh.2

De mhainneachtain láithriú nó cosaint i gcaingean chun talamh a aisghabháil.

Uimh.3

De mhainneachtain láithriú i gcásanna nach éileamh leachtaithe iad

Uimh.4

Breithiúnas De Bhun Ordaithe.

Uimh.5

Breithiúnas tar éis trialach in éilimh ar fhiacha nó damáistí.

Uimh.6

Breithiúnas Le hAghaidh Chostais an Chosantóra I gCas Scoir.

Uimh.7

Breithiúnas Le hAghaidh Chostais an Ghearánaí Tar Éis  Admháil I Leith Cosanta.

Uimh.8

Breithiúnas Le hAghaidh Costas Tar Éis Airgead A Íocadh Isteach Sa Chúirt a Ghlacadh.

Uimh.9

Deimhniú tar éis trialach - airgead le híoc isteach sa Chúirt (nó le haistriú) agus le hinfheistiú do naíon.

Uimh.10

Ordú ag formheas comhréitigh ar chaingean thar ceann naín.

 

Uimh. 1

 

DE MHAINNEACHTAIN LÁITHRIÚ NÓ COSAINT I GCÁS ÉILIMH LEACHTAITHE.

_______

AN ARD-CHÚIRT

20     Uimh.

Idir

A. B.,

Gearánaí,

agus C.D.,

Cosantóir.

30 Samhain, 20........................

Ós rud é nach ndearna an cosantóir C.D. láithriú (nó cosaint a sheachadadh) faoin toghairm san imeacht seo, breithnítear an lá seo inniu go ngnóthóidh an gearánaí in aghaidh an chosantóra €...................., maille le costais arna bhfómhas.

 

_______

 

Uimh. 2.

 

DE MHAINNEACHTAIN LÁITHRIÚ NÓ COSAINT I GCAINGEAN CHUN TALAMH A AISGHABHÁIL.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

 

30 Samhain, 20......................

Ós rud é nach ndearna an cosantóir, C.D., láithriú (nó cosaint a sheachadadh) faoin toghairm san imeacht seo, breithnítear an lá seo inniu go n-aisghabhfaidh an gearánaí seilbh ar an talamh a dtugtar ..................... de thuairisc air san fhormhuiniú ar an toghairm, maille

le costais arna bhfómhas.

 

_______

 

Uimh. 3.

DE MHAINNEACHTAIN LÁITHRIÚ I GCÁSANNA NACH ÉILEAMH LEACHTAITHE IAD

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

 

30 Samhain, 20......................

Ar iarratas ó aturnae an ghearánaí ordaítear go mbeidh de chead ag an ngearánaí breithiúnas a thaifeadadh de mhainneachtain láithriú i leith an fhaoisimh a éilíodh sa toghairm thionscnaimh san imeacht seo.

Cláraitheoir.

 

_______

Uimh. 4.

BREITHIÚNAS DE BHUN ORDAITHE.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

An 30 Samhain, 20......................

De bhun ordú ....... dar dáta ..... , 20.,

lenar ordaíodh

Breithnítear an lá seo inniu go ngnóthóidh an gearánaí in aghaidh an chosantóra

€ ... , maille le costais atá ama mbreithniú.

Breithníodh agus cinneadh na cos tais sin thuas ar € ... mar a léirítear sa deimhniú ón mBreithneoir Costas Dlí dar dáta an ... lá de ..... , 20 ..

_______

 

Uimh. 5.

BREITHIÚNAS TAR ÉIS TRIALACH IN ÉILIMH AR FHIACHA NÓ DAMÁISTÍ.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

30 Samhain, 20.......................

Ar an gcaingean a thriail an 12 agus 13 Samhain, 20......................, os comhair an Bhreithimh Onónaigh ...................... Uasal [le giúiré agus arna chinneadh don ghiúiré] (luaigh na cinntí mar atá i ndeimhniú an Chláraitheora), agus ar ordú ón mBreitheamh                                           Uasal go dtaifeadfaí breithiúnas don ghearánaí ar €....................... maille le costais [nó de réir mar a bheidh], breithnítear an lá seo inniu go ngnóthóidh an gearánaí in aghaidh an chosantóra €....................... agus €.......................i leith a chostas (nó go ndíbhfear an chaingean, agus go ngnóthóidh an cosantóir in aghaidh an ghearánaí €....................... i leith a chostas).

_______

 

Uimh. 6.

BREITHIÚNAS LE hAGHAIDH CHOSTAIS AN CHOSANTÓRA I gCAS SCOIR.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

An 30 Mean Fómhair, 20 ......


Ós rud é go bhfuil an gearanaí, le fógra i scríbhinn dar data an ... la de ..... 20., tar éis scor go hiomlan den chaingean seo (nó tar éis a éileamh sa chaingean seo a tharraingt siar nó lar éis an méid da éileamh sa chaingean seo a bhaineann le ....... a tharraingt siar nó de réir mar a bheidh), breithnítear an la seo inniu go ngnóthóidh an cosantóir in aghaidh an ghearanaí costais arna mbreithniú.
 

Breithníodh agus cinneadh na cos tais sin thuas ar € ... mar a léirítear sa deimhniú ón mBreithneoir Costas Dlí dar data an ... la de ...... .

 

_______

Uimh. 7.

BREITHIÚNAS LE hAGHAIDH CHOSTAIS AN GHEARÁNAÍ TAR ÉIS ADMHÁIL I LEITH COSANTA

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

 

An 30 Samhain, 20 ..

Ós rud é gur líomhain an cosantóir ina chosaint san imeacht seo foras cosanta a tháinig ann tar éis an chaingean seo a thosú, agus go ndearna an gearánaí, an ..... lá de .... 20., admháil a sheachadadh i leith na cosanta sin, breithnítear an lá seo inniu go ngnóthóidh an gearánaí in aghaidh an chosantóra costais arna mbreithniú.

Breithníodh agus cinneadh na costais sin thuas ar € ... mar a léirítear sa deimhniú ón mBreithneoir Costas Dlí, dar dáta an ... lá de ..... , 20 ..

 

_______

Uimh. 8.

 

BREITHIÚNAS LE hAGHAIDH COSTAS TAR ÉIS AIRGEAD A ÍOCADH ISTEACH SA CHÚIRT A GHLACADH.

_______

[Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].

An 30 Samhain, 20...


Ós rud é gur íoc an cosantóir isteach sa Chúirt sa chaingean seo suim €... mar shásamh in éileamh an ghearánaí, agus go ndearna an gearánaí, leis an bhfógra uaidh dar dáta an ... lá de ....., 20... , an tsuim sin a ghlacadh mar shásamh ina chúis chaingne go léir, agus gur breithníodh costais an ghearánaí sa chaingean seo, agus nach ndearna an cosantóir an céanna a íoc laistigh de 48 n-uaire i ndiaidh an bhreithnithe sin, breithnítear an lá seo inniu go ngnóthóidh an gearánaí a chostais ama mbreithniú in aghaidh an chosantóra.

Breithníodh agus ceadaíodh na costais sin thuas ar €... mar a léirítear sa deimhniú ón mBreithneoir Costas Dlí dar dáta an ... lá de ....., 20..

_______

 

Uimh. 9.

O. 22, r. 10

DEIMHNIÚ TAR ÉIS TRIALACH - AIRGEAD LE HÍOC ISTEACH SA CHÚIRT (NÓ LE HAISTRIÚ) AGUS LE HINFHEISTIÚ DO NAÍON.

_______

[Lean Foirm Uimh. 9 agus gabh ar aghaidh:—]

Agus tar éis deimhniú breithe an naíonghearánaí sin, ina dtaispeántar gur rugadh é an [dáta], a léamh.

D’ordaigh an Breitheamh thairis sin [Lean ar aghaidh mar atá i bhFoirm Uimh. 11 ó (ii) amach].

_______

 

Uimh. 10.

O. 22, r. 10

ORDÚ AG FORMHEAS COMHRÉITIGH AR CHAINGEAN THAR CEANN NAÍN.

_______

[Ceannteideal mar atá sa toghairm].

 

Tar éis [abhcóide] thar ceann an ghearánaí agus [abhcóide] thar ceann an chosantóra a éisteacht, agus tar éis [doiciméid agus dátaí] agus an toiliú [dáta agus sínithe] agus deimhniú breithe an naíonghearánaí, ina dtaispeántar gur rugadh é [dáta], a léamh.

Ordaítear

  1. go bhformheasfar téarmaí na socraíochta a rinneadh idir na páirtithe agus a corpraíodh sa toiliú sin, agus go nglacfar leis an toiliú sin [agus go ndéanfar riail chúirte de] agus go gcomhdófar é leis an ordú seo agus go measfar gur cuid den ordú seo é;

  2. go n-íocfaidh an cosantóir láithreach isteach sa Chúirt i gcreidiúint don chaingean agus i gcreidiúint leithleach an naíonghearánaí suim €..............;

  3. go n-íocfar as an airgead sa Chúirt suim €..............le .............. (mar shásamh ar na costais ospidéil, liachta agus eile);

  4. [más gá] go ndéanfar costais an ghearánaí a fhómhas amhail idir páirtí agus páirtí;

  5. go ndéanfar iarmhéid an airgid sin a infheistiú agus na díbhinní air a charnadh (nó, de réir mar a fhabhróidh siad, agus nuair a fhabh- róidh siad, a íoc le..............lena gcaitheamh chun tairbhe an naín agus chuige sin amháin) le linn mhionaois an naín nó go dtí go dtabharfar ordú eile;

  6. go ndéanfar, mura n-ordaítear a mhalairt, nuair a shlánóidh an [naíon] sin bliain is fiche d’aois, agus ar fhianaise shásúil gur beo dó a thabhairt ar aird do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, an infheistíocht sin a aistriú nó a dhíol agus fáltais an díola sin a íoc amach as an gCúirt leis féin nó de réir mar a threoróidh sé;

  7. [nuair a ordaítear amhlaidh] gur chuig Máistir na hArd-Chúirte a dhéanfar iarratais feasta maidir leis na cistí sa Chúirt.