Faigh amach cad is gá duit a bheith ar eolas agat i ndiaidh éisteacht do cháis.

Cúirt Achomhairc - Coiriúil - I ndiaidh na Cúirte

Cúirt Achomhairc - Coiriúil - I ndiaidh na Cúirte

1. Ordú a Fhoirbhiú

Is ar iarratas amháin a fhoirbhítear Orduithe Cúirte ar iarratas ceann amháin de na páirtithe. A luaithe a fhoirbhítear, ní mór achomhairc a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí faoi cheann 21 lá de dháta an fhoirbhithe. Féadann páirtithe iad a bhailiú ón gcuntar poiblí sa CCJ (más ag déanamh ionadaíochta ar do shon féin atá tú, iarrfar aitheantas grianghraif ort). Lena chois sin, is féidir orduithe a sheoladh amach de phost má iarrtar.

Is féidir foirbhiú ordaithe a iarraidh más ag déanamh ionadaíochta ar do shon féin atá tú. Más aturnae atá ag déanamh ionadaíochta ar do shon, ní mór don aturnae an t-iarratas a dhéanamh. Ní mór go gcuimseofar ar an r-phost uimhir thaifid na Cúirte Achomhairc, teideal an cháis, dáta an ordaithe agus (i gcás aturnaetha) deimhniú an pháirtí a bhfuil tú  ag déanamh ionadaíochta ar a s(h)on. Tá iarratais le seoladh de r-phost chuig: courtofappealcriminal@courts.ie

2. Cóip de dhoiciméad a iarraidh ó chomhad na cúirte

Ní mór go sainítear na doiciméid atá de dhíth in iarratais cleachtóirí ar chóip de dhoiciméad cúirte ó chomhad na cúirte agus iomlán mionsonraí a bheith san iarratas. Tá iarratais le seoladh de r-phost chuig: courtofappealcriminal@courts.ie

3. Breithiúnais scríofa

Tá Breithiúnais na Cúirte  ar fáil ar an suíomh gréasáin seo agus le híoslódáil saor in aisce.

Ar bhunús gach cúise tá gnáthchóipeanna inghlactha. Tá cóip fhianaithe (arna deimhniú ag oifig na cúirte gur cóip fhíor den bhundoiciméad í), áfach, de dhíth ar chúiseanna áirithe (amhail achomharc ordú Cúirte Achomhairc). Is féidir cóipeanna fianaithe a iarraidh de r-phost. Ba chóir go gcuimseofaí uimhir thaifid na Cúirte Achomhairc, teideal an cháis agus dáta an ordaithe. Tá iarratais le seoladh de r-phost chuig: courtofappealcriminal@courts.ie.
Féadann páirtithe a shocrú iad a bhailiú ón gcuntar poiblí sa CCJ (más ag déanamh ionadaíochta ar do shon féin atá tú, iarrfar aitheantas grianghraif ort). Is féidir breithiúnais a sheoladh de phost fosta, má iarrtar.

4. Ordú de chuid na Cúirte Achomhairc a achomharc

Is féidir iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Uachtarach (faoi cheann 21 lá d'fhoirbhiú an ordaithe) chun cead achomhairc i leith ordú de chuid na Cúirte Achomhairc. Tá tuilleadh mionsonraí  anseo agus ar shuíomh gréasáin na Cúirte Uachtaraí