An Breitheamh Denis McDonald  a rinne staidéar ar an dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath mar ar bhain sé céim amach in 1984. Bhain sé céim Abhcóide-sa-Dlí amach ó Óstaí an Rí in 1986 agus chuaigh i mbun cleachtais an bhliain chéanna. Glaodh é chun an Bharra Laistigh é i nDeireadh Fómhair 2000. Is i réimsí na seansaireachta agus sa dlí tráchtála is mó a chleacht sé. I nDeireadh Fómhair 2010, cheap Gobharnóir an Bhainc Ceannais é ina chathaoirleach ar Phainéal Táthcheangail, ról a bhí aige go dtí Aibreán 2018. Toghadh é ina bhinseoir de chuid Óstaí an Rí i nDeireadh Fómhair 2017. Ceapadh é san Ard-Chúirt in Aibreán 2018. Tá sé ina bhreitheamh de chuid na Cúirte Tráchtála ó bhí Deireadh Fómhair 2018 ann.

An Breitheamh Michael Twomey a ceapadh ina bhreitheamh de chuid Ard-Chúirt na hÉireann i mí Eanáir 2016 agus a bhfuil formhór a chuid ama caite aige ag suí sa Rannóg Thráchtála. Rinne sé staidéar ar an dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, Ph.D sa dlí age ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, ina Thaighdeoir ar Cuairt ar Scoil Dlí Harvard agus ina léachtóir le dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Toghadh é ina bhinseoir de chuid Óstaí an Rí in 2016 agus is eadránaí creidiúnaithe é le CEDR. Sular ceapadh san Ard-Chúirt é, chleacht sé an dlí tráchtála agus speisialtacht aige sa dlí comhpháirtíochta agus é ina chomhairleoir ag Law Commission of England & Wales agus an Scottish Law Commission maidir lena gcomh-Thuarascáil ar an Dlí Comhpháirtíochta. Is é údar Twomey on Partnership (2ú eag, 2020) é, príomhthéacs dlí comhpháirtíochta na hÉireann.

An Breitheamh Michael Quinn a ceapadh ina bhreitheamh de chuid Ard-Chúirt na hÉireann in 2018. Tá sé sannta don Rannóg Thráchtála agus chun gnóthaí scrúdaitheoireachta agus dócmhainneachta a éisteacht faoi Acht na gCuideachtaí 2014. Tá sé ina bhinseoir de chuid Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath. Sular ceapadh é, chleacht sé mar aturnae a raibh speisialtacht aige in athstruchtúrú agus dócmhainneacht chorparáideach agus é ina eadránaí creidiúnaithe CEDR. Tá sé ina iar-Uachtarán ar INSOL (Cumann Cleachtóirí Dócmhainneachta na hEorpa) agus ina Chomh-Chathaoirleach ar Rannóg Bhreithiúnach INSOL na hEorpa. Tá sé ina chomhalta de Bhord Comhairleach Thionscadal AE ar Chomhoibriú Breithiúnach i gcomhair Téarnamh Eacnamaíochta san Eoraip. Bhí sé ina bhall bunaidh agus ina Chathaoirleach ar Chumann Cleachtóirí Dócmhainneachta na hÉireann.

Breitheamh Mark Sanfey a ceapadh ina bhreitheamh den Ard-Chúirt i mí na Nollag 2019. Sannadh chuig an gCúirt Tráchtála é i mBealtaine 2022, tar éis dó a bheith sannta don Rannóg Seansaireachta roimhe seo, agus bhí sé ina bhreitheamh i bhfeighil an liosta um Dhócmhainneacht Phearsanta ó Eanáir 2020 go dtí Bealtaine 2022, agus tá sé i gceannas ar an liosta Féimheachta ó shin i leith. Rinne sé staidéar ar an dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus bhain sé céim amach in 1982, agus glaodh chun an Bharra é in 1987, tar éis dó céim Abhcóide a bhaint amach in Óstaí an Rí. Rinneadh Abhcóide Sinsearach de in 2004, agus chleacht sé go príomha i réimsí an dlí tráchtála, tógála agus dócmhainneachta. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Comhlachas Barra Tógála na hÉireann, agus bhí sé ina Chathaoirleach ar an eagraíocht sin ó 2013 go dtí 2018. Is comhúdar é ar “Bankruptcy Law and Practice” (Round Hall, an 2ú heagrán, 2010).

Tá roinnt Cláraitheoirí sannta go príomha don Chúirt Tráchtála: Nina Brennan, Marianne White and Rebecca Moynihan.  Is baill foirne de chuid na Seirbhíse Cúirteanna iad atá sannta don Ard-Chúirt.