Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt achomhairc dheiridh i ngnóthaí sibhialta agus coiriúla.

Cad a tharlaíonn sa Chúirt Uachtarach?

Cad a tharlaíonn sa Chúirt Uachtarach?

Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt achomhairc dheiridh i ngnóthaí sibhialta agus coiriúla. Ní féidir achomhairc a chur isteach ach amháin nuair a thugann an Chúirt cead faoi fhorálacha Airteagail 34.5.3 agus 34.5 den Bhunreacht. Mar sin de, díríonn an Chúirt go príomha ar chásanna ina n-ardaítear ceisteanna tábhachtacha Bunreachta agus dlí a bhfuil torthaí suntasacha ag baint leo do dhaoine aonair agus a bhfuil impleachtaí córasacha leo maidir le riar an cheartais ina iomláine.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar chead achomhairc ó chinneadh de chuid na Cúirte Achomhairc nó na hArd-Chúirte. Ní mór go leagfar amach i d'iarratas go cruinn agus go hachomair mar a mhaíonn tú gur chóir achomharc a cheadú ar bhonn gnó(thaí) dar tábhacht phoiblí agus/nó mar a mhaíonn tú gur chóir achomharc a cheadú ar bhonn leas an cheartais. Más achomharc ó chinneadh de chuid na hArd-Chúirte atá uait, ní mór duit chomh maith na cúinsí eisceachtúla a leagan amach lena gcosnófar achomharc ar a dtugtar achomharc 'léim chun tosaigh'

Ina lán de na cinntí a eisíonn an Chúirt Uachtarach, leagtar amach an t-athrú feidhme a tháinig de bharr an 33ú leasú ar an mBunreacht, is é sin: ".. ní hí feidhm bhunreachtúil [na Cúirte Uachtaraí] a thuilleadh a bheith mar chúirt achomhairc a cheaptar chun earráidí líomhainte a rinne an chúirt trialach a cheartú. Nuair a mhaítear go simplí go bhfuil earráid déanta ag an Ard-Chúirt ar shlí éigin ábharach, leis an réimeas bunreachta atá i bhfeidhm anois tá dlínse bronnta chun a leithéid d'earráid a cheartú de réir mar a chinneann an Chúirt Achomhairc".

Féach tuilleadh eolais sna Cinntí.