Is sa Chúirt Dúiche a thionscnaítear gach ionchúiseamh coiriúil seachas cionta áirithe a bpléann an Chúirt Choiriúil Speisialta leo (cionta i gcoinne an Stáit de ghnáth).

Tugtar duine os comhair na cúirte de Thoghairm nó de Bhileog na gCúiseamh.

Is doiciméad dlí í toghairm ina leagtar amach mionsonraí an chiona atáthar ag cur síos do chosantóir. Cuirtear iallach ar chosantóir teacht i láthair cúirte ar leith ar dháta agus am ar leith. Is féidir le comhlachtaí éagsúla toghairm a eisiúint lena n-áirítear an Garda Síochána, gníomhaireachtaí rialtais eile, An Post, agus comhairlí contae.

Is doiciméad é bileog na gcúiseamh a cheapann an Garda Síochána ina bhfuil mionsonraí an chiona faoina ngabhtar agus a gcúisítear cosantóir. Iontrálann duine cúirtbhanna stáisiúin sula scaoiltear saor iad ó stáisiún Garda. Cuirtear d'iallach ar an gcosantóir teacht i láthair cúirte ar leith ar dháta agus am ar leith.