Is córas é an tAthbhreithniú Breithiúnach trínar féidir iarratas a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte chun dúshlán próisis chinnteoireachta comhlachtaí riaracháin agus cúirteanna íochtaracha a tabhairt.

Tá fáil ar Rialacha na hArd-Chúirte a bhaineann le hathbhreithniú breithiúnach in Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Is iad seo a leanas na cineálacha sainiúla faoisimh is féidir a iarraidh:

  • Certiorari - cinneadh a chur ar neamhní
  • Mandamus - iallach a chur dualgas a chomhlíonadh
  • Toirmeasc – cosc a chur ar ghníomh
  • Dearbhú – dearbhú breithimh a iarraidh ar chearta na bpáirtithe
  • Urghaire – cosc a chur ar ghníomh nó iallach a chur gníomh a dhéanamh

 

Chun cás athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh, is ga trí dhoiciméad: ráiteas ar fhoras, mionnscríbhinn dheimhnithe agus duillín ex parte. Ba chóir dóibh seo uile a bheith ar pháipéar A4. Ní mór duit an ráiteas ar fhoras agus an mhionnscríbhinn dheimhnithe a chur faoi bhráid Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte. Tugtar an duillín ex parte don chláraitheoir cúirte nuair a dhéantar an t-iarratas sa chúirt.

Ba chóir go gcuimseofaí leis an Ráiteas ar Fhoras na nithe seo a leanas:

  • Ainm, seoladh agus cur sios ar an Iarratasóir
  • Faoisimh atáthar a iarraidh agus an foras ar a n-iarrtar an faoiseamh
  • Ainm agus áit chláraithe ghnó na n-aturnaetha nó i gcás iarratasóra phearsanta, seoladh seirbhíse an iarrtasóra

Mionnscríbhinn

Ba chóir go ndearbhófaí sa mhionnscríbhinn na fíorais sa ráiteas agus go gcomhlíonfadh sí na treoracha ar mhionnscríbhinní agus I.R. 310 2018.

 

Duillín Ex parte

Ba chóir go gcomhlíonfadh an duillín ex parte Treoir Cleachtais na hArd-Chúirte Uimh. 59.

Táillí

Ní mór an ráiteas ar fhoras, an mhionnscríbhinn deimhnithe agus an duillín ex parte a bheith stampáilte leis an táille cúirte chuí nuair is infheidhme.

Déantar iarratais ar Athbhreithniú Breithiúnach (seachas gnóthaí tearmainn agus forbairt bonneagar straitéiseach thíos) Dé Luain le linn an téarma dlí. Ní mór cóip de na páipéir a thacaíonn leis an iarratas a fhágáil i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte faoina 11.00 maidin an iarratais.  Ansin, déanann an t-iarratasóir iarratas ex parte leis an gcúirt cur isteach ar athbhreithniú breithiúnach.

Má dheonaítear iarratas, ní mór don iarratasóir foriarratas tionscnaimh, nó toghairm iomlánach a eisiúint, cibé is iomchuí, don fhaoiseamh substainteach atá á iarraidh. Tabharfaidh an Chúirt dáta fillte i gcomhair an tionscnaimh réamhordaithe.

Ní féidir an foriarratas seo a eisiúint go dtí go bhfoirbhítear an t-ordú lena dtugtar cead iarratais. Ní mór an foriarratas seo a eisiúint faoi cheann seacht lá de dháta foirbhithe an ordaithe (an dáta a síníonn an cláraitheoir cúirte an t-ordú) ach amháin go sainítear san ordú teorainn ama eile. D'fhéadfaí treoracha breise a thabhairt san ordú.

Nuair a bhíonn an foriarratas tionscnaimh á chur isteach, ní mór duit cóip den ordú agus den ráiteas ar fhoras a chur i láthair.

Ní hionann cead iarratais a thabhairt ar athbhreithniú breithiúnach agus bac - má theastaíonn bac, ní mór iarratas sainiúil a dhéanamh ina leith. Má thoilítear bac gan an tionscadal réamhordaithe a eisiúint laistigh den am forordaithe, tá an bac caite.

 

Athbhreithniú Breithiúnach ar Thearmann

Féach Treoir ar Chleachtas 81 agus Fógra Ginearálta 20ú Feabhra 2020.

Forbairtí Bonneagair Straitéisigh

Ní mór gach iarratas ar athbhreithniú breithiúnach maidir le toilithe nó cinntí a bhaineann le forbairtí bonneagair straitéisigh a dhéanamh leis an mbreitheamh sannta gach Déardaoin le linn an téarma. Féach tuilleadh mionsonraí i dTreoir Chleachtais HC74.