Is sa Chúirt Dúiche a thionscnaítear gach ionchúiseamh coiriúil seachas cionta áirithe a bpléann an Chúirt Choiriúil Speisialta leo (cionta i gcoinne an Stáit de ghnáth).

Is sa Chúirt Dúiche a thionscnaítear gach ionchúiseamh coiriúil seachas cionta áirithe a bpléann an Chúirt Choiriúil Speisialta leo (cionta i gcoinne an Stáit, de ghnáth). Is i gcatagóir amháin de thrí chatagóir atá gach cion:

  1. Achomair: cion ar féidir le breitheamh ina s(h)uí gan giúiré plé leis. Is sa Chúirt Dúiche i gcónaí a bpléitear le bunús gach cion trácht bóthair (amhail iad siúd a bhaineann le tiomáint róthapa, páirceáil agus árachas) agus cionta ord poiblí.
     
  2. Indíotáilte:  cion ar iondúil go dtriailtear é os comhair breithimh agus giúiré.
     
    1. Tá roinnt cionta indíotáilte nach bpléann an Chúirt Dúiche riamh leo - m.sh. dúnmharú agus éigniú. Cuirtear tús leo sa Chúirt Dúiche ach cuirtear ar aghaidh iad chuig cúirt is airde le haghaidh trialach/pianbhreithe.
    2. Is féidir plé le cionta indíotáilte eile sa Chúirt Dúiche ar acht go gcloítear le nósanna imeachta áirithe (féach thíos).
       
  3. Hibrideach: cion ar féidir plé leis sa Chúirt dúiche (go hachomair) nó i gcúirt is airde (indíotáilte). Deirtear sa reachtaíocht na difríochtaí idir pianbhreitheanna  ciontú achomair nó indíotáilte.