Coiste Tagartha
Coiste Tagartha
Coiste Tagartha
Nuair a shealbhaíonn Stát na hÉireann talamh faoi ordú ceannach éigeantach, tá ceart bunreachtúil ag úinéirí talún ar chúiteamh. Nuair a bhíonn díospóid ann faoi chúiteamh, ceapann an Coiste Tagartha Eadránaí maoine faoi fhorálacha an Achta um Shealbhú Talún (Measúnú Cúitimh), 1919. Leis an Acht seo foráiltear i leith Coiste Tagartha chun eadránaí maoine a cheapadh. Féadann an t-údarás sealbhaithe nó an té nó foras a bhfuil a dtalamh á sealbhú iarratas a chur chuig an gCoiste Tagartha le go gceapfar eadránaí.
Is iad na daoine a bhíonn ar an gCoiste Tagartha an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte agus Uachtarán Chumann na Suirbhéirí Cairte. Rialaítear é le dhá shraith rialacha: Na Rialacha um Shealbhú Talún (Measúnú Cúitimh), 1920 (S.R. & O. Uimh. 600) agus Na Rialacha Luachanna Maoine (Eadráin agus Achomhairc), 1961 (I.R. Uimh. 91 de 1961).
Foirm Iarratais
Nóta míniúcháin - conas iarratas a dhéanamh
Iarratas ar ainmniú eadránaí maoine
Ba chóir iarratais ar cheapadh eadránaí a sheoladh chuig:
An Rúnaí,
Coiste Tagartha,
Oifig na Cúirte Uachtaraí,
Na Ceithre Cúirteanna,
Baile Átha Cliath 7.
Ba chóir cárta táille dar luach €31.74 nó seic iníoctha don Phríomh-Chléireach, Cúirt Dúiche Chathair Bhaile Átha Cliath a chur faoi iamh le d'iarratas.