An Chúirt Chuarda - Iarratais ar cheadúnú

An Chúirt Chuarda - Iarratais ar cheadúnú

An Chúirt Chuarda - Iarratais ar cheadúnú

Imeachtaí faoi na hAchtanna um Cheadúnú 1833 - 2003 agus na hAchtanna um Chlárú Clubanna

Iarratais ar cheadúnú

Cineál iarratais

  1. dearbhú (maidir le hoiriúnacht an áitribh)
  2. teastas (de bhun dearbhaithe)
  3. Gach teastas eile (nach de bhun dearbhaithe iad)
  4. dearbhú cláraithe club
  5. teastas cláraithe club

Leagtar síos an dleacht stampa atá iníoctha ar na hiarratais seo sa Sceideal Cuid 3 ar Ordú Táillí na Cúirte Cuarda. Féach freisin Ceadúnú cúirte dúiche agus iarratais eile 

 Fógra iarratais

  1. Ba chóir don Fhógra iarratais a bheith sínithe ag an iarrthóir go pearsanta.
  2. Más corparáid atá san iarratas caithfidh an séala corparáideach a bheith greamaithe den Fhógra os cionn síniú an stiúrthóra agus an rúnaí.
  3. Caithfidh an t-iarratas áit chónaithe an iarrthóra a shonrú agus is gcás corparáide seoladh na hoifige chláraithe.
  4. Caithfidh seoladh an áitribh a bheith san áireamh sa bhfógra ag sonrú:-
    (a) sráid agus uimhir (áitreabh i mbaile)  (b) bóthar nó bealach poiblí a bhfuil an áitreabh in aice leis  (c) baile fearainn, paróiste (sibhialta), barúntacht (áitreabh tuaithe)  (d) contae.
  5. Caithfidh an Fógra suí na cúirte a shonrú chomh maith le dáta tosaithe na seisiún.
  6. Beidh an Fógra seirbheáilte ar Chláraithe an Chontae, Oifig na Cúirte Cuarda ar a laghad 21 lá roimh an dáta ar a bhfuil sé i gceist an Iarratas a dhéanamh.

Cruthúnas seirbheála ar pháirtithe an fhógra atá ag teastáil

  1. Ceannfort na nGardaí Síochána don limistéar ina bhfuil cónaí ar an iarrthóir ar a laghad 21 lá roimh an dáta ar a bhfuil sé i gceist an iarratas a dhéanamh.
  2. Údarás dóiteáin don limistéar ina bhfuil an áitreabh suite, fógra 28 lá ar a laghad i scríbhinn.
  3. (a) Oifigeach i gCeannas, Gardaí Síochána sa Dúiche ina bhfuil an áitreabh suite (b) Breitheamh na Cúirte Dúiche den Dúiche ina bhfuil an áitreabh suite.
    21 lá roimh suí na cúirte ar a laghad.

Foilsiú

  1. Caithfear fógraíocht a dhéanamh ar an bhFógra Iarratais i nuachtán a scaiptear san áit ina bhfuil an áitreabh suite 21 lá ar a laghad sula n-éistfear an iarratais.

Pleananna - riachtanais

  1. Léarscáil den suíomh (tógtha ó shuirbhéireacht ordanáis an limistéir)
  2. Plean an tsuímh.
  3. Pleananna de na hurláir éagsúla.
  4. Líníochtaí ingearchló.
  5. Dathú ar na codanna difriúla nuair a theastaíonn sé chun an sean a dheighilt ón nua, agus athruithe a thaispeáint.
  6. Eochair ag míniú an dathú. Ba chóir go mbeadh líne ciumhaise dearg timpeall ar an limistéar atá beartaithe le bheith ceadúnaithe.
  7. Ba chóir den méid thuas ar fad a bheith ar bhileog amháin nó i bhfoirm leabhráin.

Páipéarachas atá le lóisteáil in Oifig na Cúirte Cuarda.

  1. Fógra iarratais bunaigh le dleacht stampa cuí - lóisteáil 21 lá roimh dáta na cúirte ar a laghad
  2. Mionnscríbhinn(í) seirbheála (gach ceann acu stampáilte leis an táille cuí)
  3. Nuachtán iomlán - ag taispeáint an fhógra (laistigh d'imlíne dearg)
  4. Cóip de phleananna le líne dearg timpeall ar an limistéar atá le ceadúnú.
    (Ar mhaithele riarachán caithfear Uimh. 2 - 4 thuas a lóisteáil 2 lá roimh dháta na cúirte ar a laghad)
  5. Teastas Cláraithe Clubanna
    Leagtar síos an iarratas do dhátaí cúirte cuarda seasta ACH déantar na páipéir ar fad a lóisteáil le Cláraitheoir na gClubanna, An Rannóg Ceadúnaithe, Oifig na Cúirte Dúiche.

Seolann an Chúirt Dúiche an comhad ar aghaidh chuig oifig na Cúirte Cuarda ansin.

Chun liosta de dhátaí cúirte d'iarratais cheadúnaithe a fháil téigh i dteagmháil leis an Oifig Chúirt Chuarda Cuí. Féach freisin an rannóg Téarmaí agus Suíonna den suíomh seo.

Naisc Bhainteacha

Naisc Bhainteacha

Oifig Chuarda agus Dúiche Bhaile Átha Cliath
Dátaí ceadúnaithe Chuaird Bhaile Átha Cliath
Suíonna Cúirte Cuarda - De Réir Cuairde
Riachtanais Príomh-Oifigeach Dóiteáin Bhaile Átha Cliath