Is cúirt í an Ard-Chúirt ina ndílsítear dlínse bunaidh iomlán atá bunaithe faoi Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann

Féadann an Ard-Chúirt cinneadh a dhéanamh ar gach ábhar agus ceist, bainidís le dlí nó fíoras, sibhialta nó coiriúil. Níl aon teorainn ná srian maidir le cén áit ar chóir tús a chur le himeachtaí ná cá mhéad airgid is féidir leis an Ard-Chúirt a bhronnadh mar chúiteamh nó mar dhamáistí.

I gcásanna áirithe sibhialta, amhail clúmhilleadh, ionsaí nó príosúnú neamhdhleathach, suífidh breitheamh le giúiré san Ard-Chúirt. I ngach cás, is leor vóta tromlaigh de naonúr den dáréag giúróir chun cinneadh a dhéanamh ar an mbreith.

  • Is í an Ard-Chúirt an chúirt iomchuí chun cásanna a éisteacht a bhaineann le héilimh ar dhamáistí breis agus €75,000 (díobháil phearsanta €60,000)
  • Féadann an Ard-Chúirt ceisteanna a éisteacht a bhaineann le bailíocht dlí
  • Feidhmíonn an Ard-Chúirt mar chúirt achomhairc ón gCúirt Chuarda in ábhair shibhialta
  • Tá de chumhacht ag an Ard-Chúirt cinntí na gcúirteanna is ísle uile a athbhreithniú d'athbhreithniú breithiúnach
  • Féadann an Ard-Chúirt rialuithe a thabhairt ar cheist dlí arna cur isteach ag an gCúirt Dúiche agus achomhairc a éisteacht i gcúinsí áirithe eile arna bhforáil ag reacht, .i. maidir le cinntí de chuid na Cúirte Dúiche ar iarratais ar bhannaí
  • Féadann an Ard-Chúirt cinntí Binsí Fiosrúcháin áirithe a athbhreithniú
  • Féadann an Ard-Chúirt cinntí áirithe de chuid comhlachtaí poiblí a athbhreithniú, lena n-áirítear, mar shampla, iad siúd ar ábhair chomhshaoil