Chun a chur in iúl go foirmiúil don ghearánaí (an té ag tionscnamh an cháis) agus don chúirt go bhfuil sé beartaithe agat an cás a chosaint déanann tú 'láithreas a thaifeadadh' i ndiaidh gur seirbheáladh toghairm ort.

Cás a chosaint

Chun a chur in iúl go foirmiúil don ghearánaí (an té ag tionscnamh an cháis) agus don chúirt go bhfuil sé beartaithe agat an cás a chosaint déanann tú 'láithreas a thaifeadadh' i ndiaidh gur seirbheáladh toghairm ort.

 

Is doiciméad é láithreas (ar a dtugtar Meamram Láithris Ginearálta) nach mór dó a bheith san fhormáid atá leagtha amach in Ordú 12 de Rialacha na nUaschúirteanna.  Mura bhfuil ionadaíocht aturnae agat, is féidir an láithreas a chur sa phost, lena n-áirítear cóipeanna agus clúdach ar a bhfuil stampa agus seoladh, chuig Príomh-Oifig na hArd-Chúirte. Aturnae amháin a fhéadann láithreas a thaifeadadh do chomhlacht, ach go bhfaightear cead na Cúirte. Is féidir Láithreas Coinníollach a thaifeadadh chun dúshlán a thabhairt i leith na dlínse (tír) ina n-éistfear na himeachtaí.

Chun láithreas a thaifeadadh ba chóir duit na nithe seo a leanas a chinntiú:

    •    Ar chuir tú isteach na táillí cearta?

  • An bhfuil an láithreas san fhormáid cheart?
  • Ar chuir tú isteach trí chóip de do láithreas? - cuirfear dhá cheann ar ais chugat
  • Más á chur sa phost, ar chuir tú isteach clúdach ar a bhfuil stampa agus clúdach?
  • Ar chuimsigh tú uimhir thaifid do cháis sa chúinne uachtair ar dheis? - mar shampla, 2014/0000 P

Ní mór duit an doiciméad láithris a sheirbheáil ar aturnae an ghearánaí nó ar an ghearánaí féin mura bhfuil aturnae ag an ngearánaí. Is féidir an láithreas a sheirbheáil sa phost ar an aturnae nó ar an ngearánaí féin.

Má sheirbheáiltear toghairm iomlánach ort, ba chóir go n-iarrfaí i do láithreas go seolfaí 'ráiteas éilimh' chugat.

Malartú doiciméad sula mbíonn an cás réidh chun trialach

Malartaítear roinnt doiciméad idir na páirtithe sular féidir dáta éisteachta a thabhairt do chás. Ní chuirtear isteach chun na Príomh-Oifige iad ach caithfear iad a chuimsiú leis na doiciméid don bhreitheamh lá na héisteachta.

D'fhéadfadh sé fosta gur ghá iarratais a thabhairt os comhair na cúirte roimh éisteacht do cháis. Is le tionscnamh réamhordaithe faoi fhoras mionnscríbhinne a eisítear na hiarratais seo.

Murar tharla aon rud i do chás le breis agus 12 mhí agus más mian leat iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte, beidh ort fógra rúin a sheirbheáil ar an bpáirtí eile go bhfuil tú le dul ar aghaidh agus fanacht ar feadh tréimhse míosa roimh aon doiciméad eile a chur isteach.