Is sa Chúirt Dúiche a thionscnaítear gach ionchúiseamh coiriúil seachas cionta áirithe a bpléann an Chúirt Choiriúil Speisialta leo (cionta i gcoinne an Stáit de ghnáth).

Tá banna i gceist nuair a iontrálann duine banna scríofa ar a dtugtar fosta cúirtbhanna, ag gealladh go dtiocfaidh siad chun na cúirte leis na cúisimh atá ina c(h)oinne a fhreagairt. Tá banna bunaithe ar an bprionsabal go nglactar leis go bhfuil an cúisí neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt. D'fhéadfaí a chur d'iallach ar dhuine airgead a thaisceadh mar chuid dá b(h)anna.

Cineálacha bannaí

Banna stáisiúin: Is féidir duine a ghabhtar agus a thugtar chuig stáisiún Garda a chúiseamh de bhileog na gcúiseamh agus a scaoileadh saor ar bhanna stáisiúin le teacht i láthair cúirte ar leith ar dháta agus am ar leith. D'fhéadfaí a chur d'iallach ar dhuine airgead a thaisceadh roimh scaoileadh saor ó choimeád na nGardaí.

 

Banna Cúirte Dúiche:  Nuair a thugtar duine os comhair na cúirte, féadann an breitheamh iad a scaoileadh saor ar bhanna agus coinníollacha a chur leis an mbanna. D'fhéadfaí a chur d'iallach ar dhuine airgead a thaisceadh roimh scaoileadh saor ón gcúirt.

Féadann an chúirt a shocrú gur gá urra neamhspleách chun a chinntiú go dtiocfaidh an duine cúisithe chun na cúirte. Is duine é urra neamhspleách a thógann freagracht as teacht an duine chúisithe chun na cúirte. Geallann sé nó sí suim airgid a íoc leis an gcúirt mura dtiocfaidh an duine mar a socraíodh. Ní mór don chúirt an t-urra neamhspleách a fhaomhadh.

Banna Ard-Chúirte:  Nuair a chúisítear duine as tréas, cionta cogaidh, dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg dúnmharaithe nó píoráideacht agus cinemharú, níl de chumhacht ag an gCúirt Dúiche bannaí a thabhairt dóibh. Maidir le cionta áirithe faoi  Acht na gCionta in Aghaidh an Stáit, 1939 agus Acht na Rún Oifigiúil, 1963  ní féidir bannaí a dheonú sa Chúirt Dúiche. Sna cásanna seo, is gá don duine atá cúisithe nó dá (h)ionadaí dlí bannaí a iarraidh san Ard-Chúirt.

Achomharc san Ard-Chúirt

Féadann duine dar diúltaíodh banna sa Chúirt Dúiche achomharc a dhéanamh san Ard-Chúirt. Féadann duine fosta achomharc a dhéanamh san Ard-Chúirt chun méid an bhanna a laghdú nó chun cur i gcoinne coinníoll a bhaineann leis an mbanna a shocraigh an Chúirt Dúiche.

Aisíoc banna

Tugtar airgead banna ar ais nuair a chomhlánaítear an cás sa chúirt agus a chomhlíontar gach coinníoll a shocraigh an chúirt. Ní thugtar ar ais é mura dtagann an duine cúisithe chun na cúirte. Sa chás seo, eistréatar (nó forghéilltear) suim an bhanna.

Mura gcomhlíontar gach coinníoll banna, eiseoidh an breitheamh barántas binse. Leis an mbarántas seo, tá de chumhacht ag an nGarda Síochána tú a ghabháil agus a thabhairt os comhair na cúirte chun na cúisimh uile a bhaineann leis an mbanna a fhreagairt. D'fhéadfadh cúiseamh breise a bheith i do choinne de dheasca sárú banna.