Cad a tharlaíonn sa Chúirt Achomhairc?

Achomhairc Choiriúla

Achomhairc Choiriúla

An Chúirt Achomhairc - Coiriúil, éistear inti achomhairc ó chinntí de chuid na Cúirte Cuarda, de chuid na Príomh-Chúirte Coiriúla agus na Cúirte Speisialta Coiriúla.

Tá cumhachtaí na Cúirte leagtha amach san Acht um an gCúirt Achomhairc 2014.  
Tá an nós imeachta á rialú ag Rialacha na Cúirte agus  Treoracha Cleachtais.
Foilsítear breithiúnais na Cúirte ar an suíomh gréasáin seo.

Is iad seo a leanas na cineálacha achomhairc is coitianta:
Má chiontaítear thú as coir nó díotáil, is féidir gné amháin nó an dá ghné thíos a achomharc:

  • Déine na Breithe
  • ​An Ciontú

Féadann Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí (DPP) na gnéithe thíos a achomharc:

  • ​Boige nach gá
  • ​Cinneadh gan atriail a ordú

Féadann an DPP fosta pointe dlí ó thriail a achomharc ar dhíotáil leis an gCúirt Achomhairc. Ós rud é gur ar mhaithe leis an dlí a shoiléiriú do chásanna san am atá le teacht atá sé seo, ní chiallaíonn sé go gcuirfidh an Chúirt breith "neamhchiontach" ar ceal.

Triúr breithiúna a shuíonn chun achomharc a éisteacht ach éisteann Uachtarán na Cúirte Achomhairc (nó breitheamh a ainmníonn an tUachtarán) iarratais ar orduithe nach orduithe deiridh iad sa liosta bainistíocht cásanna agus an Liosta Socraithe Dátaí.

Saolré achomhairc

Saolré achomhairc

Ní mór Fógra Achomhairc a chur faoi bhráid Oifig na Cúirte Achomhairc faoi cheann 28 lá ó dháta na pianbhreithe. Is gá foras a liostú ar an bhfógra achomhairc

Ní mór iarratas ar  Shíneadh Ama a chur isteach fosta má tá an 28 lá caite. Ní thig le hachomharc a chuirtear isteach i ndiaidh na teorann 28 lá dul ar aghaidh go dtí go bpléitear leis an iarratas ar shíneadh ama ar dtús. Is gá foras an achomhairc agus an tsínte ama a liostú ar an iarratas ar Shíneadh Ama.

Ní ordaítear tras-scríbhinní go dtí go bhfaightear foras. A luaithe a chruthaítear an tras-scríbhinn, ní mór í a sheoladh chuig breitheamh na trialach le go ndearbhaítear í. Ní féidir an tras-scríbhinn a dháileadh go dtí go ndearbhaítear í. Ní féidir an tras-scríbhinn a dháileadh roimh dhéileáil le hiarratas ar shíneadh ama. Seoltar an tras-scríbhinn de r-phost saor in aisce má tá Cúnamh Dlí ag an achomharcóir, mura bhfuil tá táille 80c ar gach leathanach.

I measc iarratais eile is gá gach foriarratas agus iarratais ar shíneadh ama a liostú ag Bainistíocht Cáis. Déan teagmháil leis an oifig chun liostú a shocrú.

An páirtí tionscanta a chuireann isteach aighneachtaí bunaithe ar an bhforas a liostaítear san fhógra achomhairc.

Tarlaíonn an Liosta Socraithe Dátaí uair amháin in aghaidh an téarma dlí. A luaithe a fhaigheann an oifig aighneachtaí, iontráiltear achomharc sa chéad Liosta Socraithe Dátaí eile.

Ag an Liosta Socraithe Dátaí, sanntar dáta éisteachta don achomharc.

Achomhairc mhíleata

Achomhairc mhíleata

Gnóthaí Armchúirte

Faoin Acht um an gCúirt Achomhairc 2014, tugadh an dlínse achomhairc a d'fheidhmigh an Armchúirt Achomhairc roimhe seo don Chúirt Achomhairc

Éisteann an Chúirt Achomhairc anois achomhairc ó dhaoine a ciontaíodh in Armchúirt as cionta i gcoinne an dlí mhíleata. Duine ar mian leis/léi achomharc sa Chúirt Achomhairc i gcoinne toraidh agus/nó pianbhreithe, ba chóir dó/di Fógra Achomhairc a thaisceadh (arna shíniú ag an achomharcóir) ar Fhoirm 37  tráth nach déanaí ná 28 lá i ndiaidh dháta fhógairt thoradh agus phianbhreith na trialach armchúirte. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na bhFórsaí Cosanta  

Cuirtear foirmeacha Armchúirte (Cúnamh Dlí) chuig:

Brainse Polasaí Pearsanra
An Roinn Cosanta
Bóthar an Stáisiúin
Droichead Nua
Co. Chill Dara.