Sa Chúirt Achomhairc éistear achomhairc shibhialta ó chinntí de chuid na hArd-Chúirte.

Cad a tharlaíonn sa Chúirt Achomhairc

Cad a tharlaíonn sa Chúirt Achomhairc

Sa Chúirt Achomhairc  éistear achomhairc shibhialta ó chinntí de chuid na hArd-Chúirte. Tá cumhachtaí na Cúirte leagtha amach san Acht um an gCúirt Achomhairc 2014. Is trí Rialacha na Cúirte agus treoracha cleachtais a rialaítear an nós imeachta achomhairc. Cuid mhaith de na breitheanna a thugann an Chúirt, foilsítear ar an suíomh gréasáin seo iad.

Triúr breithiúna a shuíonn i gcomhair éisteacht achomharc sibhialta cé go n-éisteann Uachtarán na Cúirte (nó breitheamh atá ainmnithe ag an Uachtarán) iarratais ar orduithe nach orduithe deiridh iad. An tUachtarán nó breitheamh atá ainmnithe ag an Uachtarán a bhainistíonn liosta na cúirte.