Bille Sibhialta nó Toghairm Díobhálacha Pearsanta sa Chúirt Chuarda (Sibhialta)

Cuirtear isteach ar imeachtaí sibhialta Cúirte Cuarda san Oifig Áitiúil Cúirte Cuarda i bhfoirm Bille Sibhialta (féach foirmeacha Cúirte Cuarda). 

Ní mór an Bille Sibhialta a sheoladh chuig Oifig na Cúirte Cuarda chun go n-eiseofar é. Ní mór dleacht stampála a íoc ar Bhille Sibhialta sular féidir le hOifig na Cúirte Cuarda é a eisiúint. Tá na táillí atá le híoc as Billí Sibhialta leagtha amach san Ordú Táillí Cúirte Cuarda reatha.

Ní mór d'aturnae an ghearánaí/na ngearánaithe an bille sibhialta a sheirbheáil ar an gcosantóir.  Féach Ordú 11, Rialacha na Cúirte CuardaAcht na gCúirteanna 1964 (s.7) agus Acht na gCuideachtaí 2014.

Ní mór go gcuimsítear sa bhille sibhialta an fhaisnéis seo a leanas:

  • Teideal - is iad ainm an ghearánaí agus ainm an chosantóra teideal na n-imeachtaí
  • An cineál bille sibhialta/toghairm díobhálacha pearsanta atá ann, mar shampla 'Gnáthbhille Sibhialta'
  • Cur síos ar na páirtithe. Tabhair an sloinne, céadainm, áit chónaithe nó gnó agus slí bheatha an ghearánaí agus an chosantóra
  • Ráiteas an éilimh. Abair cén cineál, méid agus foras atá in éileamh an ghearánaí i gcoinne an chosantóra. Leag amach go soiléir na líomhaintí atá an gearánaí a dhéanamh agus an díobháil a raibh an gearánaí thíos léi. Abair cad atá an gearánaí ag éileamh ón gcúirt
  • An chuaird chuí ina bhfuil an t-éileamh á dhéanamh
  • Ní mór dáta a bheith ar an mbille sibhialta/toghairm díobhálacha pearsanta agus don ghearánaí nó dá (h)aturnae é a shíniú
  • I gcás díobhálacha pearsanta (ach amháin i gcás faillí leighis), ní mór dearbhú a bheith sa toghairm go ndeachaigh an gearánaí chuig an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB) agus go bhfuil údarú an PIAB aige/aici dul ar aghaidh leis an iarratas ar an gcúirt. Ba chóir gurbh é an dearbhú seo an chéad phointe san fhormhuiniú éilimh. Ba chóir go ndéarfaí ann dáta ar tugadh an teastas ón PAIB agus uimhir an teastais. Ní mór go gcuimseofar sa toghairm fosta uimhir UPS an ghearánaí nó (mura ann di) go ndéarfar nach bhfuil UPS ag an ngearánaí.