Nuair a thionscnaíonn institiúid airgeadais imeachtaí chun maoin a shealbhú, ní mór di doiciméad cúirte a eisiúint ar a dtugtar ‘Bille Sibhialta um Shealbhú’ in Oifig na Cúirte Cuarda sa chontae mar a bhfuil an mhaoin suite.

Bíonn eolas ginearálta ar thosach an bhille shibhialta faoin tslí a rachfar i mbun an cháis, lena n-áirítear an dáta, am agus ionad na cúirte mar a liostófar céad éisteachta an cháis. Tugtar 'an dáta fillte' ar an dáta seo agus is gá duit suntas ar leith a thabhairt dó.

Ní mór don institiúid airgeadais an bille sibhialta a sheirbheáil ort roimh an dáta fillte. Féadann Seirbheálaí Toghairme é seo a dhéanamh nó is féidir é a sheoladh chugat de phost cláraithe.

Is iondúil go ngabhann mionnscríbhinn le bille sibhialta - doiciméad a mhionnaíonn an institiúid airgeadais ina leagtar amch an t-éileamh atáthar a dhéanamh i do choinne.

 

Láithreas agus cosaint

Mura bhfuil tú ag toiliú ordú a dhéanamh chun do mhaoin a shealbhú, ba chóir duit smaoineamh ar dhul i dteagmháil le foireann MABS nó ISI i dteach na cúirte chun do chás a phlé (mura bhfuil sé déanta agat cheana).

Má chinneann tú cur i gcoinne na n-imeachtaí, ní mór duit doiciméad ar a dtugtar 'Láithreas' a chomhlánú agus a chur isteach faoi cheann 10 lá den bhille sibhialta a fháil.

Ba chóir duit mionnscríbhinn a chur isteach (a thaisceadh in oifig na Cúirte Cuarda) fosta ina bhfuil freagra ar na héilimh atá an institiúid airgeadais a dhéanamh i do choinne ar a laghad ceithre lá roimh do dháta cúirte.

Ba chóir duit trí chóip a thabhairt leat den láithreas comhlánaithe nó a sheoladh chuig oifig na cúirte inar eisíodh na himeachtaí. Cuirfear cóip amháin i gcomhad na cúirte agus tabharfar an péire eile ar ais duit.

Ní mór cóip díobh seo a sheirbheáil ar na haturnaetha atá ina n-ionadaithe ag an institiúid airgeadais atá i mbun imeachtaí i do choinne agus ba chóir duit an chóip eile a choinneáil.

Níl aon táille i gceist chun foirm láithris a thaisceadh.

Má chreideann tú go mbaineann earráidí teicniúla nó deacrachtaí tromchúiseacha leis na himeachtaí agus más mian leat iad a chosaint, is gá duit doiciméad eile a réiteach ar a dtugtar 'Cosaint'.

Leagtar amach ann an foras nár chóir don chúirt an t-ordú a dhéanamh i bhfabhar na hinstitiúide airgeadais. Ní mór é seo a sheirbheáil ar aturnaetha na hinstitiúide airgeadais faoi cheann 10 lá den láithreas a sheirbheáil orthu.

Ní cás coitianta é go dtiocfadh cosaint aníos agus, mar sin, is ríthábhachtach go n-iarrann tú comhairle dlí má tá rún agat cosaint a eisiúint.

Cinneadh / Ordú Cúirte

Bunaithe ar an eolas a chuirtear i láthair, féadann an breitheamh/cláraitheoir contae:

  • an t-ordú sealbhaithe a dheonú
  • an cás a chaitheamh amach nó a dhíbhe, nó
  • an cás a chur ar atráth chun am a thabhairt duit féin agus do d'institiúid airgeadais teacht ar chomhaontú.

 

Féadann an chúirt ordú sealbhaithe a dheonú le 'bac' nó gan é.

Cuireann 'bac' moill ar orduithe teacht i bhfeidhm ar feadh tamaill. Nuair a dheonaíonn cúirt bac, ar feadh sé mhí mar shampla, ní féidir leis an institiúid airgeadais féachaint leis an maoin a shealbhú ná a dhíol ar feadh sé mhí ar a laghad. Mura ndeonaítear bac, féadann an institiúid airgeadais féachaint leis an maoin a shealbhú a luaithe a dhréachtófar an t-ordú sealbhaithe.

Nuair a dhéanann an breitheamh a c(h)inneadh, éist go cúramach leis na fáthanna a thugtar agus scríobh síos na horduithe a dhéantar.

Is tábhachtach go dtuigeann tú an cinneadh atá déanta ag an gcláraitheoir contae/breitheamh faoi do chás sula bhfágann tú an seomra cúirte. Mura dtuigeann, ná bíodh leisce ort ceist a chur. Is féidir a iarraidh go ndéantar na horduithe a athrá, má théann aon cheann amú ort.

A luaithe a dhéantar orduithe, tá do chás thart agus cead agat imeacht. Dréachtóidh cláraitheoir/cléireach na cúirte an t-ordú cúirte agus cuirfear é chuig an aturnae a ghníomhaíonn ar son na hinstitiúide airgeadais.

Achomhairc

Is féidir achomhairc i leith chinntí an chláraitheora contae a chur faoi bhráid breitheamh Cúirt Chuarda.

Is féidir achomhairc i leith cinntí breitheamh Cúirt Chuarda a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte.

Féadann d'oifig chúirte áitiúil eolas a thabhairt ar an nós imeachta ach de ghnáth, baineann sé le 'fógra foriarratais' faoi thacaíocht 'mionnscríbhinne'.